Bunaíodh an Líonra um Fhaireachán ar an gCoimhdeacht chun an malartú faisnéise idir údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus ar leibhéal an Aontais feadh an timthrialla beartais uile i dtaca le doiciméid éagsúla agus tograí reachtacha éagsúla a éascú. A luaithe a ghlacfar na doiciméid agus tograí sin beidh tionchar díreach acu ar na húdaráis sin agus ar na beartais a bhfuil siad freagrach astu.
I measc a chuid ball áirítear Parlaimintí agus Rialtais réigiún a bhfuil cumhachtaí reachtacha acu, údaráis áitiúla agus réigiúnacha nach bhfuil cumhachtaí reachtacha acu agus comhlachais rialtais áitiúil san Aontas Eorpach. Tá sé ar oscailt freisin do thoscaireachtaí náisiúnta Choiste na Réigiún agus do sheomraí parlaimintí náisiúnta.