Tíortha an mhéadaithe

Is é Coimisiún CIVEX, ceann de choimisiúin Choiste na Réigiún, atá freagrach as an seasamh institiúideach maidir le beartas an Aontais Eorpaigh um méadú. D'fhonn idirphlé agus comhar idir na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha san Aontas agus i dtíortha an mhéadaithe a chur chun cinn, agus chun tacú leo agus iad ag lorg ballraíocht san Aontas, cuireadh ar bun dhá chineál ardán institiúideach:

- Comhchoistí comhairliúcháin
- Meithleacha

©Rawpixel.com / Adobe stock.com

Ar an leathanach seo

Comhc​hoistí comhairliúcháin

Ráiteas misin

Cothaíonn comhchoiste comhairliúcháin cineál comhair atá comhsheasmhach cobhsaí le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ó aon tír atá ag lorg ballraíocht san Aontas Eorpach. Rannchuidíonn gníomhaíochtaí na gcomhchoistí comhairliúcháin leis an méid seo a leanas:

  • ​​​ionadaithe áitiúla agus réigiúnacha a ullmhú do bhallraíocht an Aontais Eorpaigh;
  • an tionchar a bhíonn ag beartais de chuid an Aontais ón taobh áitiúil agus réigiúnach a mheas;
  • sreabhadh díreach faisnéise dhá threo maidir lena bhfuil ag tarlú ar bhonn polaitiúil sna tíortha lena mbaineann agus san Aontas; agus
  • monatóireacht a dhéanamh ar an gcaibidlíocht agus díriú ar réimsí a bhfuil tábhacht faoi leith acu do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha.

Conas a chuirtear comhchoiste comhairliúcháin ar bun?

  • ​​Arna iarraidh sin do rialtas na tíre lena mbaineann.
  • Ar bhonn an 'Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais'.
  • I bhfoirm dearbhú oifigiúil de chuid na 'Comhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais' idir Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an tír is iarrthóir.

Cé a ghlacann páirt sna comhchoistí comhairliúcháin?

  • ​​Maidir le leath de na hionadaithe i gComhchoiste Comhairliúcháin, is ionadaithe áitiúla nó réigiúnacha ón tír lena mbaineann iad, agus is comhaltaí de Choiste Eorpach na Réigiún iad an leath eile.
  • Bíonn ionadaí amháin ón tír lena mbaineann agus comhalta amháin ó Choiste Eorpach na Réigiún ina gcomhchathaoirligh ar Chomhchoiste Comhairliúcháin. 

Conas a fheidhmíonn na comhchoistí comhairliúcháin?

  • ​​Is ar bhonn comhpháirteach a dhéantar cinntí.
  • Glacann gach comhchoiste comhairliúcháin a rialacha nós imeachta féin.
  • Tagann na comhchoistí comhairliúcháin i gceann a chéile faoi dhó sa bhliain; uair amháin sa Bhruiséil mar chuid de Lá an Mhéadaithe agus uair amháin eile sa tír chomhpháirtíochta.

Meit​hleacha

Rannchuidíonn gníomhaíochtaí na Meithleacha leis an méid seo a leanas:

  • ​​comhar a chothú leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sa tír nó sna tíortha lena mbaineann;
  • an tionchar a bhíonn ag beartais de chuid an Aontais ón taobh áitiúil agus réigiúnach a mheas;
  • sreabhadh díreach faisnéise dhá threo maidir lena bhfuil ag tarlú ar bhonn polaitiúil sna tíortha lena mbaineann agus san Aontas; agus
  • malartú dea-chleachtais i réimsí sonracha comhair.

Conas a chuirtear meitheal ar bun?

  • ​Le cinneadh ó Bhiúró Choiste na Réigiún i gcomhréir le Rialacha Nós Imeachta an Choiste.

Cé a ghlacann páirt sna meithleacha?

  • ​​Comhaltaí Choiste na Réigiún.
  • Ionadaithe áitiúla agus réigiúnacha ó na tíortha comhpháirtíochta, ag brath ar na hábhair a phléitear agus ar shuíomh an chruinnithe.

Tagann na meithleacha i gceann a chéile faoi dhó sa bhliain; uair amháin sa Bhruiséil mar chuid de Lá an Mhéadaithe agus uair amháin eile i dtír chomhpháirtíochta.​

Doiciméid