Seo a leanas na réimsí atá faoi shainchúram an
Choimisiúin um Beartas Eacnamaíoch:
- An Beartas Cánachais
- An Beartas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta
- An Beartas Iomaíochta agus Státchabhrach
- An Beartas Tionsclaíoch agus Tionsclaíocht 4.0
- An Margadh Inmheánach agus an Margadh Aonair Digiteach
- Beartas na FBManna agus Fiontraíocht
- Infheistíocht Phoiblí
- Maoiniú agus Infheistíocht Áitiúil/Réigiúnach
- Rialachas Eacnamaíoch, an Seimeastar Eorpach
- Rialachas na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna)
- Seirbhísí Poiblí
- Soláthar Poiblí
- Trádáil agus Taraifí Idirnáisiúnta (lena n-áirítear saincheisteanna na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT))
Tá rúnaíocht ECON freagrach freisin as duais na
Réigiún Fiontraíochta Eorpach (RFE), duais a bhronntar ar na réigiúin Eorpacha sin ag a bhfuil an fhís is inchreidte, is fadbhreathnaithí agus is dóchasaí agus an straitéis beartais fiontraíochta is nuálaí.
Tá rúnaíocht ECON i gceannas ar
Líonra na Mol Réigiúnach le haghaidh athbhreithniú ar chur chun feidhme bheartais an Aontais (RegHub). Is ardán é RegHub trína ndéantar páirtithe leasmhara ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach a rannpháirtiú i gcomhairliúcháin chun an taithí atá acu ar chur chun feidhme bheartais an Aontais a bhailiú.
Bainistíonn rúnaíocht ECON
an tArdán Leathanbhanda, ar tionscnamh comhpháirteach é idir Coiste Eorpach na Réigiún agus an Coimisiún Eorpach chun cuidiú le leanthanbhanda ardluais a chur ar fáil i ngach réigiún san Eoraip.
Tá príomhról agus ról comhordaithe ag ECON sa chaidreamh idir Coiste Eorpach na Réigiún agus
Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI), a bhfuil raon leathan gníomhaíochtaí agus réimsí beartais i gceist leis.
Ar deireadh, trí
shuirbhéanna, staidéir agus anailísí, cuidíonn rúnaíocht ECON lena comhaltaí monatóireacht a dhéanamh ar threochtaí reatha i gcathracha agus i réigiúin na hEorpa agus dea-chleachtais beartais a aithint.