An 11 Bealtaine,
chinn an Coimisiún Eorpach cur leis an ról atá ag Coiste Eorpach na Réigiún i dtaca lena ardán nua
“Fit for Future" (Ullamh don Todhchaí), ar cuid de
chlár REFIT é, agus chinn sé
RegHub a bheith ina chuid oifigiúil de sin.
Grúpa ardleibhéil saineolaithe atá san ardán “Fit for Future" a chuideoidh leis an gCoimisiún dlíthe reatha an Aontais a shimpliú, an t-ualach riaracháin ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí a laghdú, agus a áirithiú go leanfaidh reachtaíocht an Aontais de bheith oiriúnach amach anseo.
Is céim mhór chun tosaigh é seo do RegHub agus is aitheantas institiúideach tábhachtach é ar a bhfuil bainte amach aige le linn na treoirthréimhse.
Ní bheadh an t-aitheantas seo faighte ag RegHub as a ábhartha atá sé murach tiomantas na bpáirtithe leasmhara a ghlac páirt sna comhairliúcháin go dtí seo. Comhghairdeas libh agus go raibh maith agaibh!