Téann an Coimisiún Eorpach i gcomhairle le Coiste Eorpach na Réigiún ag an gcéim is luaithe den phróiseas reachtach Eorpach maidir leis na réimsí beartais a mbíonn tionchar díreach acu ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha. Féadfaidh an Coiste seasamh a ghlacadh go réamhghníomhach freisin i ndáil le saincheist ar leith trí thuairim féintionscnaimh.
Turas daonlathach i dtrí chéim: plé, dréachtú agus vótáil
- Sannann Uachtarán an Choiste sainchomhad don choimisiún inmheánach ábhartha
- Ceaptar comhalta den Choiste mar rapóirtéir. Dréachtaíonn an rapóirtéir tuairim agus déanann sé nó sí í a thíolacadh lena plé, lena leasú agus lena glacadh ag comhaltaí an choimisiúin ábhartha
- Déantar an dréacht-tuairim a thíolacadh agus a phlé ag an gcéad seisiún iomlánach eile
- A luaithe a ghlacann comhaltaí den Choiste ag an seisiún iomlánach í, seoltar an tuairim chuig institiúidí uile an Aontais
Tuairimí a chuardach
Tionchar obair Choiste na Réigiún ar reachtaíocht an Aontais Eorpaigh
Is é is aidhm le hobair pholaitiúil Choiste na Réigiún ná tionchar na réigiún agus na n-údarás áitiúil san Eoraip a mhéadú.
Ní féidir an tionchar a bhíonn ag mórán de na tuairimí a mheas ach amháin sna blianta tar éis a nglactha, nuair a bhíonn dóthain dul chun cinn déanta sa phróiseas reachtach.
I gcaitheamh an ama sin, cuirtear tuarascálacha tionchair i dtoll a chéile, agus leas á bhaint as na hacmhainní seo a leanas chuige sin:
- Tuarascálacha ón gCoimisiún Eorpach maidir lena obair leantach ar thuairimí Choiste na Réigiún
- Bileoga measúnaithe tionchair Choiste na Réigiún ina ndéantar achoimre ar thionchar polaitiúil na dtuairimí ar dhoiciméid ón gCoimisiún Eorpach, doiciméid ó Pharlaimint na hEorpa agus doiciméid ón gComhairle
- Monatóireacht ar thionchar na dtuairimí ar na Meáin, arna déanamh ag preasoifig Choiste na Réigiún
- Na 150 imeacht bliantúil, ar an meán, a bhaineann le tuairimí, arna n-eagrú ag Coiste na Réigiún, cuireann siad leis an tionchar a bhíonn ag na tuairimí agus ag na rúin ó Choiste na Réigiún ar phróiseas reachtach an Aontais Eorpaigh.