Tá na réimsí seo a leanas faoi shainchúram an Choimisiúin um Beartas Comhtháthaithe Chríochaigh agus um Buiséad AE (COTER):
Comhtháthú Eacnamaíoch, Sóisialta agus Críochach;
Cistí Struchtúracha agus Pleanáil Spásúlachta;
Beartas Uirbeach agus Tithíochta;
Iompar agus Gréasáin Thras-Eorpacha Iompair;
Macrairéigiúin, Comhar Críochach, agus Staidreamh agus Táscairí Réigiúnacha;
Buiséad Bliantúil AE, Creat Airgeadais Ilbhliantúil agus Airgeadas Áitiúil agus Réigiúnach.
Tá Rúnaíocht COTER freagrach freisin as clár oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir le Grúpáil Eorpach um Chomhar Críche (GECC) agus as bainistiú Ardán GECC , rud a thugann le chéile ionadaithe polaitiúla agus teicniúla ó na GECCanna uile atá ann agus atá á dtógáil.
Sa bhreis air sin, tá COTER freagrach as Measúnuithe Tionchair Chríochaigh (TIAnna) Choiste na Réigiún. Sna TIAnna déantar anailís ar an tionchar críochach a d’fhéadfadh bheith ag tograí reachtacha AE a sholáthar do rapóirtéirí Choiste na Réigiún.
Maidir le Gníomhaíochtaí comhpháirteacha Choiste na Réigiún-ECFE – i réimsí amhail cáilíocht na hinfheistíochta poiblí, dílárú nó forbairt réigiúnach, uirbeach agus tuaithe – is é COTER atá á mbainistiú chomh maith. Is é príomhaidhm an chomhair seo an t-idirphlé polaitiúil idir ECFE agus rialtais áitiúla agus réigiúnacha an Aontais Eorpaigh agus i ndeireadh na dála feabhas a chur ar bheartais phoiblí a chothaíonn folláine eacnamaíoch agus shóisialta.