Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
An Rabharta Athchóirithe: tá na cathracha agus na réigiúin ullamh chun dul i mbun gnímh  

Tá Coiste Eorpach na Réigiún ag áitiú ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sásraí maoiniúcháin atá níos éasca agus níos tapa a chur ar fáil d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha sa chaoi is gur féidir leo tabhairt faoi thionscadail athchóirithe

Ghlac Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) d’aon toil Tuairim maidir leis an Rabharta Athchóirithe . Is é atá i gceist leis an rabharta athchóirithe plean an Aontais chun feidhmíocht fuinnimh stoc foirgneamh na hEorpa a uasghrádú. Ós rud é gur ar fhoirgnimh a théann 40 % de thomhaltas fuinnimh na hEorpa agus gurb iad is cúis le 36 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa, is den ríthábhacht an t-athchóiriú foirgneamh má táthar chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Tá na cathracha agus na réigiúin ag iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar scéimeanna státchabhrach, go mbeadh rialacha buiséid níos solúbtha ann chun infheistíochtaí agus athchóirithe a uasmhéadú, go leagfaí síos spriocanna fonáisiúnta maidir le hathchóiriú foirgneamh agus go ndéanfaí foinsí fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú i dtionscadail um athchóiriú.

Tar éis díospóireacht sa seisiún iomlánach leis an gCoimisinéir Eorpach um Fhuinneamh, Kadri Simson, bhí an méid seo a leanas le rá ag Enrico Rossi (IT/PSE) , rapóirtéir na Tuairime maidir leis an Rabharta Athchóirithe , comhalta de Chomhairle Bardais Signa (Flórans) agus iarUachtarán Réigiún na Tuscáine (2010-2020): “ Is sa bhaile a thosaíonn an téarnamh glas. Agus an rabharta athchóirithe ina cholún bunúsach den Chomhaontú Glas, is féidir linn ár ngeilleagar a chur ar a bhoinn arís, 160 000 post a chruthú in earnáil na bhfoirgneamh, agus an bhochtaineacht fuinnimh a chomhrac agus na spriocanna maidir leis an aeráidneodracht a bhaint amach san am céanna. Ní mór dúinn a chinntiú go n-úsáidfear acmhainní an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil nua, an Phlean Téarnaimh agus na gcistí náisiúnta agus réigiúnacha i dteannta a chéile agus nach n-aistreofar iad chuig réimse eile. Má tá rath le bheith ar an rabharta athchóirithe, ní mór ról lárnach a bheith ag na cathracha agus na réigiúin. Ar an gcúis sin, tá uirlisí praiticiúla ag teastáil, amhail saoráid cúnaimh theicniúil áitiúil a mbeidh rochtain ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha go léir uirthi, d’fhonn an rabharta athchóirithe a chur chun feidhme, mar aon le hoiliúint d’oibrithe, go háirithe oibrithe in FBManna, d’fhonn tuilleadh post a chruthú.”

Tá CnaR ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sásraí maoiniúcháin dhírigh a chur ar fáil d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha sa chaoi is gur féidir leo tabhairt faoi thionscadail athchóirithe. Tá sé ag áitiú freisin go gcuirfí i gcrích an t-athbhreithniú a fógraíodh ar scéimeanna státchabhrach Eorpacha maidir le héifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh d’fhonn na bacainní ar infheistíocht atá ann faoi láthair a shárú.

Tá na cathracha agus na réigiúin ag áitiú ar an gCoimisiún oibriú i gcomhar leis na Ballstáit chun rialacha buiséid níos solúbtha a leagan síos d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha chun feabhas a chur ar a gcumas infheistíocht a dhéanamh in athchóiriú na bhfoirgneamh atá ann i láthair na huaire agus i dtithíocht shóisialta nua. Cuireann CnaR in iúl freisin, má táthar chun an rabharta athchóirithe a chur chun feidhme, nach mór don Choimisiún agus do na Ballstáit tacaíocht shuntasach a thabhairt d’earnáil na tógála d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na bearnaí eolais atá ann maidir le scileanna, teicneolaíocht agus athoiliúint oibrithe.

Ní mór cúnamh teicniúil daingean a chur ar fáil do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha go léir chun tacú leo an rabharta athchóirithe a chur i gcrích. Tá na comhaltaí i bhfách leis an tSaoráid Eorpach um Chúnamh Áitiúil i Réimse an Fhuinnimh (ELENA) de chuid BEI a neartú agus a dhílárú trí mhúnla an ionaid ilfhreastail a chuíchóiriú d’fhonn cúnamh teicniúil a chur ar fáil do na húdaráis agus na gnólachtaí áitiúla agus réigiúnacha go léir.

Sa tuairim ó CnaR, áitítear ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an rabharta athchóirithe a ionchorprú go hiomlán sna cláir téarnaimh agus athléimneachta agus i gCistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE).

I measc na dtograí breise a rinne CnaR maidir leis an rabharta athchóirithe a chur i bhfeidhm go rathúil i ngach críoch, áirítear na nithe seo a leanas:

  • Bearta díbeartha tionóntaí de thoradh athchóiriú a sheachaint. Ní mór don Choimisiún agus do gach leibhéal rialtais a chinntiú nach mbeidh ar thionóntaí na costais a bhaineann le hathchóiriú a sheasamh agus molann CnaR go ndéanfaí méaduithe cíosa a chothromú le coigiltí fuinnimh.
  • Iarrann CnaR ar an gCoimisiún é a cheangal ar na Ballstáit ról iomlán éifeachtach a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir leis na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a ullmhú agus a chur i bhfeidhm trí idirphlé éifeachtach il-leibhéil maidir leis an aeráid agus an fuinneamh a fhorbairt.
  • Ní mór an rabharta athchóirithe a chur i gcrích freisin i limistéir nach bhfuil chomh huirbeach céanna agus atá níos forimeallaí, lena n-áirítear pobail tuaithe.
  • Próisis chiorclacha a chothú in earnáil na bhfoirgneamh agus sásraí deimhniúcháin a neartú lena spreagtar roghnú na n-ábhar agus na dteicnící tógála bunaithe ar a saolré.
  • Pobail áitiúla fuinnimh agus an coincheap “táirgeoir is tomhaltóir” a neartú trí tháirgeadh fuinnimh díláraithe agus dreasachtaí ar mhaithe leis an múnla “cíos uilechuimsitheach” a fhorbairt – arb é sin an bunphrionsabal a chuirtear i bhfeidhm sa tSualainn agus san Fhionlainn – trína spreagtar úinéirí maoine fuinneamh a choigilt agus timpeallacht laistigh oiriúnach á ráthú san am céanna.
  • An anailís ar an mbochtaineacht fuinnimh a leathnú chun níos mó ná teaghlaigh aonair a chumhdach agus leas a bhaint as an múnla “réimsí monaraíochta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol” mar thagairt úsáideach chun go mbeidh an tionscal monaraíochta ina chuid den rabharta athchóirithe.
  • Tacaíocht shuntasach a chur ar fáil d’earnáil na tógála, earnáil atá buailte go dona ag an ngéarchéim agus ar minic a mbíonn gnólachtaí beaga mar chuid di.
  • Iarrachtaí níos uaillmhianaí a dhéanamh chun córais téimh agus córais fuaraithe a dhícharbónú, arb iad is cúis le breis is 80 % de thomhaltas fuinnimh iomlán na bhfoirgneamh san Aontas.
  • Is díol sásaimh do na comhaltaí an Comhshocrú Aeráide agus geallann siad go dtacóidh siad lena chur i bhfeidhm, go háirithe trí pháirt a thabhairt do shaoránaigh sa phróiseas. Aithníonn CnaR an ról bunúsach atá ag an gComhshocrú Aeráide chun a ráthú go gcuirfear an rabharta athchóirithe i bhfeidhm go héifeachtach, agus go mbeidh an acmhainneacht agus na huirlisí is gá ar fáil do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chuige sin.
  • Iarrann na comhaltaí ar an gCoimisiún leanúint de chur i bhfeidhm na gcóras bainistithe fuinnimh agus na gcóras Samhaltaithe Faisnéise Foirgneamh (BIM) a chur chun cinn.
  • Cur i bhfeidhm córasach na gcritéar maidir le Soláthar Poiblí Glas a fhorbairt d’earnáil na bhfoirgneamh le laghdú tapa a dhéanamh ar an tomhaltas fuinnimh agus lena áirithiú go mbainfear úsáid fhorleathan as samhlacha bainistíochta níos inbhuanaithe.
  • Ba cheart sonraí maidir le tomhaltas fuinnimh foirgneamh a bheith ar fáil go héasca, agus in aisce, ar an gcaoi chéanna ar fud an Aontais.
  • Spriocanna fonáisiúnta a leagan síos maidir le foinsí in-athnuaite fuinnimh a chomhtháthú i bhfoirgnimh.
  • Tacaíonn CnaR leis an togra le haghaidh Táscaire Ullmhachta Clisteachta (SRI) chun gur féidir a thuiscint cé chomh hoiriúnach agus atá na foirgnimh maidir le teicneolaíochtaí cliste a shuiteáil iontu agus chun úinéirí agus áitritheoirí na bhfoirgneamh sin a chur ar an eolas ina leith sin.
  • Nuashonrú a dhéanamh ar chreat na dteastas feidhmíochta fuinnimh (EPC) le go bhféadfar cur leis an méid sin den stoc foirgneamh ag a bhfuil teastas feidhmíochta fuinnimh.
  • Ní mór na ceanglais reachtacha maidir le ceannach agus athchóiriú na bhfoirgneamh poiblí atá ann i láthair na huaire, na caighdeáin íosta i bhfeidhmíocht fuinnimh agus na spriocanna éigeantacha maidir le rátaí bliantúla athchóirithe a bheith solúbtha chun na saintréithe éagsúla foirgnimh agus na himthosca éagsúla i ngach críoch a chur san áireamh.

Eolas cúlra:

Meastar go bhfuil idir 34 agus 50 milliún saoránach Eorpach i ngreim ag an mbochtaineacht fuinnimh. Áirítear sa tuairim ó CnaR maidir leis an Rabharta Athchóirithe togra chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh a ríomh ar an leibhéal foréigiúnach.

Cé go meastar go bhfuil 75 % de na foirgnimh atá ann i láthair na huaire neamhéifeachtúil ó thaobh fuinnimh de, ní dhéantar athchóiriú faoi láthair ach ar 1 % díobh gach bliain. Meastar go bhféadfar 160 000 post breise a chruthú in earnáil na tógála faoi 2030 de thoradh an rabharta athchóirithe. 

Mar aon le dícharbónú na hearnála iompair agus glasú na gcathracha, is príomhthosaíocht don Chomhaontú Glas é stoc foirgneamh an Aontais Eorpaigh a athchóiriú. Ní hamháin mar gheall ar an acmhainneacht a d’fhéadfadh a bheith ann tomhaltas fuinnimh agus astaíochtaí CO 2 a laghdú, ach freisin mar spreagadh don fhás inbhuanaithe agus do chruthú post. Is í earnáil na tógála an earnáil ina gcruthaítear an líon is mó post in aghaidh an mhilliúin euro a infheistítear ( IEA 2020 ).

Seoladh an Rabharta Athchóirithe an 14 Deireadh Fómhair 2020 tríd an Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach A Renovation Wave for Europe – greening our buildings, creating jobs, improving lives [Rabharta athchóirithe don Eoraip: Glasú na bhfoirgneamh seo againne, cruthú post agus feabhsú na cáilíochta saoil] . Is colún mórthábhachta é de Threochlár an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip .

Tá sé mar aidhm ag an Rabharta Athchóirithe deireadh a chur le bacainní ar athchóiriú foirgneamh. D’aithin an Grúpa Institiúidí Airgeadais um Éifeachtúlacht Fuinnimh ( EEFIG ) sé chineál bacainní: bacainní struchtúracha, bacainní faisnéise, clistí margaidh, easpa saineolais, meascán tosca a fhágann gur deacair tionscadail a chomhiomlánú agus/nó cur chuige ceantair níos éifeachtúla a chur i gcrích, agus bacainní rialála. Déanann na bacainní uile sin difear díreach do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus cuireann siad bac ar a n-acmhainneacht chun tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i dtionscadail atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de.

Tá athchóiriú na bhfoirgneamh ina phríomhthosaíocht ag an g Comhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil , arb é sin tionscnamh nua de chuid Choiste Eorpach na Réigiún a bhfuil sé mar aidhm aige na cathracha agus na réigiúin a chur i gcroílár aistriú an Aontais chuig an aeráidneodracht. Seoladh ‘An Comhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil’ an 15 Meitheamh 2020 tar éis do CnaR meitheal nua a chur ar bun ina bhfuil 13 chomhalta . Tá an phreaseisiúint le léamh anseo . Tá 200 dea-chleachtas a bhaineann leis an gComhaontú Glas le haimsiú ar ár léarscáil ar líne .

Teagmháil:

David Crous

david.crous@cor.europa.eu

+32 (0) 470 88 10 37

Roinn :