Uachtarán CnaR
Is polaiteoir, eacnamaí agus oifigeach poiblí Ungárach í Kata Tüttő a bhfuil breis agus scór bliain de thaithí aici ar an rialtas áitiúil, ar an gceapadh beartas ar an leibhéal Eorpach agus ar an inbhuanaitheacht uirbeach. Ó mhí Feabhra 2025 go dtí samhradh 2027, beidh sí ina hUachtarán ar Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR), institiúid a dhéanann ionadaíocht ar na rialtais áitiúla agus réigiúnacha i ngach Ballstát de chuid an Aontais. Faoi cheannaireacht an Uachtaráin Tüttő, díreoidh CnaR ar ról na gcathracha agus na réigiún a neartú a fhad a bhaineann le todhchaí an Aontais Eorpaigh a chinneadh agus le comhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach an Aontais. Is comhalta de Chomhairle Cathrach Bhúdaipeist fós í.
Toghann Tionól Iomlánach an Choiste an tUachtarán agus an Chéad Leas-Uachtarán a bheidh air uair amháin gach dhá bhliain go leith. Déanann an tUachtarán ionadaíocht ar an gCoiste agus stiúrann sé/sí obair an Choiste. I gcás nach mbeidh an tUachtarán i láthair nó mura mbeidh ar a chumas / a cumas a bheith i láthair, glacfaidh an Chéad Leas-Uachtarán nó Leas-Uachtarán eile an ról sin air nó uirthi féin.
Cuir aithne ar Kata Tüttő
Roimhe seo, ba leasmhéara Bhúdaipeist í Kata Tüttő idir 2019 agus 2024, agus é de chúram uirthi maoirseacht a dhéanamh ar na réimsí seo a leanas: an t-oiriúnú don athrú aeráide, bainistiú dramhaíola agus uisce, iompar poiblí, agus seirbhísí fóntais. Bhí ról mórthábhachtach aici i dtaca le cathair níos inbhuanaithe agus níos athléimní a dhéanamh de Bhúdaipeist, agus chuir sí go mór ar son infheistíochtaí glasa agus na forbartha uirbí cuimsithí. Faoi láthair, tá sí ina cathaoirleach ar bhord maoirseachta Chuideachta Oibreacha Uisce Bhúdaipeist agus ar Chuideachta Oibreacha Camrais Bhúdaipeist, dhá chuideachta atá faoi úinéireacht phoiblí.
Le fada an lá, is urlabhraí í Kata Tüttő ar son gníomhaíochtaí a dhéanann leas na haeráide agus bhí sí ina cathaoirleach ar an gCoimisiún um an gComhshaol, Athrú Aeráide agus Fuinneamh (ENVE) in CnaR tráth agus ina rapóirtéir do phríomhthuairimí a bhaineann leis an gComhaontú Glas don Eoraip, le Cúnant na Méaraí, leis an aeráid agus an comhionannas inscne, leis an ngeilleagar ciorclach agus leis an mbochtaineacht fuinnimh. Rinne sí ionadaíocht thar ceann CnaR ar chruinnithe mullaigh domhanda maidir leis an aeráid, ina measc Comhdhálacha na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP27 agus COP28). Ó 2022 i leith, tá ionadaíocht á déanamh ag Kata Tüttő ar Pháirtí Sóisialach na hUngáire (MSZP) mar chuid d’Uachtaránacht PSE agus tá sí ina comhalta boird den Chomhghuaillíocht Fhorásach.
Tá céimeanna acadúla san eacnamaíocht, sa chaidreamh idirnáisiúnta agus san airgeadas aici a bhain sí ó ollscoileanna san Ungáir. Taobh amuigh den pholaitíocht, tá dúil a hanama aici sa rothaíocht, san fhánaíocht, sa mharcaíocht ar chapall agus sa ghrianghrafadóireacht dúlra. Tá beirt leanaí aici agus iad ina n-úillín óir aici, rud a fhágann rún níos daingne ná riamh aici todhchaí níos glaise agus níos cuimsithí a chinntiú don chéad ghlúin eile.