Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
An Limistéar Eorpach Taighde: ní mór aitheantas iomlán a thabhairt do na Moil Nuálaíochta Réigiúnacha  

Is mian leis na cathracha agus na réigiúin páirt iomlán a ghlacadh i rialachas agus i gcur chun feidhme bheartais taighde agus nuálaíochta na hEorpa. Thar rud ar bith eile, d’fhéadfadh tabhairt isteach mhoil an Limistéir Eorpaigh Taighde (moil LET) feidhmiú mar uirlis ríthábhachtach chun cuspóirí an Aontais Eorpaigh maidir leis an aistriú éiceolaíoch, digiteach, sóisialta agus eacnamaíoch a bhaint amach, mar atá léirithe ag Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) i dtuairim a dhréachtaigh Christophe Clergeau (FR/PSE), comhalta de Chomhairle Réigiúnach Pays-de-la-Loire.

I mí Mheán Fómhair 2020, ghlac an Coimisiún Eorpach teachtaireacht dírithe ar an Limistéar Eorpach Taighde (LET) a athbheochan trí fhís nua, cuspóirí soiléire agus gníomhaíochtaí sonracha nua a shainiú. Cé go dtugtar aitheantas níos fearr i gcodanna áirithe den tuairim d’éiceachórais nuálaíochta réigiúnacha, tugann CnaR dá aire gur faoi chúram an Choimisiúin agus na mBallstát go príomha atá rialachas LET go fóill, agus gur ceapadh é mar a bheadh leagan eile den chlár Fís Eorpach ann, seachas druidim i dtreo “Limistéar Eorpach Oideachais agus Taighde”, rud is oth le CnaR”.

Dá bhrí sin, molann an Coiste cur chuige trasearnálach a bhfuil dlúthbhaint aige le beartais réigiúnacha, agus páirt ag réimse leathan geallsealbhóirí ann – mar atá, an saol acadúil, an tionsclaíocht, leibhéil éagsúla den earnáil phoiblí, na saoránaigh agus an tsochaí shibhialta – agus leagann sé béim freisin ar an ngá atá ann aitheantas iomlán a thabhairt don ról atá ag speisialtóireachtaí cliste agus ag a bpróiseas comhchoiteann agus fiontraíochta mar cheann de na bunchlocha atá faoi fheidhmíocht taighde agus nuálaíochta na hEorpa.

Dar leis an rapóirtéir Christophe Clergeau , “ Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an Limistéar Eorpach Taighde, chomh maith le barrfheabhas a bhaint amach, eolaíocht ardcháilíochta a bheith ar fáil i gcathracha agus i réigiúin uile an Aontais Eorpaigh, ar féidir leas a bhaint aisti chun borradh a chur faoin nuálaíocht agus chun cabhrú leis an tsochaí agus le gnólachtaí dul i ngleic le dúshláin na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna an lae inniu. Is uirlis idéalach iad na moil LET chun na buntáistí a bhaineann le cur chuige áitbhunaithe i leith na heolaíochta agus na nuálaíochta a aithint go hiomlán. Tá an cur chuige sin níos riachtanaí fós i bhfianaise na ngéarchéimeanna atá ann faoi láthair, a dtionchair ar na réigiúin is leochailí agus is mó atá buailte, agus i bhfianaise na hilroinnte atá tagtha ar LET.”

San óráid a thug sí ag seisiún iomlánach CnaR inniu, chuir Mariya Gabriel , an Coimisinéir Eorpach um Nuálaíocht, um Thaighde, um Chultúr, um Oideachas agus um an Óige, béim ar an méid seo a leanas: "Beidh ról lárnach ag na réigiúin agus na cathracha maidir leis an Limistéar Eorpach Taighde a neartú, agus cuideoidh siad leis an téarnamh agus le hathléimneacht na hEorpa. Tríd an bplean gníomhaíochta comhpháirteach atá curtha ar bun againn i gcomhar le CnaR, cuirfimid ar chumas taighdeoirí, fiontraithe agus na sochaí sibhialta a n-éiceachórais réigiúnacha taighde agus nuálaíochta a threisiú agus a bheith mar chuid de líonra uile-Eorpach barr feabhais.”

Dúirt an Feisire Dan Nica (RO/S&D) an méid seo a leanas: “Cé go bhfuil an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta i réimsí an taighde agus na nuálaíochta agus an chomhoibrithe eolaíoch idirnáisiúnta, tá sé tite chun deiridh a fhad a bhaineann le nuálaíocht shuaiteach a chruthú ar bhonn a thorthaí taighde agus a fhad a bhaineann le taighde agus cumais theicneolaíocha a spreagadh sna réigiúin bheagfhorbartha. Ba cheart béim níos láidre a chur ar an gcaidreamh idir taighde agus gnólachtaí, ar a mhéid atá eolaíocht ar ardchaighdeán ar fáil i gcathracha agus réigiúin uile an Aontais agus ar an ról atá acu sa phróiseas comhchruthaithe. Tá súil agam gur féidir le “moil LET” aitheantas níos fearr a thabhairt d’éiceachórais réigiúnacha agus do mhoil nuálaíochta agus go gcuirfidh siad borradh faoi réigiúin bheagfhorbartha freisin.”

Is mian le CnaR go n-aithneofaí ar a laghad idir 50 agus 100 suíomh san Eoraip mar “mhoil LET”, lena n-áirítear éiceachórais atá ag teacht chun cinn i gcuid de na réigiúin is mídheisiúla. Ba cheart iad a aithint mar phointí tábhachtacha tacaíochta chun cuspóirí an Aontais Eorpaigh a bhaint amach agus ba cheart don Aontas tacú go díreach leo, lena n-áirítear ó thaobh airgeadais de.

Chuir an rapóirtéir, Christophe Clergeau, i bhfios go láidir go bhféadfadh líonra na mol LET a bheith ina chreat sármhaith lenar féidir borradh a chur faoi theacht chun cinn tionscadal comhpháirteach taighde agus nuálaíochta a thugann le chéile roinnt éiceachórais réigiúnacha agus moil nuálaíochta a bhuí le cur chuige ón mbun aníos. Os a choinne sin, is oth leis an ilroinnt atá tagtha ar LET agus eagothromaíochtaí móra ann idir tíortha agus réigiúin, mar a léiríodh sa Tuarascáil is déanaí maidir le dul chun cinn sa Limistéar Eorpach Taighde agus sa Scórchlár Nuálaíochta Réigiúnaí .

Ós eagal leis an gCoiste go dtiocfaidh laghdú suntasach, de thoradh ghéarchéim COVID-19, ar an infheistíocht sa taighde agus sa nuálaíocht sna réigiúin is leochailí agus is mó atá buailte, tá sé ag iarraidh go dtabharfaí breis tacaíochta do phlean Téarnaimh an Aontais, Next Generation EU , agus don chreat nua airgeadais don ardoideachas, don taighde agus don nuálaíocht d’fhonn freastal ar chuspóirí LET. Ba cheart leas a bhaint as an gclár REACT-EU agus as an g Ciste um Aistriú Cóir freisin i gcomhar le cláir oibríochtúla na réigiún agus lena straitéisí um speisialtóireacht chliste.

Tuilleadh eolais

Tugtar aird faoi leith ar bheartais taighde agus nuálaíochta sa Phlean Gníomhaíochta Comhpháirteach , a glacadh i mí na Samhna 2020 i gcomhar leis na ranna sin de chuid an Choimisiúin atá faoi chúram Mariya Gabriel (DG RTD, DG EAC agus JRC), agus déantar foráil ann do bhreis comhair agus breis plé beartais idir an Coimisiún Eorpach agus Coiste Eorpach na Réigiún. Go háirithe, bheidh comhar straitéiseach an Ardáin um Malartú Eolais (KEP) dírithe ar an Limistéar Eorpach Taighde athnuaite. Le gníomhaíochtaí KEP 2.0, tabharfar coincheapa LET níos gaire don phobal i gcoitinne agus tabharfar an deis do ghníomhaithe réigiúnacha/áitiúla a gcuid gníomhaíochtaí ábhartha T&N a chur chun cinn.

Teagmháil:

Lauri Ouvinen

Teil. + 32 473536887

lauri.ouvinen@cor.europa.eu

Roinn :