Sa chomhairliúchán idir Coiste Eorpach na Réigiún agus CEMR (Comhairle Bhardais agus Réigiúin na hEorpa) tugadh le fios nach raibh ach líon beag tíortha a ghlac leis an ionchur ó na húdaráis áitiúla-réigiúnacha, rud a chuireann cur chun feidhme rathúil an Phlean Téarnaimh don Eoraip i mbaol
Cuireadh torthaí an chomhairliúcháin chomhpháirtigh i láthair le linn chruinniú an Choimisiúin um Beartas Eacnamaíoch (ECON) de Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR). Ghlac comhaltaí ECON freisin, d’aon toil, an dréacht-tuairim maidir leis an bPlean Gníomhaíochta maidir le hAmhábhair Chriticiúla, a dhréachtaigh Isolde Ries (DE/PSE), an Chéad Leas-Uachtarán ar Pharlaimint Réigiúnach na Sárlainne.
D’fhonn tuiscint a fháil ar a mhéid a bhíonn pobail áitiúla rannpháirteach in ullmhú na bPleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta, chuaigh CnaR agus Comhairle Bhardais agus Réigiúin na hEorpa ( CEMR ) i gcomhairle le comhlachais d'údaráis áitiúla agus réigiúnacha. Tá sé éigeantach na pleananna náisiúnta a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh más mian leis na Ballstáit tairbhe a bhaint as tacaíocht ón t Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), an ionstraim ar luach EUR 672.5 billiún atá mar bhunchloch don ionstraim théarnaimh "Next Generation EU", ar a dtugtar an Plean Téarnaimh don Eoraip freisin.
“ Tá Coiste na Réigiún agus ECON bródúil as an taighde fianaise-bhunaithe atá déanta acu agus léiríonn na torthaí sin ‘nach dtéann ach mionlach de na Ballstáit i gcomhairle lena n-údaráis áitiúla agus réigiúnacha ar an drochuair agus na Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta á n-ullmhú acu agus gur lú fós an líon díobh a ghlacann lena n - ionchur'. Is í an bhacainn phríomha a d’aithin freagróirí ná 'díreach easpa toilteanais thar ceann an rialtais náisiúnta, nach ndearna iarracht ionadaithe ó rialtais fhonáisiúnta a rannpháirtiú ann'. Amach anseo, is é an rud is tábhachtaí ná go gcuirfear an fhadhb sin ar a súile go forleathan do na hinstitiúidí chun gur féidir leo na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a spreagadh le páirt a ghlacadh in ullmhú na bpleananna sin sula gcuirtear an leagan deiridh acu isteach ” , arsa Michael Murphy (IE/PPE), cathaoirleach choimisiún ECON agus comhalta de Chomhairle Contae Thiobraid Árann.
Chuir Christophe Rouillon (FR/PSE), Méara Coulaines agus rapóirtéir ginearálta Choiste na Réigiún maidir leis an RRF i dtreis go bhfuil “ dearbhuithe intinne i rialachán RRF maidir le cathracha agus réigiúin a rannpháirtiú sna pleananna téarnaimh náisiúnta . Ach iad a rannpháirtiú ag céim na pleanála, ráthófaí úsáid éifeachtúil acmhainní ar an láthair chun éifeachtaí marbhualaigh agus iomarcaíochtaí a sheachaint, go háirithe do chistí struchtúracha na hEorpa. Ní mór fios a bheith ag taobh amháin céard atá ar siúl ag an taobh eile. Is ar lámh na mBallstát atá an chéad bheart eile fós: is féidir leo beart níos fearr a dhéanamh ó thaobh trédhearcachta agus comhordúcháin de agus ní mór dóibh déanamh amhlaidh”.
Dúirt Dario Nardella , Uachtarán Eurocities agus Méara Fhlórans, a ghlac páirt sa chruinniú comhchéime: “ Má théimid i mbun birt go tapa is féidir linn a áirithiú go n-éireoidh leis na cistí téarnaimh beatha daoine a chur ar an mbóthar ceart arís agus na comhthosaíochtaí, eadhon, an tosaíocht ghlas agus an tosaíocht dhigiteach a bhaint amach ar an leibhéal áitiúil. Anois go bhfuil aitheantas tugtha do chathracha mar chomhpháirtithe tábhachtacha i rialachán an Phlean Téarnaimh, ní mór do rialtais náisiúnta agus rialtais áitiúla oibriú le chéile chun acmhainní práinneacha a sholáthar do na daoine is measa atá buailte inár gcathracha”.
Dúirt Dragoș Pîslaru (RO/Renew Europe), Feisire de Pharlaimint na hEorpa agus comhrapóirtéir ar an RRF: " Nuair a thosaigh mé ag obair ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, thuig mé gur trí chomhphlé leis na saoránaigh a gheofaí na freagraí agus tríd sin amháin. Sin an fáth ar sheol mé 13 chomhairliúchán i mBallstáit an Aontais. Ba cheart gach dea-smaoineamh a bheith léirithe go comhleanúnach i bPlean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta idéalach. Táim ag impí ar na Ballstáit an beart céanna a dhéanamh. Rinne Parlaimint na hEorpa deimhin de go rachadh na Ballstáit i mbun comhairliúcháin le geallsealbhóirí ábhartha na sochaí sibhialta, chomh maith le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, nuair a bheadh na pleananna téarnaimh agus athléimneachta á ndréachtú agus á gcur chun feidhme acu ”.
Dúirt Lucia Puttrich , Aire Gnóthaí Eorpacha agus Cónaidhme Stát Hessen na Gearmáine, " Is é an RRF an chomhpháirt is mó den Phlean Téarnaimh. I bhfianaise mhéid na cabhrach, tá tábhacht ar leith ag baint leis an gcur chun feidhme. Ní mór díriú anois ar a chinntiú go sroicheann an t-airgead na réigiúin agus go ngineann sé gníomhaíochtaí tábhachtacha. Ciallaíonn sé sin infheistíocht a dhéanamh san iomaíochas, sa Chomhaontú Glas, chun an córas sláinte a neartú agus sa digiteáil. Ní féidir na spriocanna sin a chur chun feidhme ach amháin má tá tionchar ag na réigiúin ar dhearadh agus ar chur chun feidhme na gclár. Toisc go gciallaíonn cead cainte go mbíonn an comhdhearadh ar siúl an-ghar do na riachtanais ar an láthair. Is é sin bunsmaoineamh na coimhdeachta, rud a chuirimid chun cinn go sainráite”.
Thug Coiste Eorpach na Réigiún faoi phróiseas fairsing faireacháin ar chur chun feidhme an RRF. Beidh Fóram um Théarnamh agus Athléimneacht mar chríoch ar an ngníomhaíocht seo, a bhfuil a chéad eagrán beartaithe i mí Dheireadh Fómhair 2021 le linn Sheachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha.
Le linn an chruinnithe, ghlac comhaltaí choimisiún ECON d’aon toil an dréacht-tuairim maidir leis an b Plean Gníomhaíochta maidir le hAmhábhair Chriticiúla . Dúirt an rapóirtéir Isolde Ries (DE/PSE), an chéad Leas - Uachtarán ar Pharlaimint Réigiúnach na Sárlainne: "Ní féidir le sochaithe agus geilleagair nua-aimseartha feidhmiú san fhadtéarma gan soláthar amhábhar atá iontaofa, slán, iomaíoch agus neamhdhíobhálach don chomhshaol. Tá amhábhair chriticiúla ag teastáil in go leor tionscal Eorpach, amhail earnálacha na ngluaisteán, na cruach, an aeraspáis, na teicneolaíochta faisnéise, na sláinte agus an fhuinnimh in-athnuaite. Ba cheart an spleáchas ar amhábhair chriticiúla a laghdú trí úsáid chiorclach acmhainní, trí tháirgí inbhuanaithe agus trí nuálaíochtaí. Ní mór eastóscadh agus próiseáil amhábhar intíre san Aontas Eorpach a neartú agus soláthar ó thríú tíortha a éagsúlú”. Tá sé beartaithe go vótálfar ar an dréacht-tuairim le linn sheisiún iomlánach CnaR i mí an Mhárta.
Cheap Coimisiún ECON Loïg Chesnais-Girard (FR/PSE), Uachtarán chomhairle réigiúnach na Briotáine agus cathaoirleach an Ghrúpa Teagmhála idir CnaR agus an Ríocht Aontaithe , chun bheith ina rapóirtéir ginearálta ar Chúlchiste Coigeartaithe Brexit . Tá buiséad EUR 5 bhilliún molta ag an gCoimisiún Eorpach don ionstraim sin atá ceaptha chun tacú leis na gnólachtaí, na réigiúin agus na pobail áitiúla is mó atá thíos le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach. Tá sé beartaithe go vótálfar ar an dréacht-tuairim le linn sheisiún iomlánach Choiste na Réigiún i mí an Mhárta.
Thairis sin, ceapadh Ricardo Rio (PT/PPE), Méara Braga, mar rapóirtéir ar an tuairim féintionscnaimh maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach faoi 2030 . Tá an ceapachán faoi réir fhormheas Bhiúró CnaR.
Cúlra:
Tríd an gcomhairliúchán comhpháirteach CnaR-CEMR bailíodh dearcthaí agus taithí ó 25 eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar leibhéil rialtais fhonáisiúnta ar fud 19 mBallstát: an Ostair, an Bheilg, an Chróit, an tSeicia, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, Éire, an Iodáil, an Liotuáin, Málta, an Ísiltír, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn agus an tSualainn. Rinneadh an comhairliúchán spriocdhírithe ó thús mhí na Samhna 2020 go dtí tús mhí Eanáir 2021. Is féidir na torthaí a cheadú anseo .
Is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) an ionstraim ar luach EUR 672.5 billiún (suas le EUR 312.5 billiún i ndeontais agus suas le EUR 360 billiún in iasachtaí) a ceapadh chun tacú le tíortha an Aontais athchóirithe a dhéanamh agus infheistíocht a dhéanamh i gcomhthosaíochtaí an Aontais. Is é an RRF an uirlis airgeadais is mó a áirítear san ionstraim théarnaimh EUR 750 billiún ("Next generation EU"), ar a dtugtar Plean Téarnaimh don Eoraip freisin. Chun tairbhe a bhaint as tacaíocht ón RRF, ba cheart do na Ballstáit Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta a chur i láthair ina léirítear na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a mhaoineofaí.
Ar an 18 Nollaig 2020 , tháinig Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an tSaoráid. Táthar ag súil go vótálfaidh Parlaimint na hEorpa ar an téacs ag an suí iomlánach a bheidh aici i mí Feabhra, agus go nglacfaidh an Chomhairle go foirmiúil ina dhiaidh sin é.
I mí Dheireadh Fómhair, ghlac CnaR an tuairim dar teideal Plean Eorpach don Téarnamh: an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil a dhréachtaigh Christophe Rouillon (FR/PSE). Tá an phreaseisiúint le fáil anseo .
Ní mór na Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh faoin 30 Aibreán 2021 . Tá rialachas na hionstraime nua seo ailínithe go dlúth le próiseas an tSeimeastair Eorpaigh atá dírithe ar an mbeartas eacnamaíoch a chomhordú. Cháin CnaR arís is arís eile le roinnt blianta anuas an easpa rannpháirtíocht struchtúrtha agus chórasach a bhí ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sa rialachas eacnamaíoch go ginearálta agus sa Seimeastar Eorpach go háirithe. Tá barúlacha agus togra an Choiste maidir le hathbhreithniú ar rialachas eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh bailithe le chéile sa tuairim seo a dhréachtaigh Céad-Aire na Vallúine, Elio di Rupo (BE/PSE). Glacadh an tuairim i mí na Nollag ag an Seisiún Iomlánach. Tá an phreaseisiúint le fáil anseo .
Teagmháil:
Matteo Miglietta
Teil. +32 (0)470 895 382
matteo.miglietta@cor.europa.eu