Baraiméadar Bliantúil Réigiúnach agus Áitiúil an Aontais
Sa chéad eagrán seo a foilsíodh an 12 Deireadh Fómhair 2020, dírítear ar an tionchar a bhí ag paindéim COVID-19. Tá údaráis réigiúnacha agus áitiúla an Aontais Eorpaigh sa líne thosaigh agus iad ag iarraidh dul i ngleic leis an ngéarchéim sláinte agus daoine a choinneáil slán sábháilte. Tugtar le fios sa tuarascáil seo an chaoi a bhfuil ról ríthábhachtach acu freisin sa téarnamh eacnamaíoch. Cuirtear béim ar an tionchar a bhí ag an ngéarchéim ar na daoine is leochailí inár bpobail agus tugtar sonraí nua as suirbhé ar dhearcadh an phobail i leith na saincheisteanna sin. Rinneadh an suirbhé níos lú ná mí roimh fhoilsiú na tuarascála.
AN TUARASCÁIL