Staid Réigiúin agus Chathracha an Aontais Eorpaigh 

11 Deireadh Fómhair 2022 

An 11 Deireadh Fómhair 2022, foilseoidh Coiste na Réigiún a Thuarascáil Bhliantúil maidir le Staid Réigiúin agus Chathracha an Aontais Eorpaigh. Spléachadh a bheidh sa tuarascáil ar na dúshláin is práinní atá le sárú ag na réigiúin agus na cathracha ar fud an Aontais agus úsáidfear í le cinntí beartais an Aontais a threorú.

Ábhar
 
Vasco Alv​​es Cordeiro, CoR President  
The state of regions and cities can only be the state of people's lives across Europe, in all their diversities.

An Eoraip a thuiscint: an dearcadh áitiúil agus réigiúnach

Agus í bunaithe ar staidéir a dhéanann agus a choimisiúnaíonn Coiste Eorpach na Réigiún é féin agus, freisin, ar thaighde acadúil, ar ionchur ó institiúidí Eorpacha eile agus ar dhoiciméid foinse oscailte, tugtar fíricí agus sonraí sa tuarascáil seo do lucht ceaptha beartas agus do gheallsealbhóirí ábhartha. Déanfar tagairt do phríomhthorthaí agus do phríomh-mholtaí na tuarascála san aitheasc bliantúil maidir le Staid Réigiúin agus Chathracha an Aontais Eorpaigh atá le tabhairt ag Vasco Alves Cordeiro, Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún, i seisiún iomlánach mhí Dheireadh Fómhair 2022.

I mbliana, díríonn an tuarascáil ar na dúshláin is práinní dá bhfuil roimh chathracha agus réigiúin an Aontais, ina measc, iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine, na héifeachtaí atá ann go fóill ó phaindéim COVID-19 agus an téarnamh nach mór a dhéanamh, an éigeandáil aeráide agus an t-aistriú fuinnimh, an comhrac i gcoinne na héagothromaíochta, agus todhchaí an daonlathais, bunaithe ar chonclúidí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa.

Beidh ‘an Baraiméadar Réigiúnach agus Áitiúil’ sa tuarascáil chomh maith. Suirbhé is ea an Baraiméadar ina gcuirtear tuairimí in iúl ó ionadaithe tofa ó gach cearn den Eoraip, arna dhéanamh i gcomhpháirtíocht le IPSOS.

Baraiméadar Réigiúnach agus Áitiúil

  • Tá os cionn milliún polaiteoir sna 27 mBallstát san Aontas Eorpach a toghadh ar an leibhéal fonáisiúnta. Is iomaí cineál toghcheantair atá faoi na polaiteoirí áitiúla sin ar leibhéil éagsúla rialtais, ina measc sin na stáit chónaidhme, na réigiúin, na cúigí, na contaetha, na ceantair agus na bardais. Suirbhé Eorabharaiméadair Flash is ardán tábhachtach é do pholaiteoirí áitiúla san Aontas chun tuairimí a chéile a chloisteáil faoi dhúshláin agus faoi thosaíochtaí na hEorpa.

    Tá léargas sna freagraí ar nithe éagsúla a dtabharfadh polaiteoirí áitiúla tús áite dóibh ar leibhéal an Aontais, sin agus ar a fheasaí atá siad ar thionscnaimh i ngach cearn den Aontas, faoi dheiseanna maoinithe ón Aontas, faoin dearcadh atá acu ar thodhchaí na hEorpa, agus faoi na freagairtí a thug siad ar an éigeandáil atá ann de dheasca chogadh na hÚcráine. 

     Na príomhthorthaí
  • Tuarascáil Bhliantúil an Aontais Eorpaigh maidir le Staid na Réigiún agus na gCathracha: Bileog eolais 2022

    Teangacha atá ar fáil (23)
    1. български(3.34 MB-PDF)Íoslódáil
      Годишен доклад на ЕС за състоянието на регионите и градовете: Информационен фиш за 2022 г
    2. Čeština(3.6 MB-PDF)Íoslódáil
      Výroční zpráva EU o stavu regionů a měst: Informativní přehled za rok 2022
    3. dansk(3.49 MB-PDF)Íoslódáil
      Årlig EU-rapport om regionernes og byernes tilstand: Faktablad 2022
    4. Deutsch(3.34 MB-PDF)Íoslódáil
      EU-Jahresbericht zur Lage der Regionen und Städte: Infoblatt 2022
    5. ελληνικά(3.62 MB-PDF)Íoslódáil
      Ετήσια έκθεση της ΕΕ για την κατάσταση των δήμων και των περιφερειών: Θεματικό δελτίο 2022
    6. English(3.33 MB-PDF)Íoslódáil
      EU Annual Report on the State of Regions and Cities: Factsheet 2022
    7. español(3.34 MB-PDF)Íoslódáil
      Informe anual de la UE sobre el estado de las regiones y las ciudades: Ficha informativa 2022
    8. eesti(3.33 MB-PDF)Íoslódáil
      ELi aastaaruanne linnade ja piirkondade olukorra kohta: Teabeleht 2022:
    9. suomi(3.49 MB-PDF)Íoslódáil
      EU:n vuosikertomus alueiden ja kuntien tilasta: Tietokooste 2022
    10. français(3.32 MB-PDF)Íoslódáil
      Rapport annuel de l’Union européenne sur l’état des régions et des villes: Fiche d’information 2022
    11. hrvatski(3.31 MB-PDF)Íoslódáil
      Godišnje izvješće EU-a o stanju regija i gradova: Informativni članak 2022.
    12. magyar(3.33 MB-PDF)Íoslódáil
      Az EU éves jelentése a régiók és a városok helyzetéről: Tájékoztató (2022)
    13. italiano(3.33 MB-PDF)Íoslódáil
      Rapporto annuale dell’UE sullo stato delle regioni e delle città: Edizione 2022
    14. lietuvių(3.32 MB-PDF)Íoslódáil
      ES metinė regionų ir miestų padėties ataskaita: 2022 m. informacijos suvestinė
    15. latviešu(3.74 MB-PDF)Íoslódáil
      ES gadskārtējais ziņojums “Stāvoklis reģionos un pilsētās”: 2022. gada faktu lapa
    16. Malti(3.71 MB-PDF)Íoslódáil
      Rapport Annwali tal-UE dwar l-Istat tar-Reġjuni u l-Bliet: Skeda informattiva 2022
    17. Nederlands(3.59 MB-PDF)Íoslódáil
      Jaarlijks verslag over de staat van de regio’s en steden in de EU: Factsheet 2022
    18. polski(3.49 MB-PDF)Íoslódáil
      Roczne sprawozdanie UE na temat stanu regionów i miast: Arkusz informacyjny 2022 r
    19. português(3.33 MB-PDF)Íoslódáil
      Relatório anual da UE sobre o estado das regiões e dos municípios: Ficha de informação 2022
    20. română(3.33 MB-PDF)Íoslódáil
      Raportul anual al UE privind starea regiunilor și orașelor: Fișă informativă pentru anul 2022
    21. slovenčina(3.71 MB-PDF)Íoslódáil
      Výročná správa EÚ o stave regiónov a miest: Prehľad za rok 2022
    22. slovenščina(3.7 MB-PDF)Íoslódáil
      Letno poročilo EU o stanju v regijah in mestih: Informativni pregled za leto 2022
    23. svenska(3.7 MB-PDF)Íoslódáil
      Den årliga rapporten om tillståndet i Europeiska unionens regioner och kommuner: Faktablad 2022
    An raibh teanga eile uait nach bhfuil ar an liosta?  Eolas faoinár mbeartas teanga.

Na hilmheáin

Regions & Cities move forward the green transition

 

Tuilleadh físeán

  • Regions & Cities move forward the green transition
    Regions & Cities move forward the green transition
  • Regions & Cities make solidarity a reality
    Regions & Cities make solidarity a reality
  • The COVID-19 affected regions & cities in many ways
    The COVID-19 affected regions & cities in many ways
  • Regions & Cities are key to a social union!
    Regions & Cities are key to a social union!

Na heagráin a bhí ann roimhe seo

Roinn :
 
Back to top