Obair pholaitiúil
Bíonn Coiste Eorpach na Réigiún (an Coiste) rannpháirteach i gcéimeanna éagsúla de phróiseas reachtóireachta an Aontais Eorpaigh. Dréachtaíonn coimisiúin an Choiste tuairimí maidir le tograí reachtacha ón Aontas agus tagann comhaltaí le chéile i seisiún iomlánach chun vótáil a dhéanamh faoi na tuairimí sin agus chun iad a ghlacadh.
Bíonn an Coiste ag obair i ndlúthchomhar le húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, d'fhonn a chinntiú go dtabharfar éisteacht dóibh agus d'fhonn díospóireacht pholaitiúil a chothú, ní hamháin sa Bhruiséil ach i réigiúin agus cathracha an Aontais, lasmuigh den Eoraip agus ar líne.
Idirphlé agus comhar trasteorann a chur chun cinn
Déanann an Coiste comhairliúcháin a reáchtáil chun ionchur a fháil ó údaráis áitiúla agus réigiúnacha, ó shaineolaithe agus ó gheallsealbhóirí eile ionas gur féidir leo a rian féin a fhágáil ar na tuairimí arna moladh ag comhaltaí an Choiste le haghaidh glacadh ar leibhéal an Aontais.
Is éard is grúpaí idir-réigiúnacha ann grúpaí sainleasa comhdhéanta de chomhaltaí a thagann i gceann a chéile chun saincheisteanna a phlé ar bhonn áitiúil/réigiúnach nó uaireanta ar bhonn trasteorann.
Déanann an Coiste roinnt gréasán a chomhordú freisin ionas gur fearr is féidir le réigiúin agus le cathracha dea-chleachtais a mhalartú le chéile, ar an leibhéal Eorpach agus lasmuigh den Aontas Eorpach. Cuir i gcás, léiriú ar a bhfuil déanta ag an gCoiste i dtaca le beartas comharsanachta an Aontais Eorpaigh is ea Comhpháirtíocht an Oirthir (CORLEAP) agus an Comhthionól Eora‑Mheánmhara (ARLEM).
Tá níos mó comhar trasteorann ar siúl ag an gCoiste mar seo a leanas:
Gníomhaíochtaí i réimsí na monatóireachta, an mheasúnaithe agus an taighde
An meall mór ar deireadh, cuireann an Coiste roimhe
- a chinntiú go mbíonn ról le himirt ag gach leibhéal den rialtas agus go gcuirtear reachtaíocht an Aontais chun feidhme ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach
- measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag tograí reachtacha ón Aontas ar an láthair
- dílárú agus comhpháirtíocht threisithe a chothú ar mhaithe le cinnteoireacht éifeachtach san Aontas
- cur lena phleanáil straitéiseach trí iarracht a dhéanamh teacht roimh dhúshláin agus deiseanna a bheidh ann amach anseo, rud a d'fhéadfadh cuidiú leis an gcinnteoireacht leanúnach