Tá sainchúram an-leathan ag coimisiún SEDEC faoina gcuimsítear iliomad réimsí beartas, lena n-áirítear na réimsí seo a leanas:
Beartas fostaíochta, beartas sóisialta agus cosaint shóisialta
Soghluaisteacht, comhdheiseanna
Oideachas agus oiliúint
Taighde agus nuálaíocht
An clár oibre digiteach, sochaí faisnéise an Aontais Eorpaigh
Líonraí tras-Eorpacha TFC
An Tionscal closamhairc agus teicneolaíochtaí na meán
Óige agus spórt
Ilteangachas agus cur chun cinn teangacha mionlaigh, an chultúir agus na héagsúlachta cultúrtha
Ina theannta sin, bainistíonn SEDEC an tArdán um Malartú Faisnéise (KEP) , a chuir Coiste Eorpach na Réigiún ar bun i bpáirt le h Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin Eorpaigh um Nuálaíocht agus Taighde (DG RTD). Is éard is aidhm don ardán réitigh nua i réimse an taighde agus na nuálaíochta, táirgí nuálacha agus dea-chleachtais a chur i láthair an phobail, trí sheimineáir a reáchtáil sa Bhruiséil agus imeachtaí idir piaraí a reáchtáil sna réigiúin, nó trí imeachtaí sárthaispeántais a chur ar siúl don phobal atá ag teacht le Plean Gníomhaíochta bliantúil KEP.
Ina cheann sin, tá sé beartaithe ag SEDEC earraíocht a bhaint i rith na bliana as Bliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha (EYCH 2018) d’fhonn béim a leagan ar an ról bunúsach atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i dtaca le hOidhreacht Chultúrtha na hEorpa a bhainistiú, a chur chun cinn, a chosaint agus a chaomhnú.
Deis ar leith é EYCH lenar féidir páirt a thabhairt do na saoránaigh, go háirithe do leanaí agus don aos óg, in imeachtaí agus i dtionscadail atá dírithe ar bhéim a leagan ar luachanna agus oidhreacht chultúrtha na hEorpa.