Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Teastaíonn níos mó acmhainní ó réigiúin agus ó chathracha chun dul i ngleic leis an dífhostaíocht i measc an aosa óig san Eoraip  

Cuireann Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) i bhfios go láidir go bhfuil neartú na Ráthaíochta don Aos Óg ríthábhachtach i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19

Áitíonn údaráis áitiúla agus réigiúnacha ar institiúidí an Aontais agus ar na hinstitiúidí náisiúnta a chinntiú mar chuid den téarnamh go gcosnófar cearta oibre, luach saothair cóir agus rochtain ar chosaint shóisialta d’Eorpaigh óga. De dheasca na paindéime, tá méadú mór tagtha ar an dífhostaíocht i measc an aosa óig ar fud an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, iarrann na réigiúin agus na cathracha bearta fostaíochta don aos óg a chur san áireamh i bpleananna téarnaimh náisiúnta. Is iad seo cuid de na príomhtheachtaireachtaí a cuireadh in iúl sa tuairim a dhréachtaigh Romy Karier (LU/PPE) agus a pléadh ag Seisiún Iomlánach CnaR.

Rinneadh díospóireacht i Seisiún Iomlánach Choiste Eorpach na Réigiún ar an tuairim a dhréachtaigh Romy Karier   (LU/PPE), comhalta de Chomhairle Bhardasach Clervaux, maidir leis an Ráthaíocht Threisithe don Aos Óg . Tionscnamh é sin de chuid an Aontais chun an dífhostaíocht i measc saoránach faoi bhun 30 bliain d’aois a chomhrac. Is díol sásaimh ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha treisiú na hionstraime sin a cruthaíodh seacht mbliana ó shin. Mar sin féin, is oth leo nach bhfuil méadú suntasach tagtha ar na hacmhainní a leithdháileadh chun tacú leis an Ráthaíocht don Aos Óg sa chlárthréimhse 2021-2027, in ainneoin ghéarchéim COVID-19.

Léirítear sna figiúirí is déanaí ó Eurostat gurbh é 17.8 % an ráta dífhostaíochta i measc na n - óg san Aontas Eorpach (3.138 milliún duine faoi 25 bliana d’aois) i mí na Nollag 2020, méadú ó 14.8 % i mí na Nollag 2019, agus gur mhéadaigh céatadán NEET  (na daoine sin nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna) i measc na saoránach faoi bhun 30 bliain d’aois ó 12.5 % in 2019 go 13.5 % sa tríú ráithe de 2020, agus d’ardaigh an ráta sin go beagnach 15 % roimh an samhradh.

Chuir an rapóirtéir Romy Karier an méid seo a leanas i bhfios go láidir: “Má éistítear leo, féadfaidh na réigiúin agus na pobail áitiúla cuidiú go mór leis an gcomhrac i gcoinne na dífhostaíochta i measc an aosa óig. Is amhlaidh, ar aon dul le gach leibhéal cumhachta, nach mór dúinn dlús a chur lenár n-iarrachtaí agus oibriú as lámh a chéile le linn na géarchéime seo. Is sa chomhthéacs sin a mholaimid bearta sonracha láidre chun an Ráthaíocht Eorpach don Aos Óg a threisiú. Gan fíor-thiomantas chun an tacaíocht a thugtar dár n-aos óg a mhéadú, ó thaobh airgeadais de nó trí fheabhas a chur ar ár straitéisí, is dócha go mbeidh iarmhairtí an-dona ann agus go mairfidh siad i bhfad Éireann níos faide ná an ghéarchéim atá ann faoi láthair. Más rud é, áfach, go dtiocfaimid le chéile, táim lánchinnte gur féidir linn gan glúin nua a ligean ar strae” .

D’fhonn aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an dífhostaíocht i measc an aosa óig i bhfianaise na paindéime, tá na ceannairí áitiúla agus réigiúnacha ag iarraidh an Ráthaíocht Threisithe don Aos Óg a chomhlánú trí fhadú agus síneadh a chur le SURE , an sásra sealadach EUR 100 billiún a cruthaíodh chun cabhrú leis na Ballstáit cosaint a thabhairt d’oibrithe atá thíos le géarchéim COVID-19. Thairis sin, d’iarr an Coiste go gcuirfí bearta fostaíochta don aos óg san áireamh sna Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta , agus thug sé rabhadh faoi bheartais lena bhféachtar le fostaíocht don aos óg a chur chun cinn tríd an mbonn a bhaint de chearta daoine ar luach saothair cóir a fháil agus de rochtain ar chosaint shóisialta a fháil mar chuid den téarnamh.

Léiríonn CnaR a thábhachtaí atá údaráis áitiúla agus réigiúnacha chun tacú le cur chun feidhme éifeachtach na Ráthaíochta don Aos Óg toisc gur féidir leo an bhearna idir institiúidí oideachais agus seirbhísí poiblí fostaíochta a líonadh. Cuireann an Coiste i bhfáth a thábhachtaí atá sé soghluaisteacht an lucht saothair a chur chun cinn, tríd an Ráthaíocht Threisithe don Aos Óg, idir na Ballstáit agus idir réigiúin, i bhfianaise a thábhachtaí atá an imirce maidir le deiseanna a mhúnlú i margadh an tsaothair. Dá bhrí sin, is oth leis na réigiúin agus leis na cathracha nár coinníodh sa togra nua an fhoráil sin a bhí ann sa bhunscéim Ráthaíochta don Aos Óg.

Ina theannta sin, d’athdhearbhaigh comhaltaí CnaR go bhfuil sé riachtanach critéir cheangailteacha shoiléire a shainiú maidir le cáilíocht na dtairiscintí fostaíochta, oideachais, oiliúna agus printíseachta atá sa Ráthaíocht don Aos Óg. Tá sé chomh tábhachtach céanna an t - ualach riaracháin ar chuardaitheoirí óga post a laghdú: ba cheart an clárú ar líne trí mheán ríomhardán sonrach don Ráthaíocht don Aos Óg a bheith ina nós imeachta caighdeánach.

Fógrófar toradh deiridh na vótála ar an tuairim ag deireadh an tSeisiúin Iomlánaigh.

Cúlra:

Tacaíonn an tAontas Eorpach leis na Ballstáit dífhostaíocht agus neamhghníomhaíocht i measc an aosa óig a laghdú leis an bPacáiste Tacaíochta Fostaíochta don Aos Óg , pacáiste atá bunaithe ar cheithre shnáithe. Ar cheann díobh sin, tá an Ráthaíocht don Aos Óg, tionscnamh a cruthaíodh in 2013 agus a chabhraigh le 24 mhilliún duine óg cheana féin. Tar éis an togra ón gCoimisiún Eorpach, d’fhormheas an Chomhairle moladh maidir le Ráthaíocht Threisithe don Aos Óg anuraidh .

Leis an Ráthaíocht don Aos Óg, thug gach Ballstát gealltanas lena áirithiú go bhfaighidh gach duine óg faoi bhun 30 bliain d’aois tairiscint mhaith fostaíochta, bhreisoideachais, phrintíseachta nó oiliúna laistigh de thréimhse ceithre mhí i ndiaidh dóibh a bheith dífhostaithe nó an t - oideachas foirmiúil a fhágáil.

Teagmháil:

Matteo Miglietta

Teil. +32 (0)470 895 382

matteo.miglietta@cor.europa.eu

Roinn :