Inniu, sheol an Coimisiún Eorpach agus Coiste Eorpach na Réigiún ardán do gheallsealbhóirí chun cuidiú leis an b Plean Gníomhaíochta um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú . Glacadh an Plean Gníomhaíochta – plean a d’fhéadfaí a bhaint amach mar chuid lárnach den Chomhaontú Glas don Eoraip agus mar phríomhthéama Sheachtain Ghlas an Aontais Eorpaigh i mbliana – ar an 12 Bealtaine 2021. Leagtar amach ann fís chomhtháite do 2050 chun truailliú a laghdú go leibhéil nach ndéanann dochar a thuilleadh do shláinte an duine ná d’éiceachórais nádúrtha, chomh maith le spriocanna idirmheánacha do 2030, agus gníomhaíochtaí chun na cuspóirí a bhaint amach.
Tá ról lárnach le himirt ag cathracha agus ag réigiúin maidir leis an bhfís seo a chur i ngníomh ar an leibhéal áitiúil. Má táthar chun truailliú a laghdú, tá gá le roghanna glana don tsoghluaisteacht réigiúnach agus uirbeach agus don fhuinneamh, d’infheistíochtaí i bhfoirgnimh agus i mbonneagar, agus don phleanáil spásúil fhoriomlán. Bíonn tionchar ag na cinntí sin go léir ar shláinte agus ar fholláine na saoránach.
Dúirt an Coimisinéir um an gComhshaol, um na hAigéin agus um an Iascach, Virginijus Sinkevičius : "Tá na cathracha agus na réigiúin ar thús cadhnaíochta i gcur chun feidhme beartas a bhaineann le truailliú agus is iad is mó a spreagann an t-aistriú glas. Tá a lán acu ag teacht ar réitigh nuálacha cheana féin chun an t-aer, an t-uisce agus an ithir a ghlanadh, agus chun patrúin níos inbhuanaithe táirgthe agus tomhaltais a chothú. Tá áthas orm dul i gcomhar le Coiste Eorpach na Réigiún chun an t-ardán nua seo a chruthú chun na smaointe maithe seo a roinnt, agus chun tacú le cuspóirí maidir le truailliú nialasach ar an leibhéal áitiúil.”
Ba dhíol sásaimh d’Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún agus Gobharnóir Réigiún na Macadóine Láir sa Ghréig, Apostolos Tzitzikostas , an t-Ardán agus dúirt sé: “Tá sé de chúram orainn go léir gníomhú chun ár gcomhshaol a chosaint, chun go mbeidh todhchaí shábháilte agus shláintiúil ag ár leanaí agus ag ár bpláinéad, rud atá tuillte acu. Ní mór do rialtais, do ghnólachtaí agus do pháirtithe leasmhara teacht le chéile chun stop a chur le truailliú uiscí, aeir agus talún san Aontas. Chuige sin, tá ceannaireacht áitiúil de dhíth, agus ar an gcúis sin tá lúcháir ar Choiste Eorpach na Réigiún Ardán Gheallsealbhóirí an Truaillithe Nialasaigh a sheoladh leis an gCoimisiún Eorpach”
Dúirt Vasco Alves Cordeiro , an Chéad Leas-Uachtarán ar Choiste Eorpach na Réigiún agus Feisire de Pharlaimint Réigiúnach na nAsór, a ghlac páirt i seoladh Ardán Gheallsealbhóirí an Truaillithe Nialasaigh: “tá rialtais áitiúla agus réigiúnacha freagrach as 70% de bheartais AE, 70% de na bearta maolaithe aeráide agus suas le 90 % de na bearta um oiriúnú don athrú aeráide a chur i gcrích. Tá an Plean Gníomhaíochta um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú ríthábhachtach chun beatha daoine a shábháil agus chun todhchaí níos inbhuanaithe a chruthú. Cuideoidh a Ardán le spriocanna Eorpacha a chur i ngníomh ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, toisc gur fearr is féidir le réigiúin agus cathracha measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart agus ar chomhlíonadh na spriocanna. Chun go n-éireoidh leis sin, ní mór próiseas oscailte cuimsitheach a bheith ann, ina ndéanfar saoránaigh, fiontair bheaga agus mheánmhéide, gnólachtaí, gluaiseachtaí sóisialta agus institiúidí taighde a chur i mbun gnímh. Tá sé ríthábhachtach sineirgí a fhiosrú agus comhtháthú críochach a áirithiú.”
Cuideoidh Ardán Gheallsealbhóirí an Truaillithe Nialasaigh leis na tionscnaimh shuaitheanta agus na gníomhaíochtaí suaitheanta a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú a bhaint amach tríd an méid seo a leanas:
gníomhaithe ó phobail éagsúla agus ó réimsí éagsúla saineolais a thabhairt le chéile chun dul i ngleic le dúshláin idirghaolmhara, e.g. clár oibre comhpháirteach don chomhshaol agus don tsláinte a neartú;
comhfhís a shainiú maidir leis an mbealach ina bhféadfar cuspóirí maidir le truailliú nialasach a bhaint amach;
dea-chleachtais a fhorbairt agus a roinnt maidir le hábhair thrasearnálacha amhail maoiniú le haghaidh nuálaíocht agus poist atá saor ó thruailliú, borradh a chur faoi tháirgeadh agus tomhaltas inbhuanaithe, agus moil théamacha a chruthú amhail Clean Air Tech Hub (Mol Teicneolaíochta an Aeir Ghlain).
Fógraíodh an seoladh ag deireadh Sheachtain Ghlas an Aontais Eorpaigh i mbliana, an t-imeacht is mó in aghaidh na bliana maidir le beartas comhshaoil an Aontais, mar ar tháinig níos mó ná 3 000 rannpháirtithe ó gach cearn den Aontas le chéile chun an truailliú nialasach a phlé ó gach taobh ag an bpríomh-chomhdháil sa Bhruiséil, ar líne, agus ag breis agus 600 imeacht comhpháirtíochta ar fud na hEorpa. Seoladh Seachtain Ghlas an Aontais Eorpaigh Dé Luain, an 31 Bealtaine 2021 in Lahti, Príomhchathair Ghlas na hEorpa 2021.
Cúlra
Is é an truailliú an chúis chomhshaoil is mó le galair mheabhracha agus fhisiceacha, agus le bás anabaí, go háirithe i measc grúpaí leochaileacha amhail leanaí, daoine a bhfuil riocht sláinte áirithe orthu agus glúnta níos sine. Is minic a chónaíonn daoine a bhfuil cónaí orthu i limistéir atá faoi mhíbhuntáiste gar do shuíomhanna éillithe nó i limistéir ina bhfuil sreabhadh tráchta ardaithe. Tá truailliú ar cheann de na príomhchúiseanna le cailliúint na bithéagsúlachta, rud a laghdaíonn cumas na n-éiceachóras seirbhísí a sholáthar amhail ceapadh carbóin agus dí-éilliú aeir agus uisce.
Bíonn tionchar ar leith ag an truailliú ar chathracha. Tá os cionn 100 cathair san Aontas nach gcomhlíonann caighdeáin an Aontais maidir le cáilíocht an aeir go fóill. Agus in ainneoin na bhfeabhsuithe ar chomhlíonadh na bhforálacha maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh, tá séarachas ann fós ó thart ar 37 milliún duine nach gcóireáiltear mar is ceart, agus tá 7 phríomhchathair i mBallstáit an Aontais nach gcomhlíonann na híoscheanglais. Chun a áirithiú go ndéanfar cóireáil chóir fuíolluisce, beidh gá le hinfheistíochtaí os cionn EUR 200 billiún sna blianta atá le teacht.
Ba í Seachtain Ghlas an Aontais an chéad imeacht mór le geallsealbhóirí a eagraíodh ar thruailliú nialasach tar éis ghlacadh an phlean gníomhaíochta um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú. Leanfaidh Ardán Gheallsealbhóirí an Truaillithe Nialasaigh ar na malartuithe sin. Cuirfidh an Coimisiún agus Coiste Eorpach na Réigiún tús le gníomhaíochtaí faoi dheireadh na bliana trí léiriú spéise a sheoladh chun rannpháirtíocht fhorleathan a áirithiú agus chun díriú ar phríomhthéamaí le haghaidh comhghníomhaíochta. Ina theannta sin, bunóidh Ardán Gheallsealbhóirí an Truaillithe Nialasaigh sineirgí le tionscnaimh ábhartha eile, amhail an Comhshocrú Aeráide Eorpach agus Ardán Eorpach Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh .
Le haghaidh tuilleadh eolais
Communication on EU Action Plan: ‘Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil’
Zero Pollution Action Plan webpage
Seachtain Ghlas an Aontais 2021 tiomanta do thruailliú nialasach
Green Deal Going Local ó Choiste Eorpach na Réigiún
Maidir le ceisteanna faoi Ardán Gheallsealbhóirí an Truaillithe Nialasaigh:
ENV-ZERO-POLLUTION@ec.europa.eu
Teagmháil phreasa:
An Coimisiún Eorpach: Daniela Stoycheva/ Daniela.Stoycheva@ec.europa.eu
Coiste Eorpach na Réigiún: David Crous/ David.Crous@cor.europa.eu