Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Na réigiúin agus na cathracha ag iarraidh ag dtabharfaí breis tacaíocht airgeadais Eorpach do na críocha is mó atá caillteach le Brexit  

Ba cheart do na rialtais náisiúnta páirt a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i gceapadh beart atá dírithe ar iarmhairtí tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas a mhaolú

Cúlchiste Coigeartaithe Brexit a mhéadú ó EUR 5 bhilliún go EUR 6 bhilliún; an tacaíocht atá ar fáil d’earnáil an iascaigh a oiriúnú do na hiarmhairtí réigiúnacha; níos mó solúbthachta a chinntiú maidir le státchabhair agus páirt a thabhairt d’ionadaithe áitiúla agus réigiúnacha i bpróiseas deartha agus bainistithe na hionstraime nua. Sin iad na príomh-iarrataí a áirítear sa tuairim a dhréachtaigh Loïg Chesnais-Girard (FR/PSE), Uachtarán réigiún na Briotáine, agus a glacadh le linn sheisiún iomlánach Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR).

Mhol an Coimisiún Eorpach Cúlchiste Coigeartaithe Brexit EUR 5 bhilliún a chruthú chun tacú leis na gnólachtaí, na réigiúin agus na pobail áitiúla is mó atá thíos le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach. I dtuairim a glacadh ag an tionól iomlánach, chuir CnaR in iúl gur díol sásaimh dó gur bunaíodh an Cúlchiste mar léiriú nithiúil ar an dlúthpháirtíocht laistigh den Eoraip arb é is aidhm dó cur leis an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach. Cuireann an Coiste i bhfios, áfach, nach foláir ról an-lárnach a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i dtaca leis an ionstraim airgeadais nua seo, toisc nach mar a chéile in aon chor tionchar Brexit ó réigiún go chéile.

Is éard a dúirt an rapóirtéir Loïg Chesnais-Girard (FR/PSE) , Uachtarán réigiún na Briotáine: “ Ar an dea-uair, níor fhan formhór na réigiún sin a bhfuil dlúthnaisc acu leis an Ríocht Aontaithe go dtí mí na Nollag seo caite, tráth ba léir ar deireadh cén cineál Brexit a bhí romhainn, chun iad féin a ullmhú faoi chomhair na n-iarmhairtí, ach bhraith siad, mar sin féin, gur fágadh fúthu féin amháin cuid mhaith é déileáil leo go nuige seo. Is mithid don Aontas Eorpach a léiriú gan mhoill go bhfuil sé réidh chun a chuid saoránach agus réigiún a chosaint. Ach is eagal liom nach leor an tsuim EUR 5 bhilliún ar ar socraíodh ar an leibhéal Eorpach. Ina theannta sin, caithfear an Cúlchiste seo a chur in oiriúint do na réigiúin féin ionas go mbeidh éifeacht leis i ndáiríre. Is den riachtanas é a athdhearadh de réir na réigiún mar nach leor an damáiste atá déanta ag Brexit a chur ina cheart, is gá freisin tacú leis an tiontú agus le deiseanna nua a cheapadh, go háirithe trí mheán na gairmoiliúna.”

Anuas air sin, tá Loïg Chesnais-Girard ina chathaoirleach ar an nGrúpa Teagmhála idir Coiste Eorpach na Réigiún agus an Ríocht Aontaithe , a bunaíodh in 2020 chun a áirithiú go leanfaí leis an idirphlé polaitiúil ar dhá thaobh Mhuir nIocht.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Michael Murphy (IE/PPE), arb é ceannaire thoscaireacht na hÉireann i gCoiste na Réigiún é agus comhalta de Chomhairle Contae Thiobraid Árann agus den ghrúpa teagmhála idir CnaR agus an Ríocht Aontaithe é: Is sásra tráthúil éifeachtúil fíor-riachtanach é Cúlchiste Coigeartaithe Brexit a thacóidh leis na Ballstáit agus lena réigiúin dul i ngleic leis na hiarmhairtí a leanann imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas. Cé gur léir dúinn tionchar an-fhairsing a bheith aige cheana féin ar líon mór earnálacha eacnamaíocha, is díol áthais dúinn an sásra seo agus tá súil againn go nglacfar go tapa é ionas gur féidir cistí a úsáid ar dhóigh chruinn a luaithe is féidir sin.”

Seo mar a labhair Kieran McCarthy (IE/Comhghuaillíocht Eorpach), comhalta de Chomhairle Cathrach Chorcaí: “ Is lenár leas uile é go mbeadh dea-chaidreamh ag an Aontas Eorpach lenár gcairde sa Ríocht Aontaithe agus go gcinnteofaí ag an am céanna nach gcuirfear teorainn chrua i bhfeidhm in Éirinn athuair. Ní leor Cúlchiste Coigeartaithe Brexit dar luach EUR 5 bhilliún chun cabhrú leis na réigiúin agus na háiteanna cois teorann is mó atá thíos leis seo iad féin a chur in oiriúint don saol nua iar-Brexit. Is gá tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh chun ár ndea-chaidreamh leis an rialtas áitiúil ar an dá thaobh a choinneáil.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Una Power (IE/na Glasaigh), comhalta de Chomhairle Contae Dhún Laoghaire - Ráth an Dúin agus den ghrúpa teagmhála idir CnaR agus an Ríocht Aontaithe: “Na blianta beaga atá amach romhainn, tabharfaidh siad dúshlán ár n-údarás réigiúnach agus áitiúil ar fud an Aontais ar shlí nach bhfacamar cheana agus sinn ag iarraidh dul chun cinn sa saol tar éis Brexit. Ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil guth na n-údarás sin le cloisteáil go glé agus Cúlchiste Coigeartaithe Brexit á chur chun feidhme. Tá tuiscint dhomhain ag lucht ceaptha beartas áitiúil agus réigiúnach ar riachtanais a gceantar agus a bpobal féin, rud atá thar a bheith tábhachtach, agus ní mór éisteacht leo le linn an phróisis seo.”

Agus é ag labhairt le linn dhíospóireacht an tseisiúin iomlánaigh, leag Pascal Arimont (BE/PPE) , feisire de Pharlaimint na hEorpa agus an rapóirtéir maidir le Cúlchiste Coigeartaithe Brexit, béim ar an gcaoi “ nach mór dúinn a chinntiú go gcuirfear an chabhair seo ón Aontas Eorpach ar fáil do na tíortha, na réigiúin agus na daoine is mó atá caillteach le Brexit. Níor cheart buille eile a bhualadh ar chuideachtaí Eorpacha, go háirithe FBManna, atá thíos le géarchéim COVID-19 cheana féin, de dheasca thubaiste Brexit. Sin an fáth a bhfuil an Cúlchiste seo chomh tábhachtach sin agus ar gá é a ghlacadh gan mhoill, ionas gur féidir é a dháileadh a luaithe is féidir.”

Chun freastal ar dhóigh níos fearr ar na riachtanais ghearrthéarmacha agus mheántéarmacha atá ann agus chun an comhtháthú a bhuanú mar luach bunúsach Eorpach, tá sraith tograí curtha chun cinn sa tuairim ó Choiste na Réigiún mar leanas:

– acmhainn bhuiséadach an Chúlchiste a mhéadú ó EUR 5 bhilliún go EUR 6 bhilliún , d’fhonn freastal ar dhóigh níos fearr ar na riachtanais ghearrthéarmacha agus mheántéarmacha atá ann

an maoiniú atá curtha i leataobh d’earnáil an iascaigh a mhéadú go EUR 1 bhilliún agus í a dhíolmhú ó rialacha maidir le státchabhair

na critéir leithdháilte le haghaidh earnáil an iascaigh a mhodhnú , ar critéir iad ba cheart a bhunú ar fhíorchaillteanas seachas ar chion an chaillteanais i gcomparáid le hearnáil iascaireachta iomlán Ballstáit. D’éascódh sé sin dáileadh airgeadais níos cothroime idir na réigiúin Eorpacha lena mbaineann, beag beann ar mhéid an Bhallstáit féin

tuilleadh solúbthachta a chinntiú maidir le státchabhair , chun a áirithiú go bhfuil na hacmhainní ann le hidirghabháil mhear a dhéanamh ar son na n-oibreoirí eacnamaíocha is mó atá thíos leis. Ní mór na socruithe sealadacha a rinneadh de thoradh COVID-19 a leathnú ionas go gcumhdófaí tionchar díreach Brexit leo

– na bearta atá dírithe ar mhaolú a dhéanamh ar an gcur isteach a tharla nuair a tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an gclár Erasmus+ a chur in oiriúint ionas go mbeidís incháilithe le haghaidh thacaíocht airgeadais Chúlchiste Coigeartaithe Brexit

Cúlra:

De dhroim an chomhaontaithe ar thángthas air ag an gComhairle Eorpach i mí Iúil 2020, chuir an Coimisiún Eorpach a thogra ar aghaidh i mí Eanáir 2021 le haghaidh Chúlchiste Coigeartaithe Brexit dar luach EUR 5 bhilliún. Chuirfí an ionstraim airgeadais ar fáil trí dhá bhabhta leithdháiltí, ceann amháin in 2021 (EUR 4 bhilliún) agus an ceann eile in 2024 (EUR 1 bhilliún). Molann CnaR an dara tráinse a mhéadú ó EUR 1 bhilliún go EUR 2 bhilliún.

De réir an togra ón gCoimisiún, is iad an Bheilg, an Danmhairg, an Ghearmáin, Éire, an Fhrainc agus an Ísiltír na tíortha is mó a thairbheoidh den Chúlchiste. Arna dtógáil uile le chéile, gheobhadh na sé Bhallstát sin beagnach EUR 3 bhilliún as an EUR 4 bhilliún a leithdháileadh in 2021 i bhfoirm réamh-mhaoiniúcháin .

In 2020 bhunaigh Coiste Eorpach na Réigiún grúpa teagmhála a bhí dírithe ar chaidreamh a chothú le hionadaithe ó rialtas áitiúil agus riaracháin chineachta na Ríochta Aontaithe chun a chinntiú go leanfaí den idirphlé polaitiúil leis na hionadaithe sin tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach. Tá Loïg Chesnais-Girard (FR/PSE) ina chathaoirleach ar an ngrúpa teagmhála idir CnaR agus an Ríocht Aontaithe.

12 lánchomhalta agus aon bhreathnóir amháin ar thoscaireacht CnaR agus iad roghnaithe chun cothromaíocht pholaitiúil, gheografach agus inscne a léiriú. Is de réir comhaontuithe idir comhlachtaí rialtais áitiúla, ar thaobh amháin, agus parlaimintí, tionóil agus rialtais chineachta na Ríochta Aontaithe, ar an taobh eile, a roghnaítear ionadaithe na Ríochta Aontaithe ar an ngrúpa teagmhála idir CnaR agus an Ríocht Aontaithe.

Teagmháil:

Matteo Miglietta

Teil. +32 (0)470 895 382

matteo.miglietta@cor.europa.eu

Roinn :