Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Ní mór don Aontas tacú le gach réigiún, cathair agus sráidbhaile chun astaíochtaí iompair nialasacha a bhaint amach faoi 2050  

Tá tiomantas an Aontais do bhreoslaí astaíochtaí ísle malartacha ríthábhachtach sa rás in aghaidh an athraithe aeráide ach ní mór dó a bheith ina aistriú cóir

Tá rabhadh tugtha ag Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) go bhfuil an riosca ann go mbainfear an bonn den tacaíocht a thugann ceannairí áitiúla agus réigiúnacha an Aontais don Chomhaontú Glas don Eoraip má fhágtar príomhearnálacha an gheilleagair áitiúil ar gcúl leis an aistriú chuig todhchaí níos inbhuanaithe. Sa díospóireacht iomlánach a bhí acu faoi thodhchaí an iompair agus sa tuairim uaidh a mhéid a bhaineann leis na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 a láidriú do ghluaisteáin agus veaineanna agus maidir le bonneagar breosla malartach a úsáid le haghaidh cathracha agus réigiúin san Aontas, leag comhaltaí CnaR béim go háirithe ar an ngá atá le cóir chomhionann idir ceantair uirbeacha agus ceantair thuaithe.

Le linn na díospóireachta iomlánaí leis an gCoimisinéir Eorpach um Iompar Adina Vălean , chuir ceannairí áitiúla agus réigiúnacha béim ar an ngá tacú le gach réigiún agus cathair chun iompar níos inbhuanaithe a bhaint amach, ar príomhghné é má tá an tAontas chun an sprioc aeráidneodrachta do 2050, a gealladh go dlíthiúil, a bhaint amach. Díríodh sa díospóireacht ar an gcaoi a bhféadfaí iompar a dhéanamh níos inbhuanaithe i bhfianaise sprioc an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip maidir le 90 % d’astaíochtaí iompair a laghdú faoi 2050. Cé go dtacaíonn réigiúin agus cathracha le ciorruithe an Choimisiúin, leag siad béim ar an ngá atá le cur chuige cóir agus comhionann a chur i bhfeidhm, go háirithe idir ceantair uirbeacha agus thuaithe, mar go bhfuil infheistíochtaí suntasacha i stáisiúin athluchtaithe agus athbhreoslaithe molta ag an gCoimisiún Eorpach chun an t-aistriú chuig soghluaisteacht leictreach nó inbhuanaithe a spreagadh.

Dúirt Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún agus Gobharnóir Réigiún na Macadóine Láir sa Ghréig, Apostolos Tzitzikostas an méid seo a leanas: ‘Tá gá le dícharbónú iomlán a dhéanamh ar earnáil an iompair agus is féidir é sin a bhaint amach má chomhlíontar riachtanais shonracha gach réigiúin, gach cathrach agus gach sráidbhaile. Ní mór do gach leibhéal rialtais teacht le chéile agus infheistiú le chéile faoi na pleananna téarnaimh náisiúnta, agus cómhaoiniú tiomnaithe ón Aontas tugtha do rialtais áitiúla agus réigiúnacha. Tá a lán réigiún ag brath ar thionscal na ngluaisteán, rud a chiallaíonn gurb ionann dlús á chur leis an aistriú glas agus infheistíocht a dhéanamh chun an lucht saothair áitiúil a athsciliú. Ní mór féachaint ar athrú seo na hEorpa i dtreo na soghluaisteachta glaise mar dheis, seachas ualach, do rialtais, do lucht tionscail agus do dhaoine.’

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Adina Vălean, an Coimisinéir um Iompar: ‘Faoi 2030, táimid ag súil go mbeidh 30 milliún gluaisteán leictreach ar a laghad ar bhóithre na hEorpa i gcomparáid le thart ar aon mhilliún gluaisteán sa lá atá inniu ann. Ach ní mór don bhonneagar a bheith ag teacht leis an éileamh. Tá cur chuige margadhbhunaithe ag ár dtogra le haghaidh Rialachán maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha, rud a chinntíonn go bhfuil na stáisiúin athluchtaithe agus athbhreoslaithe againn a theastaíonn uainn chun an t-éileamh sin a shásamh agus chun níos mó daoine aonair agus gnólachtaí a spreagadh chun aistriú go feithiclí leictreacha – nó go feithiclí breosla-chille hidrigine. Cuirfidh ár spriocanna acharbhunaithe ar chumas tiománaithe taisteal ar fud an Aontais gan imní a bheith orthu, agus áiritheofar leis na spriocanna flítbhunaithe go mbeidh pointí luchtaithe leordhóthanacha againn agus, ag an am céanna go mbeidh na Ballstáit agus na réigiúin in ann na suíomhanna a roghnú.’

Sa tuairim ó CnaR a mhéid a bhaineann leis na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 a láidriú do ghluaisteáin agus veaineanna agus maidir le bonneagar breosla malartach a úsáid, iarrtar go mbeidh sásra cómhaoiniúcháin Eorpach ann lena gcuirfear ar chumas gach réigiúin a bhonneagar a uasghrádú chun breoslaí níos glaise a chur ar fáil agus chun borradh a chur faoin éileamh ar fheithiclí níos inbhuanaithe. Ach, chuir CnaR i dtábhacht go bhfuil cur chuige níos comhtháite de dhíth maidir le cúrsaí pleanála, go háirithe chun ceantair uirbeacha agus thuaithe a nascadh ar bhealach níos éifeachtaí. Is saincheist shuntasach é freisin go mbeadh breoslaí malartacha ar fáil ar fud an Aontais ar fad, go háirithe sna ceantair thuaithe agus iargúlta nach bhfuil an bonneagar riachtanach iontu. In 2020, bhí 70 % de na pointí luchtaithe do ghluaisteáin leictreacha lonnaithe i dtrí thír Eorpacha – an Ísiltír, an Fhrainc agus an Ghearmáin – agus tá neamhionannais á gcruthú dá dheasca sin, agus dá dheasca rochtain níos éasca a bheith ar fheithiclí a dhéanann níos mó truaillithe in áiteanna eile san Eoraip, go háirithe i lár agus in oirthear an Aontais.

Chuir Adrian Teban (RO/PPE), Méara Cugir agus rapóirtéir don tuairim seo béim ar an méid seo a leanas: ‘ Tá gá le sásra um aistriú cóir ag leibhéal an Aontais do réigiúin atá ag brath ar thionscal na ngluaisteán chun athruithe a bhainistiú san earnáil seo, chun a áirithiú go bhfuil an córas nua soghluaisteachta inbhuanaithe atá bunaithe ar bhreoslaí malartacha inacmhainne agus inrochtana do gach saoránach agus chun a ráthú nach bhfágfar aon réigiún ar lár.’

Leag comhaltaí CnaR béim ar an ngá atá le hanailís a dhéanamh ar an tionchar eacnamaíoch réigiúnach a bheidh ag an aistriú chuig feithiclí bóthair atá saor ó astaíochtaí chun a áirithiú go dtacóidh an tAontas Eorpach leis an aistriú cóir i ngach réigiún. Tá comhghuaillíocht réigiún á forbairt ag CnaR faoi láthair chun aistriú cóir agus comhionann a áirithiú, go háirithe i réigiúin ina bhfuil earnáil na ngluaisteán ina príomhchuid den gheilleagar áitiúil.

Cúlra

Chun aistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú do gach cathair agus réigiún Eorpach, bhunaigh Coiste Eorpach na Réigiún an Feachtas um an gComhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil . Is é is aidhm don tionscnamh sin réigiúin agus cathracha a chur i gcroílár an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip chun ceannairí áitiúla agus réigiúnacha a chumhachtú chun gníomhú ar son an athraithe aeráide agus chun cur le seachadadh tionscadal inbhuanaithe atá cistithe ag an Aontas i bpobail áitiúla ar fud an Aontais Eorpaigh.

Teagmháil:

Theresa Sostmann

Teil. +32 2282 2457

Theresa.Sostmann@cor.europa.eu

Roinn :
 
Nuacht ghaolmhar

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/WE-NEED-TO-BUILD-A-RESILIENT-AGRICULTURAL-SYSTEM-EU-REGIONAL-AND-LOCAL-LEADERS-URGE.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/ZERO-TRANSPORT-EMISSIONS.ASPX

We need to build a resilient agricultural system, EU regional and local leaders urge
We need to build a resilient agricultural system, EU regional and local leaders urge
02.06.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/EUROPEAN-POLICIES-FIGHT-SOCIAL-TERRITORIAL-DISPARITIES-PROMOTE-COHESION.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/ZERO-TRANSPORT-EMISSIONS.ASPX

All European policies must fight social and territorial disparities and promote cohesion
All European policies must fight social and territorial disparities and promote cohesion
24.05.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/155-PLENARY-ANNOUNCEMENT.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/ZERO-TRANSPORT-EMISSIONS.ASPX

On cities' and regions' agenda: Ukraine's reconstruction, crises management, EU budget
On cities' and regions' agenda: Ukraine's reconstruction, crises management, EU budget
23.05.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/EU-TARGETS-FOR-WASTEWATER-TREATMENT-AND-AIR-QUALITY.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/ZERO-TRANSPORT-EMISSIONS.ASPX

Regions and cities need support to comply with ambitious EU targets for wastewater treatment and air quality
Regions and cities need support to comply with ambitious EU targets for wastewater treatment and air quality
11.05.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/KIRUNA-DECLARATION.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/ZERO-TRANSPORT-EMISSIONS.ASPX

Kiruna declaration calls for more support to remote areas to achieve just transition
Kiruna declaration calls for more support to remote areas to achieve just transition
28.04.2023