Comhdháil na nUachtarán 

Tá Comhdháil na nUachtarán comhdhéanta den uachtarán, an chéad leas - uachtarán agus cathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla. Ullmhaíonn Comhdháil na nUachtarán obair an Choiste agus éascaíonn sí teacht ar chomhdhearcadh polaitiúil faoi na cinntí atá le déanamh ag comhlachtaí eile an Choiste (an Tionól Iomlánach, an Biúró, agus na coimisiúin).

Tagann Comhdháil na nUachtarán le chéile roimh chruinnithe uile an Bhiúró, de ghnáth ar an lá céanna. Eagraítear cruinnithe urghnácha sa Bhruiséil nó thar lear freisin, go háirithe dhá uair sa bhliain sa Bhallstát a bhfuil Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh aige.

Ábhar

Cén comhdhéanamh atá air?

Tá Comhdháil na nUachtarán comhdhéanta de na daoine seo a leanas: 

  • An tUachtarán 
  • An Chéad Leas-Uachtarán 
  • Uachtaráin (Cathaoirligh) na ngrúpaí polaitiúla 

Féadfaidh comhalta eile as a ngrúpa ionadaíocht a dhéanamh thar ceann chathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla.

Cad iad na cúraimí atá ar Chomhdháil na nUachtarán?

Pléifidh Comhdháil na nUachtarán aon cheist a chuirfidh an tUachtarán faoina bráid d’fhonn a ullmhú agus a éascú teacht ar chomhdhearcadh polaitiúil ar chinntí atá le glacadh ag comhlachtaí eile an Choiste. Ba cheart don Uachtarán, sa teachtaireacht uaidh nó uaithi chuig an mbiúró, tuairisc a thabhairt ar na pléití a tharla ag cruinniú Chomhdháil na nUachtarán.

Cé chomh fada atá téarma polaitiúil Chomhdháil na nUachtarán?

Fearacht an Uachtaráin agus an bhiúró, tá téarma dhá bhliain go leith ag Comhdháil na nUachtarán.

Doiciméid

Roinn :
 
Back to top