An 22 Márta fuair gach ceann de na 36 phointe teagmhála atá i líonra na mol réigiúnach ceistneoir tríd an gcóras EU Survey mar chuid den chéad chomhairliúchán ag an líonra. Is é ábhar an cheistneora seo beartas soláthair phoiblí an Aontais Eorpaigh, ábhar a bhfuil an-tábhacht leis do réigiúin agus cathracha na hEorpa. Tá na ceisteanna dírithe ar chur chun feidhme threoracha 2014 maidir leis an soláthar poiblí.
Tá go dtí
meán oíche an 6 Bealtaine ag na pointí teagmhála chun aiseolas a bhailiú ó na geallsealbhóirí ábhartha, an t-eolas sin a thiomsú, an ceistneoir a líonadh agus é chur chuig rúnaíocht líonra na mol réigiúnach.
Ansin baileoimid an fhaisnéis ábhartha sin go léir agus bainfimid úsáid aisti chun dréacht-tuarascáil ar chur chun feidhme threoracha 2014 maidir leis an soláthar poiblí a chur le chéile.
A luaithe a bheidh an tuarascáil ar chur chun feidhme críochnaithe againn, foilseofar í ar an suíomh gréasáin seo. Idir an dá linn, coinneoimid ar an eolas sibh faoin dul chun cinn atá á dhéanamh againn.