Baraiméadar Réigiúnach agus Áitiúil 

Tá os cionn milliún polaiteoir sna 27 mBallstát san Aontas Eorpach a toghadh ar an leibhéal fonáisiúnta. Is iomaí cineál toghcheantair atá faoi na polaiteoirí áitiúla sin ar leibhéil éagsúla rialtais, ina measc sin na stáit chónaidhme, na réigiúin, na cúigí, na contaetha, na ceantair agus na bardais. Suirbhé Eorabharaiméadair Flash is ardán tábhachtach é do pholaiteoirí áitiúla san Aontas chun tuairimí a chéile a chloisteáil faoi dhúshláin agus faoi thosaíochtaí na hEorpa.

Tá léargas sna freagraí ar nithe éagsúla a dtabharfadh polaiteoirí áitiúla tús áite dóibh ar leibhéal an Aontais, sin agus ar a fheasaí atá siad ar thionscnaimh i ngach cearn den Aontas, faoi dheiseanna maoinithe ón Aontas, faoin dearcadh atá acu ar thodhchaí na hEorpa, agus faoi na freagairtí a thug siad ar an éigeandáil atá ann de dheasca chogadh na hÚcráine. 

Ábhar

Na príomhthorthaí 

  • Is éard a dúirt 76 % de na polaiteoirí áitiúla go bhfuil dídeanaithe ón Úcráin ag teacht isteach i limistéar a núdaráis réigiúnaigh nó áitiúil féin, agus is éard a dúirt leath na bhfreagróirí agus tuilleadh go gcuireann an t-údarás réigiúnach nó áitiúil s’acu féin cabhair den chineál ábhartha chuig an Úcráin.
  • Dúirt beirt as gach ceathrar díobh gurb é an bealach is éifeachtaí chun an Úcráin a atógáil réigiúin an Aontais a bheith páirteach i bplean na hatógála.
  • 88 % de na polaiteoirí áitiúla a cuireadh faoi agallamh, is éard ba dhóigh leo go láidir, nó is éard ba chlaonadh dá dtuairim, gur cheart an ‘comhtháthú’ a bheith ar cheann de bhunluachanna an Aontais Eorpaigh; Ba rud idir 68 % san Fhionlainn agus 100 % sa Phortaingéil a shíl an méid sin.
  • Seisear as gach deichniúr dár fiafraíodh díobh cén dearcadh a bhí acu ar bhreisluach an bheartais chomhtháthaithe le hais na sruthanna cistithe eile (náisiúnta nó réigiúnacha), is éard a dúirt siad gur úsáideadh cistí comhtháthaithe chun tacú le cineálacha sonracha tionscadal (62 %). Rud a dúirt duine as gach triúr polaiteoirí áitiúla nó mar sin gur úsáideadh maoiniú comhtháthaithe chun beartas AE a chomhtháthú i straitéisí a forbraíodh ar an leibhéal réigiúnach (31 %), agus is duine as gach cúigear nó mar sin a dúirt go dtacaíonn sé le comhpháirtíocht i measc gníomhaithe ar gach leibhéal institiúideach (20 %), sin agus le cobhsaíocht an mhaoinithe go fadtéarmach (16 %).
  • Maidir le feasacht i leith cistiú ón Aontas atá faighte ag a gcathair nó ag a réigiún féin le dhá bhliain anuas (faoin mBeartas Comhtháthaithe nó NextGenerationEU), thug 35 % de na polaiteoirí áitiúla le fios go bhfuil eolas acu ar scéimeanna cistithe ón Aontas.
  • Duine as gach deichniúr freagróirí a dúirt go raibh baint mhór acu féin (1 %), sin nó baint ba bheag (9 %), le dréachtú na bPleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta.
  • Dúirt 51 % de na freagróirí gur cheart an tacú le haistriú glas an gheilleagair a bheith i measc phríomhchuspóirí maoinithe an Aontais.
  • Dúirt 77 % de na freagróirí go mbeidh ar an Aontas na beartais mhaoinithe atá aige a chur in oiriúint don tionchar sóisialta agus eacnamaíoch atá an cogadh a imirt orainn.
  • Dar le 89 % de na freagróirí gur cheart níos mó tionchar a bheith ag na réigiúin agus na cathracha ar thodhchaí an Aontais Eorpaigh le himeacht ama.
  • Is éard a dúirt seisear as gach deichniúr freagróirí (65 %) go bhféadfadh na réigiúin agus na cathracha a bheith rannpháirteach sa díospóireacht ar Thodhchaí na hEorpa ar an mbealach ní b’éifeachtaí ach díospóireacht leanúnach faoi na cúrsaí sin a chinntiú go réigiúnach agus go háitiúil.

Thug IPSOS suirbhé i gcrích dar teideal ‘Polaiteoirí áitiúla an Aontais Eorpaigh agus todhchaí na hEorpa’. Idir 25 Iúil agus 11Meán Fómhair 2022, cuireadh agallamh ar 2698de pholaiteoirí áitiúla agus réigiúnda an Aontais. Is comhlánú a bhí ansin ar thorthaí an Tuarascáil Bhliantúil an Aontais Eorpaigh maidir le Staid na Réigiún agus na gCathracha , tuarascáil a d’fhoilsigh CESE.

Doiciméid

National Factsheets

  1. Austria

  2. Belgium

  3. Bulgaria

  4. Croatia

  5. Cyprus

  6. Czech Republic

  7. Denmark

  8. Estonia

  9. Finland

  10. France

  11. Germany

  12. Greece

  13. Hungary

  14. Ireland

  15. Italy

  16. Latvia

  17. Lithuania

  18. Luxembourg

  19. Malta

  20. Netherlands

  21. Poland

  22. Portugal

  23. Romania

  24. Slovakia

  25. Slovenia

  26. Spain

  27. Sweden

Roinn :
 
Back to top