Comhpháirtíocht an Oirthir (CORLEAP) 

Bhunaigh Coiste na Réigiún Comhdháil na nÚdarás Réigiúnach agus Áitiúil do Chomhpháirtíocht an Oirthir (CORLEAP) in 2011 agus is é fóram polaitiúil na n-údarás áitiúil agus réigiúnach ón Aontas Eorpach agus ó na tíortha i gComhpháirtíocht an Oirthir é.

Is é an t-aon ardán AE amháin é inar féidir comhphlé a dhéanamh ar rannchuidiú cathracha agus réigiún i bhforbairt Chomhpháirtíocht an Oirthir

Ábhar

Cad iad na tíort​​​ha atá i gceist?

An Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an tSeoirsia, Poblacht na Moldóive agus an Úcráin.

Cad é is aidhm do CORLEAP?

Is é is aidhm do CORLEAP:

  • ionadaíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a chomhordú laistigh de Chomhpháirtíocht an Oirthir
  • comhlánú a dhéanamh ar iarrachtaí institiúidí an Aontais Eorpaigh agus geallsealbhóirí rannpháirteacha eile chun Beartas Comharsanachta na hEorpa a chur chun feidhme agus tacú leis na hiarrachtaí sin
  • na coincheapa a scaipeadh a thabharfaidh tíortha comhpháirtíochta níos gaire don Aontas Eorpach agus a chothóidh athchóiriú inmheánach agus fothú acmhainní ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach​

An chaoi a ​​n-oibríonn sé

Feidhmíonn CORLEAP mar “ardán comhair críche". Is pointí teagmhála do CORLEAP ina dtíortha féin iad na comhlachais áitiúla agus réigiúnacha ó na stáit chomhpháirtíochta, agus is é Coiste na Réigiún an pointe teagmhála nádúrtha d'institiúidí an Aontais Eorpaigh. Leis sin cuirtear ar chumas CORLEAP faisnéis atá ábhartha do ghné áitiúil agus réigiúnach Chomhpháirtíocht an Oirthir a bhailiú agus a roinnt.​

An comh​dhéanamh atá air

Tá CORLEAP comhdhéanta de 36 pholaiteoir réigiúnacha agus áitiúla: 18 gcomhalta de Choiste na Réigiún agus 18 n-ionadaí ó na 6 thír i gComhpháirtíocht an Oirthir.

Tá trí shuíochán ag gach tír i gComhpháirtíocht an Oirthir. Dáiltear suíocháin an Aontais Eorpaigh de réir chomhdhéanamh polaitiúil Choiste na Réigiún, agus iad roinnte ar a chúig ghrúpa pholaitiúla: Páirtí an Phobail Eorpaigh (PPE), Páirtí na Sóisialaithe Eorpacha (PSE), Comhghuaillíocht na Liobrálaithe agus na nDaonlathaithe don Eoraip (ALDE), an Chomhghuaillíocht Eorpach (CE) agus an Grúpa do Choimeádaigh agus Leasaitheoirí na hEorpa (ECR)).

Idir cruinnithe bliantúla CORLEAP feidhmíonn Biúró mar chomhlacht stiúrtha. Tá an Biúró freagrach as comhordú a dhéanamh ar obair CORLEAP, as monatóireacht a dhéanamh ar a chuid gníomhaíochtaí, tuarascálacha agus rún. Tá an Biúró comhdhéanta de sheisear comhaltaí ó na tíortha comhpháirtíochta agus seisear comhaltaí de Choiste na Réigiún a dhéanann ionadaíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh.​

An nuacht is déanaí

Doiciméid

General Information

Action plans

Activity reports

CORLEAP Newsletter

Staidéir

  • Localising the green agenda in the Eastern Partnership

    Publication date: 30/06/2022Theme:Eastern Partnership, Green DealAuthor:Anna Maria Augustyn , Damiano Luchetti and Jingyuan Li
  • The role and place of local democracy and decentralisation in the modernisation and consolidation of democratic processes in the Eastern Partnership countries

    Publication date: 09/06/2022Theme:Eastern PartnershipAuthor:Sergio Vasarri and Paulina Salek-Lipcean (A.R.S. Progetti S.P.A.)
  • EU financial assistance available to local and regional authorities

    Publication date: 14/12/2021Theme:EnlargementAuthor:Kateryna Karunska, Stanislav Bieliei, Antoine Apprioual, Matías Ibáñez Sales and Katarzyna Sidło (CASE)
  • EU financial assistance available to local and regional authorities in Eastern Partnership countries

    Publication date: 14/12/2021Theme:Eastern PartnershipAuthor:Stanislav Bieliei, Karolina Zubel, and Katarzyna Sidło
    Teangacha atá ar fáil (1)
    1. русский язык(1.2 MB - PDF)Íoslódáil
      EU financial assistance available to local and regional authorities in Eastern Partnership countries
    An raibh teanga eile uait nach bhfuil ar an liosta? Eolas faoinár mbeartas teanga.
  • Capacity building of local and regional public administration in Eastern Partnership countries

    Publication date: 23/05/2019Theme:Eastern Partnership, Multi-level governance and devolutionAuthor:Center for Social and Economic Research (CASE) - Szymon Ananicz, Dzmitry Babicki, Stanislav Bieliei, Krzysztof Głowacki, Justine Renard, Nino Sichinava, Katarzyna Sidło, Małgorzata Zawadzka
  • EU financial assistance available to local and regional authorities in Eastern Partnership countries

    Publication date: 19/09/2018Theme:Eastern PartnershipAuthor:Karolina Zubel and Przemysław Kowalski (Center for Social and Economic Research - CASE)
  • Preventing Corruption and Promoting Public Ethics at the Local and Regional Level in Eastern Partnership Countries

    Publication date: 19/02/2017Theme:Eastern Partnership, Fundamental rights and rule of law, Public administration, Multi-level governance and devolutionAuthor:Clara Volintiru (LSE/ASE), Sergiu Gherghina (University of Glasgow), Eleanor Knott (LSE), Radu Mușetescu (ASE)
  • Energy efficiency: The role of local and regional authorities in the Eastern Partnership countries

    Publication date: 30/11/2016Theme:Eastern Partnership, Energy efficiency, market and technologyAuthor:Karolina Zubel (main author) (LSE Enterprise Ltd, United Kingdom, and CASE – Centrum Analiz Społeczno – Ekonomicznych – Fundacja Naukowa, Poland).
  • A roadmap to reform in public administration, fiscal decentralisation and territorial cooperation

    Publication date: 07/11/2013Author:Aston Centre for Europe, Aston University (Dr Nathaniel Copsey and Dr Carolyn Rowe)

Reports

Na hilmheáin

Conference of the Regional and Local Authorities for the Eastern Partnership

 

Tuilleadh físeán

  • Conference of the Regional and Local Authorities for the Eastern Partnership
    Conference of the Regional and Local Authorities for the Eastern Partnership

Pointe Teagmhála

Roinn:
Back to top