Cad iad na tíortha atá i gceist?
An Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an tSeoirsia, Poblacht na Moldóive agus an Úcráin.
Cad é is aidhm do CORLEAP?
Is é is aidhm do CORLEAP:
- ionadaíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a chomhordú laistigh de Chomhpháirtíocht an Oirthir
- comhlánú a dhéanamh ar iarrachtaí institiúidí an Aontais Eorpaigh agus geallsealbhóirí rannpháirteacha eile chun Beartas Comharsanachta na hEorpa a chur chun feidhme agus tacú leis na hiarrachtaí sin
- na coincheapa a scaipeadh a thabharfaidh tíortha comhpháirtíochta níos gaire don Aontas Eorpach agus a chothóidh athchóiriú inmheánach agus fothú acmhainní ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach
An chaoi a n-oibríonn sé
Feidhmíonn CORLEAP mar “ardán comhair críche". Is pointí teagmhála do CORLEAP ina dtíortha féin iad na comhlachais áitiúla agus réigiúnacha ó na stáit chomhpháirtíochta, agus is é Coiste na Réigiún an pointe teagmhála nádúrtha d'institiúidí an Aontais Eorpaigh. Leis sin cuirtear ar chumas CORLEAP faisnéis atá ábhartha do ghné áitiúil agus réigiúnach Chomhpháirtíocht an Oirthir a bhailiú agus a roinnt.
An comhdhéanamh atá air
Tá CORLEAP comhdhéanta de 36 pholaiteoir réigiúnacha agus áitiúla: 18 gcomhalta de Choiste na Réigiún agus 18 n-ionadaí ó na 6 thír i gComhpháirtíocht an Oirthir.
Tá trí shuíochán ag gach tír i gComhpháirtíocht an Oirthir. Dáiltear suíocháin an Aontais Eorpaigh de réir chomhdhéanamh polaitiúil Choiste na Réigiún, agus iad roinnte ar a chúig ghrúpa pholaitiúla: Páirtí an Phobail Eorpaigh (PPE), Páirtí na Sóisialaithe Eorpacha (PSE), Comhghuaillíocht na Liobrálaithe agus na nDaonlathaithe don Eoraip (ALDE), an Chomhghuaillíocht Eorpach (CE) agus an Grúpa do Choimeádaigh agus Leasaitheoirí na hEorpa (ECR)).
Idir cruinnithe bliantúla CORLEAP feidhmíonn Biúró mar chomhlacht stiúrtha. Tá an Biúró freagrach as comhordú a dhéanamh ar obair CORLEAP, as monatóireacht a dhéanamh ar a chuid gníomhaíochtaí, tuarascálacha agus rún. Tá an Biúró comhdhéanta de sheisear comhaltaí ó na tíortha comhpháirtíochta agus seisear comhaltaí de Choiste na Réigiún a dhéanann ionadaíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh.