Biúró 

Is éard atá sa Bhiúró grúpa comhaltaí de chuid Choiste na Réigiún. Is é is ceann feadhna polaitiúil ar an gCoiste. Is é a chuireann clár polaitiúil an Bhiúró i dtoll a chéile, agus is é a dhéanann maoirseacht ar chur chun feidhme an chláir. Tagann lucht an Bhiúró le chéile roimh gach seisiún iomlánach d’fhonn obair an tionóil iomlánaigh agus obair na gcoimisiún a chomhordú. Tagann siad le chéile faoi dhó in aghaidh na bliana ag cruinnithe urghnácha sa Bhallstát faoina bhfuil Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Ábhar

An bhfuil téarma polaitiúil ag an mBiúró freisin? Cá fhad a mhaireann an téarma sin?

Faoi mar is fíor i gcás an Uachtaráin, is téarma dhá bhliain go leith a bhíonn ag an mBiúró.

Cén comhdhéanamh atá air?

Is léiriú é an Biúró ar an iolrachas polaitiúil atá i réim i gCoiste na Réigiún. Is de na daoine seo a leanas atá sé comhdhéanta:

  • An tUachtarán
  • An Chéad Leas-Uachtarán
  • 27 Leas-Uachtarán eile (duine as gach Ballstát)
  • 26 chomhalta eile
  • cathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla.

Tá trí shuíochán ag an bhFrainc, ag an nGearmáin, ag an Iodáil, ag an bPolainn agus ag an Spáinn. Tá dhá shuíochán ag na Ballstáit seo a leanas: an Ostair, an Bheilg, an Bhulgáir, an Chróit, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Ghréig, an Ungáir, Éire, an Liotuáin, an Ísiltír, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic agus an tSualainn. Suíochán amháin atá ag na Ballstáit seo a leanas: an Chipir, an Eastóin, an Laitvia, Lucsamburg, Málta agus an tSlóivéin.

Cad iad na cúraimí atá ag an mBiúró?

Is iad príomhchúraimí an Bhiúró cur chun feidhme thosaíochtaí polaitiúla an Choiste a bhunú agus monatóireacht a dhéanamh air, chomh maith le hobair an tionóil iomlánaigh agus obair na gcoimisiún a chomhordú.

Doiciméid

Roinn :
 
Back to top