Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Tanya Hristova ceaptha ina cathaoirleach nua ar Choimisiún SEDEC  

Toghadh Tanya Hristova (BG/PPE), Méara Gabrovo, inniu ina cathaoirleach nua ar Choimisiún SEDEC i gCoiste Eorpach na Réigiún, is é sin tionól na gcathracha agus na réigiún ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Tá SEDEC ar cheann de na sé choimisiún théamacha atá ag an gCoiste agus is iad na réimsí is cúram dó an Beartas Sóisialta, an Fhostaíocht, an Taighde, an tOideachas agus an Cultúr.

Tá Tanya Hristova, comhalta de Choiste Eorpach na Réigiún ó bhí 2012 ann, ag glacadh chúram na cathaoirleachta ó José Ignacio Ceniceros, iarUachtarán Rialtas Réigiúnach La Rioja (an Spáinn).

Rugadh Hristova sa bhliain 1971 agus toghadh í ina méara ar Chomhairle Cathrach Gabrovo sa bhliain 2011. Is í atá i gceannas ar thoscaireacht na Bulgáire i gCoiste na Réigiún. Idir 2010 agus 2011 bhí sí ina ceann ar oifig pholaitiúil an Aire a bhí freagrach as cistí an Aontais Eorpaigh sa Bhulgáir. Tá sí ar an gcéad chomhalta Bulgárach a toghadh i ról ceannaireachta i gCoiste Eorpach na Réigiún.

"An obair a bhíonn ar siúl ag Coimisiún SEDEC i gCoiste Eorpach na Réigiún, baineann sí lena lán réimsí tábhachtacha a mbíonn tionchar acu ar ghnáthshaol shaoránaigh na hEorpa. Orthu sin tá an dul chun cinn sóisialta a chinntiú i ngach réigiún san Aontas, deimhin a dhéanamh de go mbíonn comhdheiseanna ann do chách, aghaidh a thabhairt ar imirce daoine oilte agus bearnaí scileanna, chomh maith leis an mbearna dhigiteach agus nuálaíochta san Eoraip a dhúnadh. Is féidir linne, ceannairí áitiúla agus réigiúnacha, an bealach chun cinn a thaispeáint. Is sampla maith í mo chathair Gabrovo den chaoi ar féidir leis an digitiú agus an nuálaíocht cur leis an táirgiúlacht agus caighdeáin mhaireachtála a fheabhsú", arsa Tanya Hristova.

Le linn an chéad chruinnithe a tionóladh faoi chathaoirleacht Hristova, phléigh comhaltaí SEDEC na dúshláin áitiúla agus rialála a bhaineann leis an obair a dhéantar ar ardáin dhigiteacha, rud is ábhar do dhréacht-tuairim a d’ullmhaigh Dimitrios Birmpas (EL/PSE), Comhairleoir Cheantar Bardasach Egaleo. Iarrtar sa dréacht-tuairim sin go gcuirfí treoirlínte soiléire ar fáil ar leibhéal na hEorpa chun feabhas a chur ar dhálaí oibre na n-oibrithe ardáin agus chun dul i ngleic le cleachtais éagóracha amhail féinfhostaíocht bhréagach.

"Tríd an obair ar ardáin dhigiteacha a rialáil, cruthófar cothrom iomaíochta idir an geilleagar traidisiúnta agus geilleagar na n-ardán digiteach agus rachfar i ngleic leis an dumpáil shóisialta", a dheimhnigh an tUasal Birmpas ina dhréacht - tuairim a ghlacfar ag seisiún iomlánach Choiste na Réigiún i mí na Nollag.

Teagmháil:

Lauri Ouvinen

Teil.: +32 22822063

lauri.ouvinen@cor.europa.eu

Roinn :