Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Ní mór don Aontas Eorpach athchóiriú a dhéanamh ar a rialachas eacnamaíoch nuair a bheidh géarchéim COVID-19 thart  

Tá athbhreithniú á éileamh ag na cathracha agus na réigiúin ar an rialachas eacnamaíoch d’fhonn borradh a chur faoi na haistrithe glasa agus digiteacha, d’fhonn infheistíochtaí poiblí a chur chun cinn agus d’fhonn cur le dlisteanacht dhaonlathach thionscadal an Aontais

Leag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha béim ar an ngá atá le solúbthacht bhuiséadach chun cuidiú leis an téarnamh agus chun an teacht aniar a chothú tar éis ghéarchéim reatha COVID-19. Den chéad uair riamh i stair an limistéir euro, gníomhachtaíodh an clásal ginearálta éalaithe atá sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis i mí an Mhárta 2020 agus ba cheart leanúint den chlásal sin a chur i bhfeidhm agus d’fheidhm a bheith ag an gcreat sealadach státchabhrach ar leibhéal an Aontais go dtí go ndéanfar an staid eacnamaíoch san Eoraip a chobhsú. Sin é atá á iarraidh i dtuairim a dhréachtaigh Elio di Rupo (BE/PSE) a cuireadh faoi bhráid sheisiún iomlánach Choiste na Réigiún (CnaR) inniu.

Bíonn tionchar nach beag ag creat rialachais eacnamaíoch na hEorpa ar gach leibhéal rialtais, agus go háirithe ar na rialtais áitiúla agus réigiúnacha ós rud é gur orthusan a thiteann sé trian den chaiteachas poiblí beagnach agus níos mó ná leath na hinfheistíochta poiblí san Aontas ina iomláine a riar, cé gurb ann d’éagsúlachtaí móra ó Bhallstát go chéile. Sa tuairim maidir leis an athbhreithniú ar rialachas eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh, a dhréachtaigh Céad - Aire na Vallúine, Elio Di Rupo ( BE/PSE), cuirtear i bhfios go láidir nach mór a chur san áireamh san athchóiriú seo an gá breise atá le hinfheistíocht agus le caiteachas poiblí má táthar chun tacú leis an aistriú sna príomhearnálacha seo a leanas: earnálacha na sláinte, an bhia, an iompair, na teicneolaíochta digití agus an fhuinnimh. Measann an Coimisiún Eorpach go bhfuil gá le EUR 260 billiún in aghaidh na bliana (thart ar 1.7% d’Olltáirgeacht Intíre an Aontais) d’infheistíochtaí breise chun spriocanna aeráide agus fuinnimh 2030 a bhaint amach.

"De dheasca ghéarchéim COVID-19, cruthaíodh súnámaí eacnamaíoch, sóisialta agus buiséadach nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Tá saoránaigh an Aontais go mór faoin mbráca de thairbhe iarmhairtí na paindéime. Is éard is áil linn, dá bhrí sin, ná go ndéanfaí athbhreithniú ar rialachas eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh agus go gcuirfí in oiriúint é d’fhíordhálaí na gcríoch agus na réigiún. Nuair a bheidh an phaindéim faoi smacht, ní féidir linn filleadh ar an status quo mar a bhí roimhe seo, ná leanúint ar aghaidh amhail is nár tharla aon ní dúinn ", a dúirt an rapóirtéir, Elio Di Rupo.

Tá comhaltaí CnaR den tuairim gurb é creat rialachais eacnamaíoch na hEorpa is cúis go pointe áirithe leis an laghdú géar a tháinig ar an infheistíocht phoiblí tar éis ghéarchéim an limistéir euro mar nach gcuirtear san áireamh sa chreat sin, mar is cóir, an t-idirdhealú idir an caiteachas reatha agus an caiteachas infheistíochta. Idir 2009 agus 2018, tháinig laghdú 20% (mar sciar den Olltáirgeacht Intíre) ar an infheistíocht phoiblí ina hiomláine san Aontas. Tháinig laghdú beagnach 25% ar an infheistíocht a fhaightear ó na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus, i gcás roinnt de na Ballstáit is mó a ndearna an ghéarchéim díobháil dóibh, laghdu 40% nó os a chionn sin a bhí i gceist.

Tá iarrtha arís is arís eile ag an gCoiste nach gcuirfí san áireamh i ríomh an easnaimh atá sainithe sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis aon chaiteachas poiblí ó na Ballstáit agus ó na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha atá nasctha le cómhaoiniú ón gCiste Struchtúrach agus Infheistíochta. Ar ndóigh, infheistíocht ar son leas coiteann na hEorpa is ea an caiteachas sin agus tá cruthúnas ann ar an éifeacht ghiarála atá aici ó thaobh an fháis inbhuanaithe de.

Sa chéad Bharaiméadar Bliantúil Réigiúnach agus Áitiúil ar bhonn uile-Aontais, a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair, cuireadh fainic orainn faoin ngéarchéim a bheith ag cur isteach ar ioncam na n-údarás fo-náisiúnta, agus faoin gcaoi a gcruthaíonn sin “éifeacht dhúbailte” chontúirteach, mar atá méadú ar chaiteachas agus laghdú ar ioncam. Ina theannta sin, léiríodh i suirbhé comhpháirteach ó Choiste na Réigiún agus ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta go ndearna 13% de na rialtais fhonáisiúnta iarratas ar chistí breise AE cheana féin i mí Iúil agus go raibh 49% de na rialtais sin ag smaoineamh ar a leithéid chéanna a dhéanamh d'fhonn teacht slán as an ngéarchéim.

Pléadh an tuairim a dhréachtaigh Elio Di Rupo an 8 Nollaig ag an gcéad seisiún iomlánach lánfhíorúil de Choiste na Réigiún, agus ghlac Margarida Marques (PT/S&D), feisire de Pharlaimint na hEorpa, páirt ann. I gcomhréir leis na rialacha nós imeachta, fógrófar torthaí na vótála ar leasuithe agus ar an téacs deiridh an 10 Nollaig, ag deireadh an tseisiúin.

Teagmháil:

Matteo Miglietta

Teil. +32 470 895 382

matteo.miglietta@cor.europa.eu

Share: