Comhchoistí comhairliúcháin (CCC)
Ráiteas misin
Cothaíonn comhchoiste comhairliúcháin cineál comhair atá comhsheasmhach cobhsaí le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ó aon tír atá ag lorg ballraíochta san Aontas Eorpach. Cuidíonn gníomhaíochtaí na gcomhchoistí comhairliúcháin inter alia le
- hionadaithe áitiúla agus réigiúnacha a ullmhú do bhallraíocht an Aontais Eorpaigh
- tionchar a bhíonn ag beartais de chuid an Aontais ón taobh áitiúil agus réigiúnach a mheas
- sreabhadh díreach faisnéise dhá threo maidir lena bhfuil ag tarlú ar bhonn polaitiúil sna tíortha agus san Aontas
- monatóireacht a dhéanamh ar an gcaibidlíocht agus díriú ar réimsí a bhfuil tábhacht faoi leith acu d'údaráis áitiúla agus réigiúnacha
Conas a chuirtear comhchoiste comhairliúcháin ar bun?
- Arna iarraidh sin do rialtas na tíre lena mbaineann
- Ar bhonn an "Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais (CCC)"
- Nó i bhfoirm dearbhú oifigiúil de chuid na "Comhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais" idir Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an tír is iarrthóir
Cé a ghlacann páirt sna comhchoistí comhairliúcháin?
- A leath díobh sin a ghlacann páirt, is ionadaithe áitiúla nó réigiúnacha iad ón tír lena mbaineann
- An leath eile, is comhaltaí de Choiste na Réigiún iad
- Tá beirt chomhchathaoirleach orthu a dhéanann ionadaíocht ar na catagóirí dá dtagraítear thuas
Conas a fheidhmíonn na comhchoistí comhairliúcháin?
- Is ar bhonn comhpháirteach a dhéantar cinntí
- Glacann gach comhchoiste comhairliúcháin a Rialacha Nós Imeachta féin
- Tagann comhchoistí comhairliúcháin i gceann a chéile faoi dhó sa bhliain, uair amháin sa Bhruiséil mar chuid de Lá an Mhéadaithe agus uair amháin eile sa tír chomhpháirtíochta