Na spriocanna atá againn
Cuireann na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha os cionn 70 % de reachtaíocht an Aontais chun feidhme agus, ar an gcúis sin, is iadsan is fearr is féidir cruinneas agus éifeachtacht na reachtaíochta sin a mheas. Ní fhéadfar dlíthe agus beartais an Aontais a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach agus na cuspóirí lena mbaineann a bhaint amach ach amháin má chuireann reachtóirí an Aontais an dearcadh réigiúnach agus áitiúil san áireamh iontu.
Is iad seo a leanas na spriocanna atá ag Reghub:
-
Rannchuidiú le hiarrachtaí an Aontais maidir le Rialáil Níos Fearr tríd an dearcadh áitiúil agus réigiúnach a áireamh sa mheastóireacht ar reachtaíocht an Aontais.
-
Cur le rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i gceapadh reachtaíocht an Aontais agus i bhfeabhsú a cur chun feidhme.
-
Na naisc idir na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus institiúidí an Aontais a
neartú tríd an dearcadh fonáisiúnta a chur chun cinn agus trí dheiseanna a chruthú don idirphlé.
-
Samplaí de dhea-chleachtais a
léiriú agus a
scaipeadh maidir le cur chun feidhme dhlí an Aontais sna réigiúin, sna cathracha agus sna bardais.
Ceann de na bealaí ina saothraíonn RegHub na cuspóirí sin is ea trína ról mar fhoghrúpa d'Ardán an Choimisiúin Eorpaigh 'Réidh don Todhchaí'. Mar chuid den ról sin reáchtálann sé comhairliúcháin spriocdhírithe, comhoibríonn sé le rapóirtéirí an ardáin, agus roinneann sé tuarascálacha leis an ardán. Thairis sin, oibríonn RegHub go dlúth le comhpháirtithe institiúideacha agus le hinstitiúidí taighde agus eagraíonn sé ceardlanna agus seimineáir faoi chuimsiú Sheachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha.
An modh oibre atá againn
Ó bhí sé rannpháirteach inArdán an Choimisiúin Eorpaigh ‘Réidh don Todhchaí’, tá obair RegHub á heagrú sa chaoi seo a leanas:
1. Cuirtear le
clár oibre bliantúil an Ardáin ‘Réidh don Todhchaí’ trí dhul i gcomhairle leis na moil maidir le téacsanna reachtacha ábhartha atá le hathbhreithniú ag an gCoimisiún Eorpach.
2. Reáchtáiltear comhairliúcháin spriocdhírithe leis na geallsealbhóirí trí Líonra RegHub agus cuirtear torthaí na gcomhairliúchán sin ar fáil do rapóirtéirí an ardáin.
3. Cuirtear tuairimí an ardáin chun cinn laistigh d’institiúidí an Aontais.
Tá sé cruthaithe gur uirlis éifeachtach é modh oibre uathúil RegHub, go háirithe na comhairliúcháin spriocdhírithe leis na geallsealbhóirí, chun faisnéis uathúil mhionsonraithe a bhailiú maidir le cur chun feidhme dhlí an Aontais.
Mar chéad chéim sa phróiseas, scaiptear ceistneoirí ar na moil (pointí teagmhála i riaracháin áitiúla agus réigiúnacha) agus ansin, mar an dara céim, téann siad i dteagmháil le geallsealbhóirí spriocdhírithe, arb iadsan a chuireann beartas an Aontais ar a bhfuil an comhairliúchán dírithe chun feidhme.
Tar éis an t-aiseolas ar fad a bhailiú, cuirtear le chéile faisnéis na ngeallsealbhóirí sna moil agus seolann siad a bhfreagra chuig rúnaíocht RegHub in CnaR. Ullmhaíonn CnaR moltaí bunaithe ar an ionchur sin ina dhiaidh sin.
RegHub agus an tArdán ‘Réidh don Todhchaí’ in 2021
In 2021, chuaigh RegHub i gcomhairle lena chuid comhaltaí maidir le cur chun feidhme an ríomhsholáthair agus Threoir INSPIRE ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach. Rinneadh anailís ar na freagraí a fuarthas agus chuir siad le dhá thuairim maidir leis an
Ardán
‘Réidh don Todhchaí’ a fhoilseofar amach anseo ar na hábhair sin. Ina theannta sin, ionchorpraíodh torthaí ó dhá chomhairliúchán RegHub a tionóladh roimhe seo (ceann maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus ceann eile maidir le cúram sláinte trasteorann) i dtuairimí maidir leis an Ardán ‘Réidh don Todhchaí’. Tá na
tuairimí uile a ghlac an tArdán ‘Réidh don Todhchaí’ in 2021 foilsithe ar an ardán.
Anuas air sin, d’eagraigh RegHub comhairliúchán dhá chéim maidir le
rialacha an 21ú haois do bhonneagar an 21ú haois. Leis na torthaí uaidh sin, gheofar sonraí le haghaidh tuarascáil speisialta RegHub a chuirfear faoi bhráid chathaoirleach an Ardáin ‘Réidh don Todhchaí’, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Maroš Šefčovič.
RegHub agus an tArdán ‘Réidh don Todhchaí’ in 2022
Mar chuid de
chlár oibre an
Ardáin ‘Réidh don Todhchaí’do 2022, ceapadh an Dr Mark Speich (DE/PPE) mar rapóirtéir don tuairim a bhaineann leis anTreoir maidir le feithicil a bhfuil a ré caite agus ceapadh Anne Karjalainen (FI/PSE) mar rapóirtéir don tuairim maidir leis anstraitéis idir-inoibritheachta do rialtais. Reáchtálfaidh RegHub dhá chomhairliúchán spriocdhírithe ar na hábhair sin in 2022. Táthar ag súil leis go nglacfar na tuairimí comhfhreagracha maidir leis an Ardán ‘Réidh don Todhchaí’ sa cheithre ráithe de 2022.