Grúpaí idir-réigiúnacha  

Seoladh na grúpaí idir-réigiúnacha i mí Feabhra 2007 agus is ardáin iad le barúlacha agus smaointe nua a mhalartú idir na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sna Ballstáit agus níos faide i gcéin.​

Ní foláir na Grúpaí bheith comhdhéanta de:

  • Íosmhéid 10 lánchomhalta de Choiste na Réigiún.
  • Lena n-áirítear ar a laghad ceithre thoscaireacht náisiúnta nó
  • Grúpa réigiún ar ionadaithe iad do ghrúpa comhair trasteorann

Seo a leanas na grúpaí idir-réigiúnacha arb ann dóibh le linn théarma oifige reatha Choiste na Réigiún (2020- 2025):


Ábhar

An Grúpa I​​dir-réigiúnach Aidriadach-Iónach

​Bunaíodh i mí Eanáir 2013 é, cuireadh ar fionraí i mí Eanáir 2020 é agus cuireadh i ngníomh arís é i mí na Bealtaine 2023.

Misin:

  • tacú le Straitéis an Aontais Eorpaigh don Réigiún Aidriadach agus Iónach i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an bPlean Gníomhaíochta agus ar a chur chun feidhme;
  • comhar a neartú le macrairéigiúin eile an Aontais maidir le saincheisteanna leasa choitinn (turasóireacht, iompar, etc.);
  • úinéireacht saoránach ar an macrairéigiún Aidriadach Iónach a chur chun cinn;
  • malartú tionscnamh a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil/réigiúnach sa mhacrairéigiún Aidriadach Iónach;
  • an comhar leis na hinstitiúidí Eorpacha a neartú chun beartas agus luachanna an Aontais sa réimse sin a chur chun feidhme go héifeachtach.

Cathaoirleach: Andrea Putzu (IT/ECR)

Teagmháil:

Rúnaíocht an Idirghrúpa

Antonella Passarani
Rond Point Schuman 14 (7th floor)
B - 1040 Bruxelles
Tel.: +32 2 286 85 40​
Tel.: +32 476217314
Tel.: +39 3356259028
a.passarani@regione-marche.eu

​​​Grúpa Idir-Réigiúnach Réigiúin Mhuir Bhailt

Bunaíodh i mí Feabhra 2008 é.

Misin:

    • Féachaint chuige go mbeadh réigiúin Mhuir Bhailt ar an bpríomh-mhacrairéigiún ó thaobh na nuálaíochta agus thábhacht na ndaoine de, agus sin faoi 2030;
    • Féachaint chuige go mbeadh macrairéigiún Mhuir Bhailt ar an gceann feadhna is inbhuanaithe san Eoraip;
    • Féachaint chuige go mbeadh Muir Bhailt ar an gcéad mhuir ar domhan atá saor ó phlaisteach. 

An Cathaoirleach: Sari Rautio (FI/PPE)
 

Tá an grúpa idir-réigiúnach seo nasctha le Straitéis mhacrairéigiúnach. Ar an dóigh sin, soláthraítear creat arna fhormhuiniú ag an gComhairle Eorpach chun feabhas a chur ar an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach i limistéar geografach ar leith (féach freisin: macrairéigiúin).


Teagmháil:

Rúnaíocht an Ghrúpa

Ulla Karvo
Association of Finnish Local and Regional Authorities
Square de Meeûs 1, ​1000 Brus​​​​sels, Belgium
Tel. +32 474 540 851
ulla.karvo@kuntaliitto.fi

Grúpa Idir-Réigiúnach Brexit

Is i mí Eanáir 2018 a bunaíodh an grúpa seo

Misin:

  • Páirt a ghlacadh i ndíospóireacht an Choiste d'fhonn forbhreathnú a fháil ar thionchar Brexit ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha;
  • Smaointe a roinnt le teacht ar réitigh atá le cur i bhfeidhm le tacú leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha is mó atá thíos leis mar gheall ar Brexit;
  • Tionscadail chomhroinnte a shainaithint a d'fhéadfadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a fhorbairt tar éis Brexit;
  • Ionchur críochach a sholáthar d'idirbheartaithe dlí de chuid an Aontais Eorpaigh agus gníomhú mar éascaitheoir chun go bhféadfaidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a mbarúlacha a nochtadh d'institiúidí an Aontais Eorpaigh.

An Cathaoirleach: François DECOSTER (FR/Renew Europe)

​Teagmháil:

Rúnaíocht an Ghrúpa

Mr. Romain NIVELLE
Mission to the EU
Hauts-de-France Region
Tel.: +32(0)22343080
romain.nivelle @hautsdefrance.fr

Grúpa Idir-Réigiúnach Shléibhte Cairp

Bunaíodh i mí Feabhra 2016 é.

Misin:

    • An Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir leis an Straitéis Mhacrairéigiúnach do Réigiún Shléibhte Cairp a chur chun cinn;
    • Comhpháirtíochtaí a chur chun cinn, a thógáil agus a fhorbairt idir na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun cur le comhtháthú phobail Shléibhte Cairp agus chun aidhmeanna agus gealltanais choitianta a shainaithint;
    • Rialtais stáit Shléibthe Cairp a thabhairt le chéile chun gníomhú ar a dtionscnamh féin chun Straitéis Mhacrairéigiúnach do Réigiún Shléibhte Cairp a chruthú trí iarratas foirmiúil a chur faoi bhráid na Comhairle Eorpaí;
    • Díospóireachtaí, gníomhaíochtaí agus tionscadail a eagrú le hionadaithe ó na húdaráis áitiúla den dá thír nach Ballstáit den Aontas iad agus atá faoi stua Shléibhte Cairp (an tSeirbia agus an Úcráin), d'fhonn iad a chuimsiú i “straitéis mhacrairéigiúnach do cheantar Shléibhte Cairp" sa todhchaí, agus an comhar eatarthu nasctha go dlúth le cuspóirí forbraíochta agus slándála an Aontais;
    • Tacaíocht a thabhairt don idirphlé le geallsealbhóirí Straitéis na Danóibe chun comhlántacht na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi chuimsiú Straitéis na Danóibe agus Straitéis Mhaicrairéigiúnach Réigiún Shléibhte Cairp a fhorbairt;
    • Sásra comhordúcháin a áirithiú idir comhaltaí Choiste Eorpach na Réigiún i Réigiún Shléibhte Cairp chun cur chuige a dhearbhú laistigh de chomhlachtaí inniúla Choiste Eorpach na Réigiún, ar cur chuige comhpháirteach é i leith ábhair imní choiteanna a bhaineann le beartais de chuid an Aontais;
    • Gníomhaíochtaí a dhéanamh arb é is aidhm dóibh aontachas an Aontais mar Pháirtí i gCoinbhinsiún Shléibhte Cairp a áirithiú;
    • An bhrústocaireacht a threisiú i ndáil le réigiún Shléibhte Cairp ar leibhéal an Aontais chun an rannpháirtíocht pholaitiúil a spreagadh agus a áirithiú gur ábhar tosaíochta í an straitéis mhaicrairéigiúnach. 

A​​n Cathaoirleach: Wladyslaw Ortyl (PL/ECR)

​Teagmháil: 

Rúnaíocht an Ghrúpa

Justyna Rog
Representation of the Podkarpackie Region to Brussels
Avenue de Tervuren 48, 1040 Bruxelles
Tel.:  +32479041359
bruksela@podkarpackie.pl 

​An Grúpa Idir-Réigiúnach maidir leis an gComhar Trasteorann

Bunaíodh i mí Iúil 2015 é.

Misin:

    • Barúlacha agus taithí a mhalartú: Fónfaidh an grúpa mar ardán chun barúlacha, taithí agus dea-chleachtais a mhalartú i dtaobh an chomhair trasteorann a chur chun cinn idir comhaltaí de Choiste Eorpach na Réigiún a dhéanann ionadaíocht do réigiúin teorann (meastóireacht ar chur chun feidhme clár um an gcomhar trasteorann, na príomhdhúshláin a leagan síos, etc.);
    •  Tionchar a imirt: I bhfianaise an stóir eolais thuasluaite, déanfaidh an grúpa anailís ar na Tuairimí a eisíonn Coiste Eorpach na Réigiún, sainaithneoidh sé na cinn sin a bhfuil tábhacht trasteorann leo agus deimhneoidh sé go gcuirfear réitigh thrasteorann san áireamh. Chun na críche sin, oibreoidh sé go dlúth leis na rapóirtéirí agus leagfaidh sé leasuithe féideartha amach freisin de réir fhíor-riachtanais na réigiún teorann. Ina theannta sin, glacfaidh sé páirt sa phlé faoi ról an bheartais comhtháthaithe lena áirithiú go mbeidh an comhar trasteorann ina chuid lárnach agus thábhachtach de sin go fóill féin;
    • Gníomhú ar a thionscnamh féin: Sainaithneoidh an grúpa ábhair trasteorann ar cheart aghaidh a thabhairt orthu ar leibhéal an Aontais. Déanfaidh sé moltaí maidir le himeachtaí ardán na grúpála Eorpaí um chomhar críochach (GECC), Chomhlachas Réigiúin Teorann na hEorpa, Laethanta Oscailte agus maidir lena gcuid comhdhálacha nó seimineár an ghrúpa féin;
    • An t-idirphlé a chothú: Fónfaidh an grúpa mar ardán cumarsáide a éascóidh an t-idirphlé leis an gCoimisiún (Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh (AS REGIO) go háirithe), le meithleacha i bParlaimint na hEorpa, le comhlachais Eorpacha agus geallsealbhóirí eile (e.g. Comhlachas Réigiúin Teorann na hEorpa (CRTE) agus aireachtaí iompair).

An Cathaoirleach: Pavel Branda, (CZ/ECR)


Teagmháil:
Rúnaíocht an Ghrúpa 

Vít Čaban
Delegation ​of Prague to the EU
Avenue Palmerston 16, 1000 Bruxelles
Tel: +420 773 790 126
vit.caban@praha.eu

An Grúpa Idir-Réigiúnach um Thodhchaí an Tionscail Gluaisteán​

Bunaíodh in 2009 é.

Misin:

    • Taithí a mhalartú idir na críocha maidir le saincheisteanna éagsúla a bhaineann leis an earnáil gluaisteán agus le todhchaí na soghluaisteachta (e.g. an tiomáint uathoibrithe, breoslaí iompair inbhuanaithe, scileanna, an beartas tionsclaíochta, an bonneagar, réigiúin ina bhfuil tionscal gluaisteán nó tionscal soláthair a fhorbairt);

    • Teagmháil a dhéanamh leis na hinstitiúidí Eorpacha agus le geallsealbhóirí eile agus barúlacha agus dea-chleachtais a mhalartú leo;

    • Teagmhálacha a chothú i measc grúpaí, réigiúin agus cathracha a bhfuil baint acu leis an earnáil gluaisteán agus leis an tsoghluaisteacht.
      ​ 

An Cathaoirleach: ​Thomas Gottfried Schmidt (DE/EPP) 

Leas-Uachtarán: María Victoria Navascués Chivite (ES/PES), Barbara Eibinger-Miedl (AT/EPP), József Berényi (SK/EPP)​

Teagmháil:
Rúnaíocht an Ghrúpa​

Hans-Joachim Gericke
Tel.: +32 2 2358743
corai@bxl.sachsen.de

https://www.smr.sachsen.de/en/automotive.html

An Grúpa Idir-Réigiúnach maidir leis an tSláinte agus leis an Dea-bhail (IRGHW)

Bunaíodh i mí na Samhna 2010 é.

Misin:

    • Feasacht a ardú faoin tionchar atá ag gach earnáil ar shláinte na saoránach agus na bpobal, agus, ina dhiaidh sin, faoin ngá atá le cur chuige il-leibhéil chun an tsláinte agus an dea-bhail a fheabhsú agus a chothú ar fud na hEorpa;
    • Smaointe agus eolas a chomhroinnt faoi na hinfheistíochtaí éifeachtacha atá le déanamh chun tacú le córais sláinte athléimneacha agus sláinte na sochaí a fheabhsú. Tríd sin, ba cheart béim a chur ar ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, agus ar chur chun feidhme Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, go háirithe;
    • Taithí a mhalartú faoi na dúshláin reatha i ndáil le hathchóirithe a chur chun feidhme ar an gcóras sláinte tráth a bhfuil teorainn le hacmhainní agus méadú ag teacht ar an éileamh;
    • Pléití a éascú maidir le tionscnaimh faoin mbeartas áitiúil chun pobail chomhtháite agus inbhuanaithe a thógáil ina ndéantar iompair shláintiúla a chur chun cinn agus a éascú;
    • Aird ar leith a thabhairt ar ghrúpaí leochaileacha sa tsochaí, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, agus aghaidh a thabhairt ar an meabhairshláinte ar aon chéim leis an tsláinte fhisiceach, ach peirspictíocht an chothromais sláinte a phríomhshruthú ar fud obair an ghrúpa;
    • Comhaltaí Choiste Eorpach na Réigiún a chur ar an eolas faoin gcleachtas is déanaí maidir leis an taighde agus leis an nuálaíocht i ndáil leis an gcaoi le déileáil leis na príomhghalair ainsealacha agus leis na hilghalrachtaí móra i ndaonra atá ag dul in aois.

An ​​Cathaoirleach: Birgitta Sacrédeus (SE/EPP)


Teagmháil:
Rúnaíocht an Ghrúpa:

Marco Di Donato
European Regional and Local Health Authorities
Rue du Trône 62, 1050 Ixelles
Bruxelles (Belgium)
secretariat@euregha.net

Grúpa Idir-Réigiúnach na Réigiún Oileánda​

Bunaíodh i mí Aibreáin 2015 é, cuireadh ar fionraí i mí na Bealtaine 2017 é agus rinneadh é a athréimniú i mí na Nollag 2018.

Misin:

    • Páipéar bán a dhréachtú agus a fhormheas i leith an tríú mír d’Airteagal 174 den dlí comhdhlúite maidir leis na hoileáin;

    • An ghné chríochach a neartú trí chomhdheiseanna forbraíochta a áirithiú le haghaidh na n-oileán;

    • Saincheisteanna a bhaineann leis an neamhleanúnachas oileánda agus críochach a chur i gcroílár an bheartais iompair Eorpaigh;

    • Beartas infheistíochta a sholáthar don Eoraip lena n-áirítear bearta agus ionstraimí sonracha le haghaidh rialtais na n-oileán;

    • Na rialacha atá ann cheana maidir leis an státchabhair réigiúnach a leasú chun na rialacha maidir leis na críocha oileánacha Eorpacha a chomhchuibhiú;

    • Bearta a sholáthar chun leochaileacht shonrach na gcríoch oileánda a chúiteamh i dtaca le héifeachtaí an athraithe aeráide;

    • Aistriú na n-oileán chuig samhail an gheilleagair chiorclaigh a spreagadh;

    • Iomaíochas na fiontraíochta oileánda a fheabhsú;

    • Uirlisí Eorpacha le haghaidh anailís chríochach a neartú trí chatagóir staidrimh oileánda a chruthú;

    • Comhlachtaí sonracha a chur ar bun a bheadh freagrach as saincheisteanna oileánda sa chomhthéacs Eorpach.
       

An Cathaoirleach: Gaetano Armao (IT/EPP)


Teagmháil:
Rúnaíocht an Ghrúpa:​​

Leonardo di Giovanna
Brussels office of the region of Sicily
Rue Belliard 12, 1040 Bruxelles
Tel: +32 26392574
leonardo.digiovanna@regione.sicilia.it

Faisnéis phraiticiúil faoi chruinnithe na ngrúpaí idir-réigiúnacha:

  • Ba cheart do na grúpaí idir-réigiúnacha teacht le chéile go rialta le linn a dtéarmaí, ar an dara lá den seisiún iomlánach de ghnáth.
  • Is ar bhonn deonach a ghlactar páirt i gcruinnithe na ngrúpaí réigiúnacha. Ní íoctar na rannpháirtithe agus níl siad i dteideal aisíocaíocht na gcostas.
  • Féadtar na cruinnithe a reáchtáil ar an láthair, ar bhonn hibrideach nó cianda, agus cúrsaí buiséid, comhshaoil agus eagraíochtúla á gcur san áireamh.
  • Tá na grúpaí idir-réigiúnacha i dteideal seirbhísí ateangaireachta i suas le trí theanga oifigiúla de chuid an Aontais le haghaidh dhá chruinniú sa bhliain, ar choinníoll go bhfuil dóthain acmhainní airgid agus lóistíochta ar fáil.
  • I gcás chruinnithe na ngrúpaí idir-réigiúnacha, ní mór na seirbhísí ateangaireachta a iarraidh 10 seachtaine roimh an gcruinniú atá beartaithe, ós rud é go mbíonn coinníollacha ar leith i bhfeidhm do na hateangairí.
  • Tá ar na grúpaí idir-réigiúnacha tuarascáil ar ghníomhaíochtaí a chur chuig Biúró CnaR gach dhá bhliain go leith.
  • Tá cead ag comhaltaí CnaR a bheith ina mball de ghrúpaí idir-réigiúnacha éagsúla in aon am amháin.

Pointe Teagmhála

Registry
Roinn :
 
Back to top