Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Taraifí de chuid na Stát Aontaithe ar tháirgí agraibhia an Aontais Eorpaigh: bearta cúitimh práinneacha á n-éileamh ag na réigiúin  
Tacaíocht mhór ó réigiúin an Aontais chun cúiteamh a dhéanamh ar ghnólachtaí agraibhia a n - imríonn taraifí 25 % ar 1 400 táirge réigiúnacha tionchar orthu, agus tá fíon, cáis, ola olóige agus licéir san áireamh sna táirgí sin

Buile buailte ar tháirgí agraibhia réigiúnacha Eorpacha de dheasca díospóidí trádála idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe. I ndíospóireacht iomlánach, chuir ionadaithe na gcathracha agus na réigiún san Eoraip in iúl gur mór an chúis imní dóibh go bhfuil taraifí de chuid na Stát Aontaithe ag déanamh dochair d'earnálacha táirgiúla agus ag cur isteach ar gheilleagair áitiúla agus ar líon mór gnólachtaí teaghlaigh. Toscaireacht na Spáinne a d'ullmhaigh an seasamh faoin ábhar seo agus anois tá Coiste Eorpach na Réigiún chun sraith achomharc ar chomhaontuithe trádála a chur san áireamh i dTuairim a phléifear i mí na Bealtaine 2020. Mar fhreagairt ar an gcabhair a thug an tAontas do Airbus, tá taraifí ar fiú €6.9 billiún iad á bhforchur ag na Stáit Aontaithe, rud a bhfuil tionchar aige ón 18 Deireadh Fómhair 2019 i leith ar bhreis agus 1 400 táirge.

Inniu, reáchtáil Coiste Eorpach na Réigiún díospóireacht dhian faoin ngá atá ann cúiteamh a thabhairt go práinneach d’earnálacha a bhfuil tionchar ag taraifí orthu, ar taraifí iad a d’fhorchuir rialtas Trump orthu le déanaí. Páipéar seasaimh, a chuir toscaireacht na Spáinne i láthair, atá mar bhunús leis an díospóireacht.

Tacaíonn an iliomad réigiún le páipéar seasaimh na Spáinne, ina moltar go mór don Aontas teacht ar réiteach tairbheach chun cúrsaí mar atá a chur ina gceart, chun cúiteamh a thabhairt do ghnólachtaí atá thíos leis na taraifí nua agus chun bearta maolaitheacha a phleanáil le haghaidh earnálacha agus táirgí a bhféadfadh na torthaí a bheidh ar phróiseas réitigh díospóide na hEagraíochta Domhanda Trádála, próiseas a bheidh ann go luath maidir leis an díospóid idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe, tionchar a imirt orthu.

Thar ceann thoscaire na Spáinne chuig Coiste Eorpach na Réigiún, dúirt Joan Calabuig (ES/PSE) , an Rúnaí Réigiúnach don Aontas Eorpach agus don Chaidreamh Seachtrach de chuid réigiún Valencia go bhfuil sé riachtanach go dtabharfadh an tAontas bearta cúiteacha práinneacha isteach chun cuidiú le gach earnáil agraibhia agus talmhaíochta Eorpach atá thíos le frithbhearta de chuid na Stát Aontaithe a cuireadh chun feidhme mar thoradh ar an gcabhair a thug an tAontas don mhonaróir aerárthaí Airbus. Beidh tionchar ag na taraifí atá á bhforchur ag na Stáit Aontaithe ar gheilleagair áitiúla, rud a rachaidh chun aimhleasa do chuid mhór gnólachtaí teaghlaigh beaga. Ós rud é go bhfuil roinnt fógairtí ar feitheamh ag an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, iarrann Coiste Eorpach na Réigiún ar an gCoimisiún Eorpach féachaint roimhe níos mó ina chuid oibre agus bearta maolaitheacha á gceapadh aige d’earnálacha a bhféadfadh tionchar díreach a bheith ag toradh na bpróiseas réitigh díospóide amach anseo orthu. Bailíonn réigiúin na Spáinne trádáil bhliantúil ar fiú €930 milliún í le haghaidh táirgí agraibhia leis na Stáit Aontaithe.

Tá margadh na Stát Aontaithe ar cheann de na príomhchinn scríbe dá bhfuil ann i gcomhair onnmhairí táirgí talmhaíochta agus agraibhia Eorpacha. Tá taraifí ar tháirgí aerloingseoireachta socraithe ag 10   %, cé go bhfuil an chuid eile de na táirgí, agraibhia den chuid is mó, faoi réir ráta cánach 25   %.

Dúirt Michael Murphy (IE/PEE), comhalta de Chomhairle Cathrach Thiobraid Árann, Ceann thoscaire na hÉireann agus rapóirtéir don tuairim atá ar na bacáin ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir le comhshocruithe trádála, go raibh an-imní air faoin tionchar atá ag na smachtbhannaí sin ar réigiúin in Éirinn atá ag brath go mór ar an earnáil agraibhia, agus a réigiún féin san áireamh. Ní thagann aon sochar dá bharr do réigiúin an Aontais ná do réigiúin na Stát Aontaithe dar leis. Cuirtear éiceachórais tháirgiúla trí chéile de dheasca díospóidí trádála agus bíonn a dtionchar le brath ar na leibhéil áitiúla i dtosach báire. Dála na Spáinne, tá ualach mór ar réigiúin na hÉireann de dheasca na dtaraifí atá á bhforchur ag na Stáit Aontaithe. Dúirt sé freisin gur den tábhacht bearta tacaíochta éigeandála a chur i bhfeidhm chun na caillteanais sin a mhaolú fad a oibríonn an tAontas ar réiteach caibidlithe ar an díospóid seo. Ina cháil mar rapóirtéir ar Thuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir le cur chun feidhme comhaontuithe saorthrádála, tá sé ag tnúth le bheith ag obair leis na geallsealbhóirí agus le pléití a éascú faoi uirlisí agus modhanna a fhorbairt is féidir a úsáid chun cur le glacadh comhaontuithe saorthrádála agus leis an tuiscint orthu a dhoimhniú, go háirithe i measc micrifhiontar agus FBManna ar fud réigiúin an Aontais.

Tá sé ar an taifead go ndearna Éire earraí ar fiú €39.4 billiún iad a onnmhairiú chuig na Stáit Aontaithe in 2018. B’ionann luach iomlán na n-onnmhairí de chuid na hÉireann in 2018, a bhí faoi réir bearta de chuid na Stát Aontaithe, agus €366 mhilliún, rud a mheallfadh, ar ráta 25   %, €91.6 milliún i dtaraifí breise. Cuimsíonn onnmhairí d’uachtar licéir Éireannaigh agus d’im ó réigiúin na hÉireann 44   % agus 95   % faoi seach de luach iomlán na dtaraifí ar na hearraí dírithe sin.

Dúirt Guillaume Cros, Leas-Uachtarán Réigiún Occitanie agus rapóirtéir Choiste Eorpach na Réigiún maidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta, go ndearnadh earnáil talmhaíochta an Aontais a lagú de dheasca tosaíocht a bheith tugtha don onnmhairiú agus don allmhairiú. Chun cuspóir an Aontais a bhaint amach maidir leis an aeráid, ní mór ár mbeartas tráchtála a athbhreithniú, dar leis, agus sin trí thosaíocht a thabhairt don Mhargadh Eorpach agus tríd an bhfeidhm cheart a bhaint as an tráchtáil idirnáisiúnta. Sin an fáth ar iarr Coiste Eorpach na Réigiún ar an Aontas an tionchar uile atá aige ina cháil mar an t-allmhaireoir agus mar an t-onnmhaireoir is mó ar domhan d'earraí bia a úsáid chun na rialacha maidir leis an trádáil talmhaíochta idirnáisiúnta a leasú ionas go mbeadh an caidreamh trádála níos córa agus níos comhtháite.

Murab ionann agus an seaimpéin, meastar go mbeidh tionchar mór ag taraifí nua de chuid na Stát Aontaithe ar earnáil an fhíona Fhrancaigh , ós rud é go gcuimsíonn margadh na Stát Aontaithe 20   % d’onnmhairí an fhíona Fhrancaigh agus €1 bhilliún den ioncam bliantúil. Cuireann tionscal bia na Gearmáine 1.7 billiún onnmhaire, ar an iomlán, chuig margadh na Stát Aontaithe. Measann Comhlachas feirmeoirí na hIodáile go mbeidh tionchar ag na frithbhearta ar luach €500 milliún dá gcuid onnmhairí. San Ostair , beidh tionchar acu ar €4 mhilliún d'onnmhairí cáise agus ar €11 mhilliún d'onnmhairí sú torthaí.

Tugtar rabhadh i bpáipéar seasaimh na Spáinne go bhféadfadh bearta breise cánach teacht as forchur na dtaraifí, rud a dhéanfaidh díobháil d’earnálacha táirgiúla eile de chuid na Stát Aontaithe agus an Aontais araon.

Tugtar chun cuimhne ann go bhfuil roinnt fógairtí fós ar feitheamh ag an Eagraíocht Dhomhanda Trádala i dtaca le díospóidí trádála Airbus agus Boeing agus iarrtar ar an gCoimisiún Eorpach an bunús domhanda a shocrú le haghaidh na cabhrach don tionscal aerloingseoireachta agus bearta maolaitheacha a phleanáil d’earnálacha agus do tháirgí a bhféadfadh tionchar a bheith ag torthaí nua an phróisis réitigh díospóide orthu.

Sa pháipéar sin, moltar go mór go neartófaí an bealach cumarsáide idir rialtas na Stát Aontaithe agus an tAontas Eorpach d’fhonn teacht ar shocrú tairbheach trína gcuirfear cúrsaí mar atá ina gceart.

Ina theannta sin, cuirtear i bhfáth ann go bhfuil na comhaontuithe trádála idir an tAontas agus tríú tíortha riachtanach chun earnálacha talmhaíochta agus agraibhia a fhorbairt i réigiúin Eorpacha.

Cúlra

Cliceáil anseo chun teacht ar liosta iomlán na dtáirgí agus na dtíortha a bhfuil tionchar ag taraifí de chuid na Stát Aontaithe orthu.

Teagmháil: David Crous / david.crous@cor.europa.eu / +32 (0) 470 88 10 37

Roinn :