Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Tá neartú Seirbhísí Poiblí Trasteorann riachtanach chun feabhas a chur ar an saol laethúil i réigiúin teorann na hEorpa  

Dírítear sa tuairim a d’ullmhaigh Pavel Branda (CZ/ECR), leasmhéara Radlo, ar rochtain níos fearr ar sheirbhísí poiblí do shaoránaigh atá ina gcónaí i réigiúin teorann an Aontais. Phléigh comhaltaí Choiste Eorpach na Réigiún an tuairim le linn an tseisiúin iomlánaigh a bhí acu i mí Feabhra. Sa tuairim, leagtar béim ar na buntáistí a bhaineann le seirbhísí poiblí a chur ar fáil thar theorainneacha agus moltar go láidir creat dlíthiúil níos láidre, buanstruchtúir amhail pointí teagmhála trasteorann, chomh maith le tacaíocht airgeadais trí thionscnamh REACT-EU, a fhorbairt.

Tá beagnach aon trian de shaoránaigh an Aontais Eorpaigh ina gcónaí nó ag obair i réigiúin teorann. Sna réigiúin seo, is minic a bhíonn rochtain theoranta ag daoine ar sheirbhísí poiblí, amhail iompar, oideachas nó cúram sláinte i gcomparáid le réigiúin lárnacha nó réigiúin na bpríomhchathrach. Is fíor sin go háirithe i gcás limistéir atá tearc i ndaoine, limistéir ina bhfuil daonra atá ag dul in aois. Ní hamháin go gcuirfeadh soláthar seirbhísí poiblí thar theorainneacha le caighdeán maireachtála na saoránach ar an dá thaobh den teorainn, ach bheadh seirbhísí poiblí níos costéifeachtaí freisin dá bharr. Cuirtear in iúl go láidir sa tuairim go bhfuil gá le creat dlíthiúil níos láidre laistigh den Aontas chun go bhféadfar seirbhísí poiblí trasteorann a bhunú agus a bhainistiú go héifeachtúil. Ina theannta sin, iarrtar sa tuairim ar na Ballstáit athmheasúnú a dhéanamh ar a gcreataí dlíthiúla féin maidir leis an tionchar a bhíonn acu ar réigiúin teorann, ós rud é gur minic a chuireann na creataí atá ann faoi láthair ualaí agus costais mhóra riaracháin ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, rud a fhágann nach foláir do roinnt mhaith díobh deireadh a chur lena bpleananna.

“Nuair a bhíonn rochtain ar sheirbhísí poiblí trasteorann, laghdaítear éifeachtaí diúltacha na dteorainneacha agus is féidir caighdeán maireachtála na saoránach atá ina gcónaí i réigiúin teorann a fheabhsú. Ba mhaith linn céimeanna níos nithiúla a fheiceáil lena gcuirfí feabhas ar na coinníollacha chun seirbhísí poiblí trasteorann a sheachadadh go héifeachtach san Eoraip amhail creat dlíthiúil, struchtúir, agus maoiniú” , a dúirt Pavel Branda (CZ/ECR), leasmhéara Radlo agus rapóirtéir na tuairime maidir le “Seirbhísí Poiblí Trasteorann san Eoraip”.

Seo mar a labhair Anne Sander (FR/PPE), Feisire de Pharlaimint na hEorpa: “Tacaím go láidir leis na seirbhísí poiblí trasteorann san Eoraip. Léirigh an ghéarchéim Covid-19 gur gá na seirbhísí poiblí trasteorann atá ann faoi láthair a neartú agus cinn nua a chruthú sna réigiúin trasteorann is mó a bhfuil gá acu leo. Is colúin thábhachtacha iad sin den chomhar seo idir na Ballstáit, agus cuireann siad feabhas mór ar shaol shaoránaigh na hEorpa. Tá beagnach aon trian de shaoránaigh na hEorpa ina gcónaí agus ag obair i réigiúin trasteorann, agus bíonn constaicí laethúla rompu maidir le rochtain a fháil ar chúram sláinte, teorainneacha a thrasnú, úsáid a bhaint as an gcóras iompair, oiliúint, obair agus fiú cúrsaí taistil. Dúshlán eacnamaíoch, sóisialta, polaitiúil agus daonna is ea é ”.

Molann an rapóirtéir do na Ballstáit cuid dá n-acmhainní laistigh den tionscnamh REACT-EU a leithdháileadh ar chláir um an gcomhar trasteorann, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí comhar trasteorann a atosú agus a neartú go héifeachtúil nuair a bheadh géarchéim COVID-19 curtha dínn againn. Molann sé freisin pointí teagmhála náisiúnta trasteorann a bhunú, más gá, a bheadh seasmhach, buan agus a thrasnódh ó chóras riaracháin go chéile, rud a d’fhéadfadh cabhrú chun bacainní teorann a bhaint go córasach agus tugann sé le fios nach mór leibhéal íosta comhair trasteorann a choimeád gan beann ar na cúinsí, fiú i dtráth géarchéime.

Chun rochtain ar sheirbhísí poiblí i réigiúin teorann a mhéadú, athdhearbhaíonn Coiste Eorpach na Réigiún go dtacaíonn sé go láidir le tograí reachtacha amhail an Sásra Trasteorann Eorpach (ECBM), a bhfuil bac air faoi láthair i gComhairle an Aontais Eorpaigh. Leagann an rapóirtéir béim freisin ar na tairbhí agus ar na féidearthachtaí a bhaineann leis an nGrúpáil Eorpach um Chomhar Críochach a d’fhéadfadh a bheith úsáideach go háirithe i gcásanna inarb iad na húdaráis phoiblí na príomhsholáthraithe agus i gcás ina bhfuil gá le buiséad coiteann agus le foireann choiteann.

Tá Coiste Eorpach na Réigiún tar éis dul isteach i gComhghuaillíocht Eorpach na Saoránach Trasteorann a sheol Comhlachas Réigiúin Teorann na hEorpa (CRTE), an MOT ( Misean Operationelle Transfrontalière ) agus Seirbhís Lár na hEorpa do Thionscnaimh Trasteorann (CESCI) i mí an Mheithimh 2020, tar éis na taithí ar ghéarchéim COVID-19. Tugann an Chomhghuaillíocht cuireadh do gach saoránach a bhfuil spéis acu agus a bhfuil cónaí orthu i réigiúin teorann, agus d’aon saoránach a bhfuil spéis acu san ábhar, páirt a ghlacadh sa Chomhghuaillíocht agus é a shíniú ar shuíomh gréasáin Choiste Eorpach na Réigiún.

Eolas cúlra:

  • In 2018, mhol an Coimisiún Eorpach an Sásra Trasteorann Eorpach (ECBM) mar réiteach chun baic dhlíthiúla agus riaracháin atá ag cur isteach ar an gcomhar trasteorann a shárú. I gcúinsí áirithe, ligfeadh an sásra dlíthe stáit comharsanachta i réigiúin trasteorann a chur i bhfeidhm. Tá bac curtha ar an togra faoi láthair i gComhairle an Aontais Eorpaigh.

  • tionscnamh REACT-EU ina chuid de phlean téarnaimh an Aontais agus tugtar aghaidh ann ar na hiarmhairtí eacnamaíocha a tháinig as paindéim COVID-19. Tá an tionscnamh, a tháinig i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 2021, ar cheann de na cláir is mó faoin nua-ionstraim “Next Generation EU”, tionscnamh a raibh costas ionann agus EUR 47.5 billiún air.

  • Is ionstraim dlí í an Ghrúpáil Eorpach um Chomhar Críochach (GECC) a bhfuil sé leagtha amach léi comhar trasteorann, trasnáisiúnta agus idir-réigiúnach a dhéanamh níos éasca, agus an comhar seo a chur chun cinn. Reáchtálann Coiste Eorpach na Réigiún ardán GECC , a thugann le chéile ionadaithe polaitiúla agus teicniúla na GECCanna go léir atá ann faoi láthair, GECCanna faoi chomhdhéanamh agus comhaltaí an Ghrúpa Saineolaithe chomh maith le comhlachais, saineolaithe agus geallsealbhóirí eile.

Teagmháil:

Carmen Schmidle

Teil. +32 (0)494 735787

Tobias Kolonko

Teil. +32 2 282 2003

Roinn :
 
Nuacht ghaolmhar

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/FUNDING-ZERO-UNEMPLOYMENT-PROJECTS.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/STRENGTHENING-CROSS-BORDER-PUBLIC-SERVICES.ASPX

Investing more on local projects is key to tackle long-term unemployment
Investing more on local projects is key to tackle long-term unemployment
25.05.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/155-PLENARY-ANNOUNCEMENT.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/STRENGTHENING-CROSS-BORDER-PUBLIC-SERVICES.ASPX

On cities' and regions' agenda: Ukraine's reconstruction, crises management, EU budget
On cities' and regions' agenda: Ukraine's reconstruction, crises management, EU budget
23.05.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/SKILLS-AT-HEART-OF-LOCAL-AND-REGIONAL-ADMINISTRATIONS.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/STRENGTHENING-CROSS-BORDER-PUBLIC-SERVICES.ASPX

Skills at heart of local and regional administrations' annual conference on EU enlargement
Skills at heart of local and regional administrations' annual conference on EU enlargement
11.05.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/BUDGET-MUST-PROMOTE-COHESION.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/STRENGTHENING-CROSS-BORDER-PUBLIC-SERVICES.ASPX

European Union’s policies and budget must promote cohesion, not harm it
European Union’s policies and budget must promote cohesion, not harm it
24.04.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/FINLANDS-FIGHT-AGAINST-HOMELESSNESS-IS-REFERENCE-POINT-FOR-EUROPE.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/STRENGTHENING-CROSS-BORDER-PUBLIC-SERVICES.ASPX

Finland’s fight against homelessness is key point reference for the whole Europe
Finland’s fight against homelessness is key point reference for the whole Europe
21.04.2023