Poist

In CnaR, beidh deis agat aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bheidh roimh an Aontas amach anseo agus, ag an am céanna, beidh rath ort i dtimpeallacht oibre chairdiúil ina n-urramaítear éagsúlacht an duine agus ina bhfeabhsaítear cruthaitheacht an duine aonair.

European Committee of the Regions
© Atelier Paul Noel sprl and Art& Build s.a.

Ar an leathanach seo

#ShapingEuropeTogether

Dúshláin uaillmhianacha

Éagsúlacht uathúil

Bainistiú tallainne

Na deiseanna fostaíochta atá againn faoi láthair

An leibhéal áitiúil agus réigiúnach a chumhachtú

Is é Coiste Eorpach na Réigiún guth réigiúin agus chathracha an Aontais Eorpaigh. Níl aon sráidbhaile, baile ná cathair ró-fhada uainn chun é a thabhairt níos gaire do phobal pholaitíocht an Aontais.

Trí pholaiteoirí tofa áitiúla agus réigiúnacha a chumhachtú chun reachtaíocht an Aontais a mhúnlú, saothraímid ár misean Aontas a chruthú atá níos gaire dá shaoránaigh agus bunaithe ar a riachtanais.

Ach dul isteach in CnaR, cuideoidh tú le háit iontach a dhéanamh den Eoraip chun cónaí inti.

Cuir aithne ar mhuintir Choiste na Réigiún

Oibríonn foireann CnaR gan stad gan staonadh ar son ghuth réigiúin agus chathracha na hEorpa. Ach cad é an deis níos fearr chun éisteacht le do chomhghleacaithe amach anseo chun a fháil amach cén chuma atá ar lá in CnaR?

‘Ba é an rud a tharraing mé ar an gCoiste an teagmháil le hionadaithe tofa áitiúla, a bhí ag obair in institiúid pholaitiúil a fheidhmíonn ar bhealach comhchosúil le Parlaimint na hEorpa, ach a bhfuil bonn ceart aici sa réimse, agus a fhéachann leis an domhan a athrú ó bhonn bunaithe ar fhíorthaithí nithiúla.’

Delphine LANGLOIS

‘Is áit bheag dhinimiciúil é CnaR agus spreagtar an fhoireann i gcónaí chun smaointe nua a thabhairt isteach — dár n-eagrúchán inmheánach agus tionchar a imirt ar reachtaíocht an Aontais. Dar liomsa, is í an t-aon institiúid de chuid an Aontais a nascann thú leis an bpolaitíocht mhór sa Bhruiséil agus leis na céadta cinnteoirí ó áiteanna móra agus beaga ar fud na hEorpa.”

Klaus BOELE

‘Is timpeallacht fhíordhinimiciúil spreagúil é Coiste na Réigiún. Bíonn dúshláin agus deiseanna nua fáis ann gach lá. Agus intinní nuálacha agus foireann thacúil timpeall orthu, tá iarracht leanúnach ann rannchuidiú agus forbairt. Is áit é ina spreagtar cruthaitheacht, comhoibriú agus smaointe réamhbhreathnaitheacha i ndáiríre.’

Marios Skoulas

Pobal ilchultúrtha, dinimiciúil agus éagsúil

Ar feadh do chonaire gairmiúla, is féidir leat brath i gcónaí ar thacaíocht a fháil ó phobal saineolaithe atá beag ach ilchultúrtha, dinimiciúil agus éagsúil. A bhuíochas le cur chuige trasearnálach i leith cuspóirí, beidh deis agat eolas a roinnt le comhghleacaithe a léiríonn a gcúlraí saibhre éagsúlacht agus acmhainneacht ollmhór an Aontais.

Mar fhostóir, ní dhéanann CnaR idirdhealú ar aon fhoras amhail gnéas, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh. Tabharfar an deis chéanna duit do chumas a léiriú le linn na bpróiseas roghnúcháin.

Inrochtaineacht

Tá Coiste Eorpach na Réigiún tiomanta don éagsúlacht, don chothromas agus don chuimsiú a chur chun cinn. Déanaimid ár ndícheall ár bhfógraí folúntais agus ár n-éileamh ar shuimeanna a dhéanamh éasca le léamh agus inrochtana do chách, de réir threoirlínte inrochtaineachta Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh.

Tá sé mar aidhm againn freisin freastal réasúnta a dhéanamh le linn an phróisis earcaíochta agus san ionad oibre do dhaoine faoi mhíchumas. Má tá ceisteanna agat nó má theastaíonn socruithe speisialta uait chun páirt iomlán a ghlacadh inár bpróiseas roghnúcháin, déan teagmháil linn ag recruitment@cor.europa.eu.

Dálaí oibre buntáisteacha

In CnaR, déanaimid cothromaíocht idir an gá atá le húsáid éifeachtúil a bhaint as ár n-acmhainní agus beartais nua-aimseartha acmhainní daonna a chuireann ar chumas ár bhfoirne réiteach a dhéanamh idir an saol gairmiúil agus an saol pearsanta.

Cuirimid dálaí oibre ar ardchaighdeán ar fáil chun timpeallacht oibre atá fónta agus sláintiúil a chinntiú.

Straitéis um Bainistiú Comhtháite Tallainne

Ní post saoil atáimid a thairiscint ach poist éagsúla feadh do shaoil oibre. Trínár Straitéis um Bainistiú Comhtháite Tallainne, tugaimid deis duit foghlaim agus fás.

Socruithe solúbtha oibre & Saoire agus laethanta saoire

Uaireanta oibre solúbtha, obair pháirtaimseartha agus teilea-obair

24 lá saoire (saoire bhliantúil) móide laethanta saoire poiblí. Faoi réir coinníollacha, tá laethanta breise ann freisin chun taisteal i dtreo na háite tionscnaimh.

Tacaíocht do chúram leanaí

Chun dea-bhail a chothú i measc na mball foirne, cuireann an tSeirbhís um Ghníomhaíochtaí Sóisialta sraith seirbhísí ar fáil don fhoireann agus dá dteaghlaigh (saoráidí cúraim leanaí — naíolanna, scoileanna Eorpacha, cúram leanaí tar éis na scoile, cúram leanaí saoire, etc.)

Seirbhís do theaghlaigh

Oifig fáiltithe, Seirbhís Shóisialta, cúrsaí teanga do chomhpháirtithe, etc.

Beartas sláinte agus folláine

Seirbhís leighis, Clár um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair, cothú, dearadh oifige eirgeanamaíochta, etc.

Imeachtaí sóisialta agus cultúrtha

Is maith linn an saol sóisialta! Faigheann tú go leor deiseanna chun líonrú a dhéanamh. Tá imeachtaí sóisialta eile againn freisin — páirtithe agus imeachtaí na foirne ina gcuirtear fáilte romhat féin agus roimh do theaghlach i gcónaí, imeachtaí cultúrtha, taispeántais, comhdhálacha ar ábhair shuimiúla, etc.

Gairmréim i gCoiste na Réigiún

Is oifigigh den chuid is mó a earcaítear ar ár bhfoireann trí na painéil ó chomórtais ghinearálta arna n-eagrú ag an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne. In imthosca áirithe, áfach, féadfaidh Coiste Eorpach na Réigiún foireann shealadach nó foireann ar conradh a fhostú freisin.

Tá ár gcoinníollacha oibre agus conarthacha bunaithe ar na Rialacháin Foirne (SR) agus ar Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach (CEOS).

Nós imeachta

Braitheann an próiseas chun iarratas a dhéanamh ar phost sa Choiste ar an gcineál conartha. Chun go n-earcóidh institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh mar oifigeach thú, áfach, ní mór duit nós imeachta comórtais a leanúint a bhféadfadh roinnt trialacha labhartha agus scríofa a bheith i gceist leis.

Tuilleadh eolais

An bhfuil an uaillmhian agat #ShapingEurope

Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin EU Careers, áit ar féidir leat cuardach a dhéanamh ar an mbunachar sonraí de dheiseanna fostaíochta atá ar fáil le haghaidh poist bhuana agus shealadacha, poist do ghníomhairí ar conradh, tréimhsí oiliúna agus iasachtaí in institiúidí agus i nGníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh san áireamh

Bí dár leanúint!

#EUcareers

#ShapingEuropeTogether