Comhghuaillíocht Eorpach na gCathracha agus na Réigiún ar mhaithe le hAtógáil na hÚcráine

Tugann an Chomhghuaillíocht údaráis áitiúla agus réigiúnacha an Aontais agus na hÚcráine le chéile chun iarrachtaí comhpháirteacha a chomhordú, chun tacaíocht a chur ar fáil, agus chun guth polaitiúil níos láidre a chinntiú thar ceann na gcathracha agus na réigiún ag an gComhdháil ar Théarnamh na hÚcráine. Cuirtear fáilte sa Chomhghuaillíocht roimh chathracha, réigiúin agus comhpháirtithe san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach a chreideann gur fiúntach an ní é na húdaráis áitiúla a chumhachtú agus infheistíocht a dhéanamh san fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta áitiúil.

©Lukasz Kobus, European Union, 2022

Ar an leathanach seo

Eolas fúinn

Cad atá i gceist leis an gComhghuaillíocht?

Chruthaigh Coiste Eorpach na Réigiún agus comhlachais de réigiúin agus de chathracha na hÚcráine agus an Aontais, Comhghuaillíocht Eorpach na gCathracha agus na Réigiún ar mhaithe le hAtógáil na hÚcráine i mí an Mheithimh 2022, tar éis ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin.

Leis an gComhghuaillíocht, tugtar le chéile údaráis áitiúla agus réigiúnacha ón Aontas agus ón Úcráin chun a n-iarrachtaí comhpháirteacha chun tacú le hatógáil éifeachtach na hÚcráine a chomhordú. Díríonn sé chomh maith ar phróiseas aontachais na hÚcráine leis an Aontas Eorpach, i gcomhpháirt le Meitheal Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR) um an Úcráin.

Cuireann an Chomhghuaillíocht ar son théarnamh díláraithe na hÚcráine mar aon le hidirphlé agus comhairliúcháin leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, go háirithe i gcomhthéacs na Comhdhála ar Théarnamh na hÚcráine. Téann sí i dteagmháil le hinstitiúidí an Aontais agus le comhpháirtithe forbartha chun freagairt fhóinteach ar riachtanais na gcathracha agus na réigiún a bhaint amach agus chun aitheantas a thabhairt don ról lárnach atá acu sa téarnamh inbhuanaithe.

Cloíonn comhaltaí na Comhghuaillíochta le príomhphrionsabail an dea-rialachais, na forbartha eacnamaíche áitiúla agus atógáil ar bhealach níos fearr agus urramaíonn siad iomláine chríochach agus ceannasacht na hÚcráine mar aon leis an gCairt Eorpach um Fhéinrialú Áitiúil.

Cad a dhéanann an Chomhghuaillíocht?

Tagann an Chomhghuaillíocht le chéile gach bliain ar an leibhéal polaitiúil chun saincheisteanna straitéiseacha a phlé agus chun ráitis pholaitiúla a ghlacadh i bhfianaise na Comhdhála ar Théarnamh na hÚcráine. Iarrann sí go dtabharfaí aghaidh ar ghné áitiúil na hatógála agus ar an ngá atá le ról lárnach a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i bpleanáil, i gcur chun feidhme agus i meastóireacht na dtionscadal atógála uile a bhfuil tábhacht áitiúil agus réigiúnach ag baint leo. 

Tionólann sí cruinnithe rialta ar an leibhéal oibre freisin chun faisnéis a roinnt faoi thionscadail agus tionscnaimh ábhartha agus chun béim mhór a chur ar phríomhriachtanais agus príomhdhúshláin na gcathracha agus na réigiún agus chun gníomhaíochtaí sonracha a chomhordú.

Tugann an Chomhghuaillíocht aird ar leith ar chomhpháirtíochtaí idirbhardasacha a rannchuidíonn le fothú acmhainneachta, a chruthaíonn deiseanna a théann chun tairbhe do chách agus a fheabhsaíonn teagmhálacha idir daoine. I ndáil leis an méid sin, is éachtaí nithiúla iad an fóram líonraithe agus tionscadail thiomnaithe amhail TIPS4Ukraine agus an Mol Comhpháirtíochtaí Eorpacha faoi chuimsiú an tionscnaimh U-LEAD with Europe

How to join?

The Alliance is open to individual cities and regions and to public- and private-sector partners wishing to support Ukraine in line with the key principles of the Alliance. 

There are no fees or obligations involved. 

If you would like to join the Alliance, please send a formal request addressed to the CoR President to SupportUkraine@cor.europa.eu, explaining your interest and confirming your commitment to the key principles of the Alliance.

Comhpháirtíochtaí a thógáil

Tríd an gComhghuaillíocht, is féidir le cathracha agus réigiúin na hÚcráine atá ag lorg comhpháirtíochtaí a gcur i láthair a roinnt agus a gcaidreamh a fhorbairt le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha san Aontas. Is iad na cathracha agus na réigiúin seo a leanas atá ag lorg comhpháirtíochtaí faoi láthair:

Is féidir le cathracha agus réigiúin na hÚcráine ar mian leo cur i láthair a chur isteach teagmháil a dhéanamh le: 

SupportUkraine@cor.europa.eu

Na hilmheáin

Doiciméid