Tosaíochtaí polaitiúla 2020-2025  

hands

Ba iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, a ndéantar ionadaíocht orthu ar leibhéal an Aontais trí Choiste Eorpach na Réigiún, ba chnámh droma dhaonlathas na hEorpa i gcónaí. Tuigtear anois, de thoradh phaindéim COVID-19, gurb iad na ceannairí áitiúla agus réigiúnacha is cinn feadhna ar na pobail áitiúla, mar gheall ar an gcuma ar fhreagair siad don éigeandáil agus toisc gurb iadsan atá ag stiúradh théarnamh an Aontais. Dá bhrí sin, is é an príomh-mhisean a bheidh ag an gCoiste seo againne, mar sin, ná an Eoraip a thabhairt níos gaire do dhaoine trína sráidbhailte, trína cathracha agus trína réigiúin agus déanfar amhlaidh ag leanúint trí phríomhthosaíocht dúinn.
Ábhar

Tosaíochtaí polaitiúla​

Ní mór gach cinneadh a dhéanamh chomh gar do na saoránaigh agus is féidir sin, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta. Is éard atá i gceist leis sin ná ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach san Aontas a chur os comhair an phobail agus an ról sin a threisiú.

Is deis í an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa chun feabhas a chur ar an gcaoi a n-oibríonn an tAontas Eorpach, chun cleachtais rannpháirtíochta rathúla na sochaí sibhialta, atá forbartha ag ár gcomhaltaí ina dtoghcheantair, a roinnt agus a mhéadú, agus chun próiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh a athchóiriú. Leanfaimid orainn de bheith ag cinntiú go laghdaíonn reachtaíocht nua an Aontais an t-ualach riaracháin agus na costais cur chun feidhme a chuirtear ar ár réigiúin.

Ba cheart gach cinneadh Eorpach a dhéanamh i bhfianaise cé chomh tiomanta agus atáimid do dhul i ngleic leis na claochluithe sochaíocha móra atá le sárú ag ár sráidbhailte, ag ár gcathracha agus ag ár réigiún. Áirítear leo sin paindéimí domhanda, an t-aistriú chuig an ngeilleagar glas mar aon leis aistriú digiteach, dúshláin dhéimeagrafacha agus sreabha imirce. Má thagaimid slán as na haistrithe seo le chéile agus muid níos láidre dá bharr, sin é a chruthóidh ár gcumas smacht a bheith againn ar an am atá le teacht agus ár gcumas teacht aniar a chothú i bpobail áitiúla.

Cuirfimid an comhtháthú chun cinn mar bhunluach i mbeartais agus i gcláir uile an Aontais.

Chun an comhtháthú a chothú san Eoraip, tá gá le buiséad fadtéarmach agus uaillmhianach de chuid an Aontais lena gcuirfear cistiú struchtúrach agus comhtháthaithe leordhóthanach, mar aon le hinfheistíocht sa talmhaíocht, ar fáil do na réigiúin agus do na cathracha uile.

Ach tá níos mó i gceist leis an gcomhtháthú ná airgead amháin: is luach é a spreagann fás eacnamaíoch inbhuanaithe, a chruthaíonn deiseanna fostaíochta fadtéarmacha do chách agus a chuireann beartais áitbhunaithe a fhreastalaíonn ar riachtanais na saoránach i gcrích.

Tosaíocht 1

An Eoraip a thabhairt níos cóngaraí dá saoránaigh: an daonlathas agus todhchaí an Aontais

Athmhachnamh a dhéanamh ar an gcaoi a n-oibríonn an daonlathas sa lá atá inniu ann agus ar an gcaoi ar gá é a thabhairt suas chun dáta amach anseo ionas go mbeidh an tAontas Eorpach in ann freagairt do riachtanais na ndaoine ar bhealach níos éifeachtúla

Is é an phríomhthosaíocht atá againn ná an Eoraip a thabhairt níos cóngaraí dá saoránaigh agus daonlathas na hEorpa a neartú ar gach leibhéal rialtais. Tá sé d'aidhm againn feabhas a chur ar an gcaoi a n-oibríonn an tAontas, trína gcinnteofar go bhfreastalaíonn beartais agus cláir an Aontais ar fhíor-riachtanais na saoránach.

Tosaíocht 2

Bunathruithe sochaíocha a láimhseáil: pobail réigiúnacha agus áitiúla athléimneacha a chothú

Ag freagairt do na hathruithe móra atá le sárú ag ár réigiúin, ag ár gcathracha agus ag ár mbailte sa lá atá inniu ann trí chur chuige Eorpach atá comhleanúnach, comhtháite agus áitiúil.

Tá tionchar ollmhór ag paindéimí domhanda, an aeráid, aistrithe digiteacha agus déimeagrafacha, chomh maith leis an sreabhadh imirce, ar gach réigiún, cathair, baile agus sráidbhaile san Eoraip. A bhuí le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, tiocfaimid ar réitigh lena chinntiú go dtugann an tAontas a dhóthain tacaíochta d'údaráis áitiúla agus réigiúnacha chun freagairt d'éigeandálaí amach anseo agus chun go mbeidh siad in ann aghaidh a thabhairt ar na claochluithe sochaíocha atá ag tarlú ina bpobail faoi láthair.

Tosaíocht 3

Comhtháthú, ár mbunluach: beartais áitbhunaithe de chuid an Aontais

An tAontas Eorpach a chur ag fónamh dá shaoránaigh agus do na háiteanna ina bhfuil cónaí orthu

Ní airgead atá i gceist leis an gcomhtháthú. Bunluach an Aontais seo againne atá ann.

Is é an tríú tosaíocht a bheidh againn ná a chinntiú go ndéanfar an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chothú agus go ndéanfar é seo a urramú i mbeartais uile an Aontais a bhfuil tionchar acu ar dhaoine agus ar na háiteanna ina bhfuil cónaí orthu (beartais áitbhunaithe). Cuirfidh sé breisluach an chomhtháthaithe os comhair an phobail, ní hamháin mar bheartas, ach mar bhunluach a chaithfidh a bheith mar bhonn agus mar thaca ag beartais uile an Aontais.​


Doiciméid

  • An Eoraip a thabhairt níos cóngaraí dá saoránaigh: tosaíochtaí polaitiúla Choiste Eorpach na Réigiún do 2020-2025

    Teangacha atá ar fáil (23)
    1. български(16.27 MB-PDF)Íoslódáil
      Доближаване на Европа до хората — Политическите приоритети на Европейския комитет на регионите за периода 2020—2025 г.
    2. Čeština(16.25 MB-PDF)Íoslódáil
      Přiblížit Evropu občanům – Politické priority Evropského výboru regionů na období 2020–2025
    3. dansk(16.25 MB-PDF)Íoslódáil
      At bringe EU tættere på befolkningen – Det Europæiske Regionsudvalgs politiske prioriteter for 2020-2025
    4. Deutsch(16.25 MB-PDF)Íoslódáil
      Europas Bürgernähe stärken: die politischen Prioritäten des Europäischen Ausschusses der Regionen 2020–2025
    5. ελληνικά(16.29 MB-PDF)Íoslódáil
      Η Ευρώπη πιο κοντά στους πολίτες - Οι πολιτικές προτεραιότητες της Ευρωπαϊκής Επιτροπής των Περιφερειών για την περίοδο 2020-2025
    6. español(16.25 MB-PDF)Íoslódáil
      Acercar Europa a sus ciudadanos – Las prioridades políticas del Comité Europeo de las Regiones para 2020-2025
    7. eesti(16.24 MB-PDF)Íoslódáil
      Tuua Euroopa inimestele lähemale – Euroopa Regioonide Komitee poliitilised prioriteedid 2020–2025
    8. suomi(16.24 MB-PDF)Íoslódáil
      Unioni lähemmäs ihmisiä – Euroopan alueiden komitean poliittiset painopisteet vuosina 2020–2025
    9. français(16.25 MB-PDF)Íoslódáil
      Rapprocher l’Europe de ses citoyens — Priorités politiques du Comité européen des régions pour 2020-2025
    10. hrvatski(16.24 MB-PDF)Íoslódáil
      Europa bliža građanima – Politički prioriteti Europskog odbora regija za razdoblje 2020. – 2025.
    11. magyar(16.25 MB-PDF)Íoslódáil
      Emberközelibb Európa – A Régiók Európai Bizottsága politikai prioritásai a 2020–2025-ös időszakra
    12. italiano(16.24 MB-PDF)Íoslódáil
      Avvicinare l'Europa ai cittadini - Le priorità politiche del Comitato europeo delle regioni per il periodo 2020-2025
    13. lietuvių(16.24 MB-PDF)Íoslódáil
      Žmonėms artimesnė Europa. Europos regionų komiteto 2020–2025 m. politiniai prioritetai
    14. latviešu(16.25 MB-PDF)Íoslódáil
      Tuvināt Eiropu cilvēkiem: Eiropas Reģionu komitejas politiskās prioritātes 2020.–2025. gadam
    15. Malti(16.25 MB-PDF)Íoslódáil
      Inressqu lill-Ewropa eqreb taċ-ċittadini - Il-prijoritajiet politiċi tal-Kumitat Ewropew tar-Reġjuni għall-2020-2025
    16. Nederlands(16.25 MB-PDF)Íoslódáil
      Europa dichter bij de burger brengen – De beleidsprioriteiten van het Europees Comité van de Regio’s voor 2020-2025
    17. polski(16.25 MB-PDF)Íoslódáil
      Europa bliżej obywateli – priorytety polityczne Europejskiego Komitetu Regionów na lata 2020–2025
    18. português(16.25 MB-PDF)Íoslódáil
      Aproximar a Europa dos cidadãos – As prioridades políticas do Comité das Regiões Europeu para o quinquénio de 2020 a 2025
    19. română(16.25 MB-PDF)Íoslódáil
      Apropierea Europei de cetățeni – Prioritățile politice ale Comitetului European al Regiunilor pentru perioada 2020-2025
    20. slovenčina(16.25 MB-PDF)Íoslódáil
      Priblížiť Európu k občanom: politické priority Európskeho výboru regiónov na roky 2020 – 2025
    21. slovenščina(16.23 MB-PDF)Íoslódáil
      Približati Evropo ljudem – politične prednostne naloge Evropskega odbora regij v obdobju 2020–2025
    22. svenska(16.24 MB-PDF)Íoslódáil
      Föra EU närmare medborgarna – Europeiska regionkommitténs politiska prioriteringar 2020 2025
    23. English(9.06 MB-PDF)Íoslódáil
      Bringing Europe closer to people
    An raibh teanga eile uait nach bhfuil ar an liosta?  Eolas faoinár mbeartas teanga.
Roinn :
 
Back to top