Bearta trédhearcachta
An 20 Bealtaine 2021, shínigh an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún Comhaontú Idirinstitiúideach lenar chuir siad Clár Trédhearcachta AE éigeantach ar bun.
Faoi fhorálacha an chomhaontaithe idirinstitiúidigh sin, cláraíonn ionadaithe sainleasa ar shuíomh gréasáin an Chláir Trédhearcachta ar bhonn deonach. Más mian leo rochtain a bheith acu ar institiúidí an Aontais, áfach, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé éigeantach de facto dóibh clárú leis an gClár Trédhearcachta, i ngeall ar choinníollacha atá glactha ag institiúidí an Aontais.
Eisiatar roinnt gníomhaithe ó raon feidhme Chlár Trédhearcachta an Aontais, amhail údaráis phoiblí na mBallstát ar an leibhéal náisiúnta agus fonáisiúnta nó comhlachais agus líonraí d’údaráis phoiblí ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal fonáisiúnta. Chomh maith leis sin, ní gá d’fhoireann ná do bhaill d’institiúidí an Aontais clárú le Clár Trédhearcachta an Aontais. Thairis sin, eisiatar gníomhaíochtaí áirithe ó raon feidhme Chlár Trédhearcachta an Aontais, amhail cásanna ina nach bhfuil ach acmhainneacht tionchair indíreach ag an ngníomhaí, e.g. nuair a rannchuidíonn saineolaí le hobair an rapóirtéara, nó nuair a chuirtear rannchuidiú ar fáil trí phróiseas comhairliúcháin oifigiúil leis na geallsealbhóirí.
Sa chomhthéacs sin, ó mhí Eanáir 2024 ar aghaidh, beidh feidhm ag roinnt bearta trédhearcachta freisin maidir le comhaltaí CnaR.
I bhfianaise ról comhairleach an Choiste laistigh de leagan amach na n-institiúidí Eorpacha, lena gcuirtear ar chumas na n-údarás fonáisiúnta páirt a ghlacadh i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh, dírítear leis na bearta sin ar na catagóirí de chomhaltaí a bhfuil an tionchar is dáiríre, is dírí agus is sonraí acu ar phróiseas cinnteoireachta an Aontais, eadhon:
- comhaltaí i seilbh oifige a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an gclár oibre polaitiúil (an tUachtarán agus an Chéad Leas-Uachtarán, Cathaoirligh na nGrúpaí Polaitiúla, Cathaoirligh an Choimisiúin);
- rapóirtéirí ar féidir leo sprioc tuairime/tuarascála a threorú agus a leasuithe féin a chur isteach (leasuithe a bhfuil tosaíocht acu ar leasuithe eile).
Cuimsítear an méid seo a leanas sna bearta trédhearcachta atá glactha ag CnaR:
- cuireadh chuig comhaltaí agus rapóirtéirí atá i seilbh oifige bualadh le hionadaithe sainleasa atá cláraithe leis an gClár Trédhearcachta, agus na hionadaithe sainleasa sin amháin, agus na páirtithe leasmhara a spreagadh chun clárú leis an gClár sin;
- an oibleagáid atá ar chomhaltaí atá i seilbh oifige agus ar rapóirtéirí aon chruinniú a bheidh acu ina gcáil mar chomhalta den Choiste le hionadaithe leasmhara a fhoilsiú ar líne; foilseofar sonraí maidir leis na cruinnithe sin ar leathanach an chomhalta lena mbaineann, faoin rannán Leathanach na gComhaltaí ar shuíomh gréasáin CnaR;
- an deis a thabhairt do rapóirtéirí lorg reachtach deonach a chur i gcomhad tuairime/tuarascála, lena mbunaítear liosta neamh-uileghabhálach d’eagraíochtaí agus de dhaoine aonair a rannchuidigh le hobair an rapóirtéara agus an tuarascáil nó an tuairim á tarraingt suas.
Is féidir le hionadaithe sainleasa a dhéanann caidreamh le comhaltaí an Choiste faoi fhorálacha Chlár Trédhearcachta an Aontais tuilleadh eolais a fháil faoi phróiseáil a sonraí pearsanta sna Fógraí Cosanta Sonraí gaolmhara a bhaineann le cruinnithe le hionadaithe leasmhara a fhoilsiú agus le lorg reachtach a fhorbairt.
Rochtain ar dhoiciméid
Cinneadh Uimh. 18/2020 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Choiste na Réigiún
I gCinneadh Uimh. 18/2020 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid Choiste na Réigiún cumhdaítear go sainráite na prionsabail agus na teorainneacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 agus leagtar síos freisin an nós imeachta maidir le rochtain ar dhoiciméid de chuid an Choiste a iarraidh.
Maidir le doiciméid an Choiste atá luaite sa liosta atá i gceangal le Cinneadh Uimh. 18/2020, beidh rochtain dhíreach ag na saoránaigh orthu trí chlár leictreonach na ndoiciméad. D’fhéadfaí doiciméid eile a chur san áireamh i gclár na ndoiciméad seo freisin.
Arna iarraidh sin, is féidir leis na saoránaigh rochtain ar aon doiciméid eile a iarraidh, faoi réir na dteorainneacha atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.
Ní mór iarratais a dhéanamh ar bhealach sách beacht agus, go háirithe, ní mór faisnéis a bheith sna hiarratais sin lenar féidir an doiciméad nó na doiciméid a iarrtar a shainaithint mar aon le hainm agus sonraí teagmhála an iarratasóra. Níl sé d’oibleagáid ar an iarratasóir, áfach, na cúiseanna leis an iarratas a lua (ach amháin i gcásanna áirithe a bhaineann le rochtain ar shonraí pearsanta). Ní mór don Choiste a admháil go bhfuarthas an t-iarratas a luaithe a chláraítear é agus freagra a thabhairt laistigh de 15 lá oibre ón tráth a cláraíodh é (d’fhéadfaí 15 lá oibre a chur leis an spriocdháta seo ar bhonn eiseachtiúil).
Má dhiúltaíonn an Coiste rochtain ar an doiciméad a iarrtar go hiomlán nó go páirteach, ní mór dó forais an diúltaithe sin a lua. Beidh 15 lá oibre ag an iarratasóir chun iarratas daingniúcháin a dhéanamh. Ina dhiaidh sin, beidh 15 lá oibre ag an gCoiste arís (le síneadh féideartha 15 lá oibre sa bhreis) chun freagra a thabhairt.
Má dhiúltaíonn an Coiste rochtain iomlán a dheonú fós ar an doiciméad a iarradh tar éis iarratas daingniúcháin a fháil, féadfaidh an t-iarratasóir imeachtaí cúirte a thionscnamh i gcoinne an Choiste agus/nó gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach.
Mura bhfuil tú in ann doiciméad a aimsiú i gclár leictreonach na ndoiciméad, is féidir leat iarratas ar rochtain ar an doiciméad sin a chur isteach tríd an nasc thíos.
Doiciméad a iarraidh
Chun rochtain ar dhoiciméad a iarraidh, líon isteach an fhoirm seo a leanas agus roghnaigh ‘Rochtain ar Dhoiciméid’.