Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Ní ceart don Eoraip a ceantair uirbeacha bheaga a fhágáil ar lár san aistriú glas agus san aistriú digiteach.  

Tá thart ar 66 % de chónaitheoirí uirbeacha na hEorpa ina gcónaí i gceantair uirbeacha ina bhfuil níos lú ná 500 000 áitritheoir. Tá ról ríthábhachtach ag na ceantair sin chun an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú glas a bhaint amach. Ar an gcúis sin, i dtuairim a glacadh ag seisiún iomlánachChoiste Eorpach na Réigiún (CnaR) an 1 Nollaig, éilíonn ceannairí réigiúnacha agus áitiúla go gcuirfí tacaíocht airgeadais spriocdhírithe ar fáil do cheantair uirbeacha bheaga chun forbairt chríochach chothrom a áirithiú.

Is cuid thábhachtach de chreatlach chríochach, shóisialta agus eacnamaíoch na hEorpa iad ceantair bheaga uirbeacha. Is áiteanna iad ina gcuirtear seirbhísí leasa ghinearálta ar fáil agus a bhfuil dea-cháilíocht saoil iontu. Tá cónaí ar thart ar 70 % de dhaonra na hEorpa i gceantair uirbeacha, ach tá thart ar 66 % de chónaitheoirí uirbeacha na hEorpa ina gcónaí i gceantair uirbeacha ina bhfuil níos lú ná 500 000 áitritheoir.

D’fhéadfadh ceantair uirbeacha bheaga feidhmiú mar bhonn taca eacnamaíoch agus sóisialta na réigiún i gcoitinne agus an tAontas Eorpach a dhéanamh níos comhtháite.

Easpa acmhainní airgeadais agus acmhainneachtaí institiúideacha atá réasúnta íseal i gcomparáid le háiteanna eile, níl sa mhéid sin ach roinnt samplaí de na fadhbanna a mbíonn ar cheantair uirbeacha bheaga aghaidh a thabhairt orthu. Mar gheall ar phaindéim COVID-19, an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, agus lánpháirtiú na n-imirceach, go háirithe mar thoradh ar an gcogadh san Úcráin, tá dúshláin bhreise ann do na ceantair uirbeacha bheaga, amhail láir bailte thréigthe, obair ar líne, caiteachas breise ar sheirbhísí bunúsacha sláinte, éileamh méadaitheach ar bhonneagar gorm-glas agus buiséad bardasach laghdaithe. Chun feabhas a chur ar acmhainneachtaí na gceantar uirbeach beag agus chun aistriú glas agus aistriú digiteach atá cóir a áirithiú, chuir CnaR sraith moltaí chun cinn sa tuairimRól ríthábhachtach na gceantar uirbeach beag chun an t-aistriú cóir a láimhseáil le linn a sheisiúin iomlánaigh an 1 Nollaig.

Chuir comhaltaí CnaR in iúl go láidir nach mór cistiú ón Aontas a áirithiú do cheantair a bhfuil deacrachtaí suntasacha le sárú iontu maidir le haistriú cóir i dtreo geilleagar glas agus digiteach a bhaint amach, chun gur féidir leis na ceantair sin feabhas a chur ar a gcás agus chun go méadófar an seans go leanfaidh siad de bheith ina gceantair tharraingteacha a bhfuil ról acu i bpatrún lonnaíochta na hEorpa. Ina theannta sin, d’áitigh na cathracha agus na réigiúin ar an gCoimisiún Eorpach feachtas cumarsáide a chur ar aghaidh chun aird a tharraingt ar an tionchar a bhíonn ag tacaíocht an Aontais ar shaol laethúil na ndaoine atá ina gcónaí i gceantair bheaga. Molann siad cuidiú leis na ceantair uirbeacha bheaga chun léargas a fháil ar conas dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann leis an aistriú glas, an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú déimeagrafach.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Kieran McCarthy, an rapóirtéir don tuairim thuasluaite agus comhalta de Chomhairle Cathrach Chorcaí: Cuireann an tAontas Eorpach deiseanna suntasacha ar fáil do chathracha chun glacadh leis an aistriú glas agus digiteach. Mar sin féin, fágtar ceantair uirbeacha bheaga ar lár. Níl an acmhainneacht riaracháin, na hacmhainní ná an t-eolas is gá acu chun tairbhe iomlán a bhaint as tionscnaimh de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach na sineirgí éagsúla atá ann a nascadh le chéile chun forbairt chríochach chothrom a bhaint amach agus chun tacú le cathracha beaga trí chur chuige níos spriocdhírithe.’

Ina theannta sin, leag na cathracha agus na réigiúin béim ar a thábhachtaí atá na tionscadail Sráidbhailte Cliste agus cur chun feidhme réiteach digiteach chun nascacht, an saol laethúil agus seirbhísí a bharrfheabhsú i gceantair uirbeacha bheaga, faoi chuimsiú na bPleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta agus Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa. Ba cheart cur chun feidhme an Chiste um Aistriú Cóir a dhíriú ar thacaíocht a chur ar fáil do cheantair uirbeacha bheaga laistigh de réigiúin réamhshainithe, chun tacú leis na bardais is mó a ndéanann an t-aistriú i dtreo na haeráidneodrachta difear dóibh agus, ag an am céanna, tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide a ngnólachtaí a fhorbairt agus áiteanna tarraingteacha beoga a thógáil.

Ar deireadh, chuir comhaltaí CnaR i bhfios go láidir gur féidir leis an Aontas tuilleadh forbairt chríochach a bhaint amach trí thacú le comhar feabhsaithe idir ceantair uirbeacha agus thuaithe agus tríd an gcomhar sin a éascú, agus an ceann is fearr a fháil ar na difríochtaí a scoir ceantair uirbeacha agus thuaithe ó chéile san am a chuaigh thart in áit nasc a chothú eatarthu. Tríd an gClár Oibre Tuaithe a fhorbairt de réir mhodheolaíocht an Chláir Oibre Uirbigh atá bunaithe ar na prionsabail ‘cistiú níos fearr, rialacháin níos fearr agus eolas níos fearr’ agus trí bhíthin chomhpháirtíochtaí téamacha il-leibhéil agus trasearnála, is féidir an comhar uirbeach-tuaithe a bheith ina ghné ríthábhachtach chun tacú go rathúil leis an nuálaíocht áitbhunaithe.

Teagmháil:

Theresa Sostmann

Teil. +32 475 999 415

Theresa.Sostmann@cor.europa.eu

Roinn :