An Eoraip a thuiscint: an dearcadh áitiúil agus réigiúnach
Agus í bunaithe ar staidéir a dhéanann agus a choimisiúnaíonn Coiste Eorpach na Réigiún é féin agus, freisin, ar thaighde acadúil, ar ionchur ó institiúidí Eorpacha eile agus ar dhoiciméid foinse oscailte, tugtar fíricí agus sonraí sa tuarascáil seo do lucht ceaptha beartas agus do gheallsealbhóirí ábhartha. Déanfar tagairt do phríomhthorthaí agus do phríomh-mholtaí na tuarascála san aitheasc bliantúil maidir le Staid Réigiúin agus Chathracha an Aontais Eorpaigh atá le tabhairt ag Vasco Alves Cordeiro, Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún, i seisiún iomlánach mhí Dheireadh Fómhair 2022.
I mbliana, díríonn an tuarascáil ar na dúshláin is práinní dá bhfuil roimh chathracha agus réigiúin an Aontais, ina measc, iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine, na héifeachtaí atá ann go fóill ó phaindéim COVID-19 agus an téarnamh nach mór a dhéanamh, an éigeandáil aeráide agus an t-aistriú fuinnimh, an comhrac i gcoinne na héagothromaíochta, agus todhchaí an daonlathais, bunaithe ar chonclúidí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa.
Beidh ‘an Baraiméadar Réigiúnach agus Áitiúil’ sa tuarascáil chomh maith. Suirbhé is ea an Baraiméadar ina gcuirtear tuairimí in iúl ó ionadaithe tofa ó gach cearn den Eoraip, arna dhéanamh i gcomhpháirtíocht le IPSOS.