Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Tá réigiúin agus cathracha uile na hEorpa den tuairim gur cheart na bearta téarnaimh a bheith íogair ó thaobh inscne de  

Is féidir linn an Eoraip a thabhairt níos gaire do na saoránaigh ach tacú le mná ag an mbaile, ag an obair agus sa pholaitíocht

I d tuairim a ghlac Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) le linn sheisiún iomlánach an tionóil an 14 Deireadh Fómhair, cuireadh i bhfios go láidir gur cheart an tionchar atá ag paindéim COVID-19 a chur san áireamh freisin sa Straitéis Eorpach maidir le Comhionannas Inscne. Thug CnaR le fios nach mór do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a bheith rannpháirteach i rialú na straitéise – dar teideal Aontas an Chomhionannais: an Straitéis maidir le Comhionannas Inscne 2020-2025 – toisc ról tábhachtach a bheith acu sa réimse agus gur féidir leo, trína n-inniúlachtaí sonracha, a bheith ina bpríomhghníomhaithe chun aghaidh a thabhairt ar an gcomhionannas inscne.

D’fhág COVID-19 go bhfuil neamhionannais a bhí ann roimh an bpaindéim níos feiceálaí anois ná mar a bhí, go háirithe neamhionannais idir mná agus fir. Léiríonn an Baraiméadar Réigiúnach agus Áitiúil – a d’fhógair CnaR an 12   Deireadh Fómhair – go bhfuil méadú tagtha ar líon na gcásanna d’foréigean baile a tuairiscíodh le linn na dianghlasála, cé nach bhfuil aon tacar sonraí uile-Eorpach inchomparáide ar fáil go fóill. Thug roinnt tíortha, amhail an Liotuáin, 20 % níos mó foréigin baile faoi deara thar thréimhse trí seachtaine le linn na dianghlasála. Sa Spáinn, fuair an uimhir éigeandála d’fhoréigean baile 18 % níos mó glaonna sa chéad dá sheachtain den dianghlasáil. Chuir na húdaráis réigiúnacha sa Spáinn treoracha ar fáil do mhná atá ag fulaingt de bharr foréigean inscnebhunaithe agus iad sa bhaile. Bhunaigh cathair Amstardam i gcomhar leis an rialtas náisiúnta córas ina bhfuil íospartaigh foréigin baile in ann dul ar iontaoibh a gcógaslainne tríd an gcódfhocal “masc 19” a úsáid.

“Is mná is mó atá i mbaol éifeachtaí na géarchéime eacnamaíche atá ann mar thoradh ar an bpaindéim. Ba cheart, dá bhrí sin, aitheantas iomlán a thabhairt dó sin sna Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta a sheolfar an bhliain seo chugainn. Ina theannta sin, tá sé molta againn sa tuairim go gcuirfí san áireamh gur baineadh amach an comhionannas inscne sa Seimeastar Eorpach agus sa Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta,” a dúirt Concepción Andreu Rodríguez (ES/PSE) , Uachtarán Réigiún La Rioja.

Ar cheann de na moltaí sa tuairim tá go bhfuil na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ag iarraidh go n-aithneofaí iad mar chomhpháirtithe straitéiseacha i gceapadh agus i gcur chun feidhme na Straitéise Eorpaí maidir leis an gComhionannas agus san fhaireachán a dhéantar uirthi. Ós rud é gur dréachtaíodh agus gur foilsíodh an straitéis roimh ghéarchéim sláinte poiblí COVID-19, thug CESE le fios sa tuairim go bhfuil an straitéis neamhiomlán agus tá sé ag iarraidh go ndéanfaí measúnú ar an gcaoi ar léirigh an ghéarchéim na neamhionannais atá ann idir mná agus fir.

Tá sé tugtha le fios ag CnaR go bhfuil oibrithe in earnálacha fostaíochta níos neamhchosanta ar an mbaol atá ann de bharr phaindéim COVID-19 agus go bhfuil gá le cosaint shóisialta níos láidre, dálaí oibre níos sábháilte, agus luach saothair níos fearr. Toisc gur mná iad formhór na n-oibrithe sna hearnálacha sin, ba cheart an tionchar atá ag an bpaindéim a chur san áireamh freisin sa Straitéis Eorpach maidir le Comhionannas Inscne . Ba cheart an saol nua atá againn le linn paindéime a chur san áireamh i saincheisteanna amhail foréigean inscnebhunaithe atá tar éis éirí níos measa faoin dianghlasáil, na deacrachtaí a bhí ag a lán ban ar fud an Aontais maidir le cothromaíocht a aimsiú idir a gcuid oibre ón mbaile agus a gcuid freagrachtaí cúraim, agus mná a bheith sa líne thosaigh le linn na paindéime (mar oibrithe cúraim sláinte agus cúraim leanaí, cúramóirí do dhaoine scothaosta, oibrithe baile agus oibrithe miondíola).

Tá na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ag iarraidh a bheith rannpháirteach ar bhealach struchtúrtha sa líonra Eorpach um fhoréigean inscnebhunaithe a chosc agus i gcur chun feidhme an fheachtais múscailte feasachta agus cumarsáide a sheolfar ar an leibhéal Eorpach, feachtas ina mbeidh dearcadh an Choiste ríthábhachtach chun steiréitíopaí inscne a chomhrac. Tá siad ag iarraidh freisin maoiniú iomchuí a chur ar fáil do bheartais inscne trí chláir a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad fadtéarmach an Aontais don tréimhse 2020-27.

“Ní mór do mhná a bheith lárnach i dtéarnamh na hEorpa agus sa díospóireacht faoina bhfuil i ndán don Eoraip. Cé go bhfuil tábhacht leis poist cheannaireachta a bheith ag mná, fulaingímid éagothroime mhór inscnebhunaithe go fóill sa phróiseas cinnteoireachta,” arsa Andreu Rodríguez le linn ceardlainne an 15 Deireadh Fómhair dar teideal “ Bealach na cothroime inscne sa pholaitíocht ”. Rinne an rapóirtéir cur síos ar phríomhphointí na tuairime ó CnaR agus na figiúirí is déanaí maidir le rannpháirtíocht na mban sa pholaitíocht. Pléadh na céimeanna is gá a dhéanamh agus smaointe maidir le bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh chun an bhearna idir na hinscní a dhúnadh. Roinn roinnt polaiteoirí tofa óga a dtaithí ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach agus iad ag dul i ngleic leis an gcomhionannas inscne agus le daonlathas atá bunaithe ar an gcomhionannas. Eagraíodh an cheardlann faoi chuimsiú Sheachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha – ócáid bhliantúil ina léiríonn cathracha agus réigiúin a gcumas chun fás agus poist a chruthú, chun beartas comhtháthaithe an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme, agus chun a thábhachtaí atá an leibhéal áitiúil agus réigiúnach do dhea-rialachas Eorpach a léiriú.

Tá réimse na cumhachta polaitiúla ar cheann de na réimsí is mó imní a bhaineann leis an neamhionannas inscne. Tá 1 mhilliún oifigeach tofa áitiúil agus réigiúnach i réimse polaitiúil na hEorpa inniu, ach níl ach 30 % díobh siúd ina mná. Mar a tugadh le fios i staidéar a rinne Comhairle Bhardais agus Réigiúin na hEorpa ar mhná sa pholaitíocht , staidéar a foilsíodh in 2019, ní mná iad ach 29 % de na comhairleoirí áitiúla san Eoraip agus níl ach thart ar 15 % de na méaraí ina mná. Ar an leibhéal réigiúnach, is lú i bhfad líon na mban atá i gceannas ar thionóil réigiúnacha (18 %) ná líon na mban atá ina gcomhaltaí de thionóil réigiúnacha (31 %). Laistigh de Choiste Eorpach na Réigiún, ní mná iad ach 23 % de na comhaltaí, rud a léiríonn bearna shoiléir idir na hinscní ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil maidir le hionadaíocht na mban agus caithfear dul i ngleic leis an éagothroime sin.

Torthaí as an mBaraiméadar Bliantúil Réigiúnach agus Áitiúil:

Teagmháil:

Wioletta Wojewodzka

Teil. +32 (0)2 282 2289

Fón póca: +32 (0)473 843 986

wioletta.wojewodzka@cor.europa.eu

Roinn :