Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Cáineann cathracha agus réigiúin an Aontais Eorpaigh go neamhbhalbh ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin  

Thar ceann chathracha agus réigiúin uile an Aontais Eorpaigh, cáineann Coiste Eorpach na Réigiún go neamhbhalbh ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin.

Comhpháirtithe againne iad méaraí na hÚcráine. Diúltaíonn saormhuintir na hEorpa agus a bpobail áitiúla don chogadh seo agus is mian leo a ndlúthpháirtíocht le cathracha na hÚcráine atá á dtuargaint ag buamáil na Rúise a chur in iúl.

Ní féidir géilleadh don roscaireacht díoltais ('revanchard') seo ón Rúis, agus í ag iarraidh filleadh ar an Aontas Sóivéadach, i saol an lae inniu tráth atá náisiúin agus muintir na hEorpa saor.

Dearbhaímid ár dtacaíocht dhaingean do na hÚcránaigh agus do cheannasacht agus sláine chríochach a náisiúin.

Táimid lánullamh chun tacaíocht a dhéanamh le cathracha agus réigiúin na hÚcráine ar feadh ár n‑acmhainne, anois agus amach anseo.

Iarraimid ar réigiúin, cathracha agus sráidbhailte uile an Aontais Eorpaigh a ndlúthpháirtíocht a léiriú trí bhratach na hÚcráine a chur ar crochadh nó trí fhoirgnimh phoiblí a shoilsiú lena dathanna náisiúnta.  

Saoirse don Úcráin! 

Apostolos Tzitzikostas, Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Aleksandra Dulkiewicz, Méara Gdańsk, Cathaoirleach Mheitheal Choiste Eorpach na Réigiún um an Úcráin


President's Spokesperson:
Michele Cercone
Tel. +32 (0)498 98 23 49
Michele.Cercone@cor.europa.eu

Roinn :