Cruthaíodh an Grúpa Idir-Réigiúnach um Fhíon – ar son an Dúlra agus an Gheilleagair in 2025, agus díríonn sé ar leasanna earnáil an fhíona san Eoraip a chur chun cinn.
Misean
Is é an misean atá ag an ngrúpa idir-réigiúnach sin an méid seo a leanas a dhéanamh:
- forbairt tuaithe a chur chun cinn;
- leasanna na réigiún táirgthe fíona a chur in iúl i bpróisis ceaptha beartas na hEorpa. Is é an rud atá i gceist leis sin beartais a chur chun cinn a thacaíonn le fás thionscal an fhíona, beartais lena n-áirithítear go mbeidh ról ag táirgeoirí fíona réigiúnacha i gcinntí a dhéanann difear dóibh;
- an inbhuanaitheacht agus cosaint an chomhshaoil a chur chun cinn: cleachtais fíonsaothrúcháin inbhuanaithe a chur chun cinn agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an athrú aeráide, sláinte ithreach agus úsáid uisce;
- an oidhreacht chultúrtha agus an turasóireacht a chaomhnú: béim a leagan ar ról tábhachtach an fhíona mar dhlúthchuid d’oidhreacht chultúrtha na hEorpa agus ar an mbaint atá aige leis an turasóireacht. Molann an grúpa idir-réigiúnach tionscnaimh lena gcuirfear borradh faoin turasóireacht fíona, lena gcosnófar réigiúin thraidisiúnta fíonsaothrúcháin, agus lena gcuirfear luach cultúrtha an fhíona chun cinn;
- tacú leis an bhfás eacnamaíoch agus le poist: tacú le beartais lena spreagtar an fhorbairt eacnamaíoch sna réigiúin táirgthe fíona, agus lena gcuirtear béim ar chruthú post i dtionscal an fhíona agus sa slabhra soláthair lena mbaineann;
- an trádáil agus an caidreamh idirnáisiúnta a neartú: an phiarfhoghlaim agus idirphlé oscailte a chothú idir na réigiúin chun beartais trádála atá cóir agus oscailte a chur chun cinn le haghaidh fíona Eorpacha. Áirítear leis sin tacú le honnmhairí fíona Eorpacha a chosaint ar mhargaí domhanda agus aghaidh a thabhairt ar bhacainní trádála idirnáisiúnta.