Tá meitheal nua bunaithe ag Coiste Eorpach na Réigiún le go mbeidh na cathracha agus na réigiúin in ann an Comhaontú Glas don Eoraip a sheoladh trí thionscadail phraiticiúla ar an leibhéal áitiúil agus le go bhféadfar maoiniú a dhíriú ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha
Inniu, sheol Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) meitheal nua darb ainm ‘An Comhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil’. Tá 13 ionadaí thofa áitiúla agus réigiúnacha ar an meitheal agus é mar chuspóir acu a chinntiú go mbeidh baint dhíreach ag cathracha agus réigiúin an Aontais Eorpaigh le sainiú, cur chun feidhme agus measúnú na dtionscnamh éagsúil a chuirfear i bhfeidhm faoin gComhaontú Glas. Is é an Comhaontú Glas an straitéis fáis inbhuanaithe atá ag an Aontas Eorpach chun an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.
Seo uair na faille le hinfheistíocht a dhéanamh le chéile agus dlús a chur leis an aistriú go geilleagar glan inbhuanaithe a bheidh neodrach ó thaobh carbóin de. Is gá leas a bhaint as pacáiste téarnaimh an Aontais agus as an gComhaontú Glas chun na cathracha agus na réigiúin a chumhachtú agus a mhaoiniú i gcaoi is go gcuirfear leis an teacht aniar atá iontu le go mbeidh siad in ann teacht slán as géarchéim COVID-19. B’in an phríomhtheachtaireacht a tháinig as an gcéad chruinniú den mheitheal. Tá tús á chur aici lena cuid oibre tráth a bhfuil ionstraim téarnaimh nua €750 billiún curtha síos ag an gCoimisiún Eorpach agus a bhfuil gnéithe aeráide níos láidre curtha i bhfeidhm sa bhuiséad fadtéarmach €1 100 billiún atá beartaithe don tréimhse 2021-2027. Ní mór formheas Bhallstáit an Aontais agus Pharlaimint na hEorpa a fháil don bhuiséad anois.
Seo mar a labhair Juan Espadas (ES/PSE) , Méara Sevilla agus Cathaoirleach na meithle: “ Tá an cúlú eacnamaíochta is measa le cuimhne na ndaoine ag bagairt ar an domhan, ach níor cheart dearmad a dhéanamh ach oiread ar an dúshlán aeráide atá fós le sárú againn. Is é an Comhaontú Glas don Eoraip an uirlis is fearr atá againn chun déileáil leis an dá ghéarchéim sin san aon am amháin. Is deis é infheistíocht a dhéanamh in iompar poiblí glan, san fhuinneamh in-athnuaite, i dtithíocht inslithe inacmhainne, sa talmhaíocht inbhuanaithe agus i gcosaint na bithéagsúlachta. Réabhlóid dhearfach atá ann agus ní fhéadfar toradh na réabhlóide sin a bhaint amach gan na cathracha agus na réigiúin a bheith lánpháirteach ann agus gan tacaíocht na hEorpa. I mo cháil mar Chathaoirleach na meithle, is mian liom a chinntiú go gcloisfear ár n-éilimh go breá soiléir.”
Agus í ag labhairt le linn na díospóireachta faoin ‘téarnamh glas’, bhí an méid seo le rá ag an bh Feisire Aurore Lalucq (FR/S&D) , comhuachtarán Idirghrúpa an Chomhaontaithe Nua Ghlais i bParlaimint na hEorpa: “Ní féidir leis an gComhaontú Glas tar éis ghéarchéim COVID-19 a bheith díreach mar an gcéanna leis an gComhaontú a bhí againn roimh an ngéarchéim. Tá níos mó uaillmhéine uainn, tá buiséad AE níos airde uainn agus tá tuilleadh infheistíochta uainn. Ní hamháin gurb é an Comhaontú Glas an réiteach ar an ngéarchéim eacnamaíoch ach is deis atá ann freisin múnla nua a úsáid don fhorbairt, múnla ina dtugtar le chéile an ceartas comhshaoil agus an ceartas sóisialta. Ní mór dúinn samhlaíocht, pragmatachas agus solúbthacht a léiriú le go bhféadfar na cinntí maicreacnamaíocha a chur in oiriúint do na réigiúin trí leas a bhaint as idirphlé sóisialta forleathan. Is é an Comhaontú Glas an bealach ceart chun beartas uaillmhianach fostaíochta a chur i bhfeidhm agus chun post maith agus pá cuibhiúil a thabhairt do gach saoránach Eorpach. Ach le go n-éireoidh linn, ní mór dúinn gach páirtí leasmhar a spreagadh – ar an leibhéal náisiúnta, agus ar an leibhéal Eorpach agus áitiúil freisin. Sin é an fáth a bhfuil an t-idirphlé idir Idirghrúpa an Chomhaontaithe Nua Ghlais i bParlaimint na hEorpa agus Coiste Eorpach na Réigiún chomh tábhachtach sin, mar aon leis an idirphlé idir na hinstitiúidí Eorpacha agus na rialtais áitiúla.”
Seo mar a labhair Diederik Samsom , Ceann Oifig an Choimisinéara Frans Timmermans, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh a bhfuil an Comhaontú Glas don Eoraip faoina chúram: “ Táimid tiomanta go gcuirfear an Comhaontú Glas i bhfeidhm ar an leibhéal áitiúil. I bhfianaise ghéarchéim COVID-19 tá orainn dul in oiriúint do réaltacht nua ach, chomh maith leis sin, tús áite a thabhairt do chur chun feidhme na ngnéithe sin den Chomhaontú Glas a chuireann go díreach leis an bhfás agus le poist, mar shampla an rabharta athchóirithe foirgneamh, an geilleagar ciorclach agus glasú ár gcathracha agus ár gcóracha iompair uirbigh. Ní éireoidh le haon aistriú mura mbeidh sé fréamhaithe go daingean i gcathracha agus i réigiúin na hEorpa. Ní mór dúinn oibriú as lámha a chéile chun toradh a bhaint amach do mhuintir na hEorpa.”
Is é an sprioc atá ag an meitheal a chinntiú gur fíorthionscadail móide maoiniú a théann díreach chuig na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha an toradh a bheidh ar an gComhaontú Glas don Eoraip agus ar straitéis téarnaimh AE. Tá trí chuspóir shonracha ag an meitheal:
- Dearcadh na gcathracha agus na réigiún in CnaR faoi na tionscnaimh bheartais éagsúla a chuimsítear sa Chomhaontú Glas a thiomsú, agus a chinntiú go gcloisfear a nguth.
- É a éascú d’institiúidí an Aontais Eorpaigh a bheith ag obair le chéile chun na cathracha agus na réigiúin a chur i gcroílár na mbeartas sin lena gcuirtear neodracht ó thaobh carbóin de chun cinn.
- Na dúshláin atá roimh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a chur in iúl le linn don aistriú go geilleagar glas a bheith á dhéanamh ar an leibhéal áitiúil agus béim a leagan ar an méid atá bainte amach ag údaráis áitiúla agus ar na dea-chleachtais atá acu le go bhféadfaidh siad foghlaim óna chéile agus a gcuid eolais a mhalartú go héasca ar fud an Aontais Eorpaigh.
Ar na réimsí tosaíochta atá ag an meitheal faoi láthair tá an Dlí Aeráide Eorpach agus an Comhshocrú Aeráide , an Ciste um Aistriú Cóir , straitéis nua tionsclaíochta don Eoraip , aer glan , uisce glan , hidrigin , an Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach , an bhithéagsúlacht agus na foraoisí .
Tá an mheitheal comhdhéanta de thrí chomhalta dhéag as gach ceann de na sé choimisiún agus na sé ghrúpa pholaitiúla atá in CnaR, rud a fhágann gur tionscnamh cothrománach agus cuimsitheach é.
- Juan Espadas (ES/PSE), Méara Sevilla (Cathaoirleach)
- Roby Biwer (LU/PSE), Comhalta de Chomhairle Bardais Bettembourg
- Manuela Bora (IT/PSE), Comhalta de Chomhairle Réigiúnach Marche agus Aire Réigiúnach (ina hionad i gcruinniú an lae inniu bhí Donatella Porzi (IT/PSE), Comhalta de Chomhairle Réigiúnach Umbria)
- Isabelle Boudineau (FR/PSE), Réigiún Nouvelle-Aquitaine, Leas-Uachtarán, Gnóthaí Eorpacha agus Idirnáisiúnta
- Vincent Chauvet (FR/Renew Europe), Méara Autun (département de Saône-et-Loire)
- József Kóbor (HU/an Chomhghuaillíocht Eorpach), Comhalta de Rialtas Áitiúil Pécs
- Markku Markkula (FI/PPE), Comhalta de Chomhairle Cathrach Espoo
- Michael Murphy (IE/PPE), Comhalta de Chomhairle Contae Thiobraid Árann
- Ricardo Rio (PT/PPE), Méara Braga
- Stelpstra Tjisse (NL/ECR), Comhalta de Chomhairle Cúige Drenthe
- Mirja Vehkaperä (FI/Renew Europe), Comhalta de Chomhairle Cathrach Oulu
- Bernd Voß (DE/Na Glasaigh), Comhalta de Pharlaimint Stáit Schleswig-Holstein
- Hanna Zdanowska (PL/PPE), Uachtarán Łodź
Tiocfaidh an mheitheal le chéile go rialta agus cuirfidh siad eolas ar fáil do sheisiúin iomlánacha CnaR. Déanfar sin den chéad uair ag seisiún iomlánach an 1-2 Iúil nuair a eagrófar an díospóireacht ‘Réigiúin agus Cathracha ar son an téarnaimh ghlais’ agus glacfaidh Pascal Canfin , Feisire Eorpach agus Cathaoirleach Choiste ENVI i bParlaimint na hEorpa, páirt sa díospóireacht sin. Beidh dhá dhíospóireacht eile ann; ceann maidir le todhchaí an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) i bhfianaise an téarnaimh ó ghéarchéim COVID-19 (in éindí leis an gCoimisinéir Johannes Hahn ) agus ceann faoi na gnéithe eacnamaíocha a bhaineann leis an téarnamh ó ghéarchéim COVID-19 (in éindí leis an gCoimisinéir Thierry Breton ).
Cúlra:
Is féidir an tairseach gréasáin nua ‘An Comhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil’ a fheiceáil anseo .
Tá an Rún maidir leis an gComhaontú Glas a ghlac Coiste Eorpach na Réigiún i mí na Nollag 2019 le léamh anseo .
Rapóirtéirí an Chomhaontaithe Ghlais faoi agallamh: is féidir sraith nua agallamh a léamh anseo .
Is é an Comhaontú Glas don Eoraip an treochlár chun geilleagar inbhuanaithe a dhéanamh de gheilleagar an Aontais. Cuimsíonn sé straitéis nua maidir leis an bhfás inbhuanaithe mar aon le bearta reachtacha, gníomhaíochtaí beartais agus sásraí maoinithe. Tá trí chuspóir i gceist leis: nach mbeidh aon astaíochtaí glana de gháis ceaptha teasa ann faoi 2050, go mbrisfear an nasc idir an fás eacnamaíoch agus úsáid acmhainní, agus nach bhfágfar aon duine ná aon áit ar gcúl ( an Coimisiún Eorpach ). Tá na réimsí seo a leanas san áireamh sa Chomhaontú Glas don Eoraip:
- Fuinneamh inbhuanaithe
- Geilleagar ciorclach
- Iompar glan
- Dúlra agus bithéagsúlacht
- Bia agus talmhaíocht
- Maoiniú glas
Teagmháil:
David Crous
david.crous@cor.europa.eu
+32 (0) 470 88 10 37