Bunaíodh an Grúpa Idir-Réigiúnach um Shláinte agus Dea-Bhail in 2010.
Misean
Is é misean an ghrúpa idir-réigiúnaigh seo:
- feasacht a ardú faoin tionchar a bhíonn ag gach earnáil ar shláinte na saoránach agus na bpobal, rud a fhágann go bhfuil gá le cur chuige il-leibhéil chun an tsláinte agus an dea-bhail a fheabhsú agus a chothú ar fud na hEorpa. Tá sé sin ag teacht le cuspóirí an Aontais Sláinte Eorpaigh agus le tosaíochtaí chlár oibre Choimisiún NAT;
- smaointe agus eolas a chomhroinnt faoi na hinfheistíochtaí éifeachtacha atá le déanamh chun tacú le córais sláinte athléimneacha agus sláinte na sochaí a fheabhsú. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfaí béim a chur, mar ba cheart, ar ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, agus ar chur chun feidhme Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, go háirithe;
- taithí a mhalartú faoi na dúshláin reatha a bhaineann le hathchóirithe ar an gcóras sláinte a chur chun feidhme tráth atá teorainn le hacmhainní agus méadú ag teacht ar an éileamh, agus béim á leagan ar úsáid uirlisí an Aontais chuige sin;
- pléití a éascú maidir le tionscnaimh faoin mbeartas áitiúil chun pobail chomhtháite agus inbhuanaithe a thógáil ina ndéantar iompar sláintiúil a chur chun cinn agus a éascú;
- aird ar leith a thabhairt ar ghrúpaí leochaileacha sa tsochaí, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, agus aghaidh a thabhairt ar an meabhairshláinte ar aon chéim leis an tsláinte fhisiceach, ach peirspictíocht an chothromais sláinte a chur san áireamh i ngach cuid d’obair an ghrúpa;
- comhaltaí CnaR a chur ar an eolas faoin gcleachtas is déanaí maidir leis an taighde agus leis an nuálaíocht i ndáil leis an gcaoi le déileáil leis na dúshláin sláinte is mó atá ann, cuir i gcás, príomhghalair ainsealacha agus na hilghalrachtaí móra i ndaonra atá ag dul in aois, an ailse, ganntanas lucht saothair cúraim sláinte agus ganntanas scileanna san earnáil sin, cógaisíocht, agus an comhar trasteorann i measc nithe eile.