Thug Heinz Lambertz, Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún, an chéad aitheasc riamh ar “Staid an Aontais Eorpaigh: dearcadh na réigiún agus na gcathracha" an 10 Deireadh Fómhair sa Bhruiséil. Lean díospóireacht le ceannairí áitiúla agus réigiúnacha ó gach Ballstát AE an t-aitheasc.
Cuireann aitheasc an Uachtaráin Lambertz le clár oibre an Aontais Eorpaigh amach anseo a shocrú trí mhachnamh a dhéanamh ar staid reatha na réigiún agus na gcathracha san Aontas. Féachann sé chun cinn ar dhúshláin na rialtas áitiúil sna blianta amach romhainn.