Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Tosaíochtaí sláinte, sóisialta agus eacnamaíocha pléite ag comhaltaí de chuid CnaR agus ag Uachtaránacht na Portaingéile ar an Aontas Eorpach  

Beidh tábhacht thar meán leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun athléimneacht a fhorbairt agus chun géarchéimeanna a shárú

Rinne comhaltaí de chuid Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR) agus Ana Paula Zacarias, Státrúnaí Gnóthaí Eorpacha na Portaingéile, plé ar thosaíochtaí polaitiúla Uachtaránacht an Aontais agus ar thionchar na dtosaíochtaí sin ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach. Reáchtáladh an díospóireacht ag seisiún iomlánach CnaR i mí Feabhra. Lena linn, cuireadh i dtreis a thábhachtaí atá sé go mbeadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach i gcur chun feidhme an chéad bhuiséid eile de chuid an Aontais agus i gcur chun feidhme phleananna an Aontais maidir le téarnamh ó ghéarchéim COVID-19.

Leag ionadaithe ó údaráis áitiúla agus réigiúnacha de chuid an Aontais béim ar an ról lárnach atá ag na rialtais áitiúla agus réigiúnacha i mbainistiú éigeandáil COVID-19. Leag siad béim freisin ar an ról lárnach a bheidh ag na húdaráis sin maidir le téarnamh rathúil sláinte, sóisialta agus eacnamaíoch ón bpaindéim. Chuir na hionadaithe in iúl go bhfuil imní orthu faoi leibhéal rannpháirtíochta na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, de réir mar a sonraíodh le déanaí i . Léiríodh sa chomhairliúchán nach bhfuil ach tionchar fíorbheag ag formhór na rialtas áitiúil agus réigiúnach ar phleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta.

Chuir CnaR agus Uachtaránacht na Portaingéile araon i dtreis, d'ainneoin a thábhachtaí atá an téarnamh ó ghéarchéim COVID-19, gur cheart go mbeadh tosaíochtaí comhroinnte eile fite fuaite sna pleananna téarnaimh náisiúnta, tosaíochtaí cosúil le cur chun feidhme rathúil an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus dlús a chur le digiteáil na hEorpa.

Seo mar a labhair Apostolos Tzitzikostas , Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún: Chuaigh an Phortaingéil i mbun na hUachtaránachta ag tráth ríthábhachtach. Tá daoine fós ag fáil bháis de dheasca na paindéime, tá brú fós ar na seirbhísí poiblí agus tá dochar fós á dhéanamh do phoist agus do gheilleagair áitiúla. Sna míonna beaga amach romhainn, ní mór dúinn a chinntiú go gcuirfear buiséad an Aontais chun feidhme go héifeachtach agus ní mór dúinn plean téarnaimh uaillmhianach a sholáthar ina dtabharfar aghaidh, go nithiúil, ar riachtanais na ndaoine. I dteannta a chéile, ní mór dúinn cur lenár n-acmhainneacht freagairt do ghéarchéimeanna sláinte poiblí agus ní mór dúinn vacsaíní sábháilte a tháirgeadh agus a leithdháileadh. Ní mór an vacsaíniú a dhéanamh ag an am céanna sna Ballstáit, sna réigiúin, sna cathracha agus sna sráidbhailte trí chomhar treisithe idir gach leibhéal rialachais. Cuideoidh Uachtaránacht na Portaingéile freisin le seoladh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa: táimid ag brath ar an bPortaingéil chun gné láidir réigiúnach agus áitiúil a thabhairt isteach sa phróiseas sin, gné trína ndéanfar nuachóiriú ar fheidhmiú an daonlathais agus trína dtabharfar an Eoraip níos cóngaraí dá saoránaigh.

Seo mar a labhair Ana Paula Zacarias , Státrúnaí Gnóthaí Eorpacha na Portaingéile: “De thoradh na paindéime, cuireadh i dtreis gurb iad na ceannairí áitiúla agus réigiúnacha na cinn feadhna atá ag tiomáint na bpobal áitiúil chun cinn agus tá ról lárnach acu maidir leis an bhfreagairt ar an ngéarchéim. Is fíorthábhachtach an rud é a ghaire atá siad do na saoránaigh agus an tuiscint atá acu ar an bhfíorshaol mar atá ina réigiúin féin chun a chinntiú go n-éireoidh linn, anseo san Eoraip, na laethanta deacra atá ós ár gcomhair amach a chur dínn, de mheon dlúthpháirtíochta, agus ar bhealach nach bhfágfar aon duine ar gcúl. Tá an-tábhacht ag baint freisin leis an ról atá ag na cathracha agus na réigiúin maidir le beartais a chur chun feidhme ar bhonn náisiúnta, ar nós na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí a bhfuil géarghá leo sna pleananna téarnaimh náisiúnta atá ar na bacáin.

“Tá sé fíor go bhfuil gá le margadh inmheánach, ach ní mór don Aontas an uaillmhian chéanna a léiriú maidir leis an dul chun cinn sóisialta a bhaint amach”, arsa Vasco Cordeiro , an Chéad Leas-Uachtarán ar Choiste Eorpach na Réigiún agus comhalta de Thionól Réigiúnach na nAsór. “Agus muid ag tarraingt aird ar an ról atá ag an gcoimhdeacht agus ag an rialachas il-leibhéil maidir le feidhmiú an Aontais, agus ar a thábhachtaí atá siad sin, ní ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha amháin atáimid ag trácht óir ní hiad bun agus barr na saincheiste sin” a dúirt an tUas. Cordeiro freisin. “Is cás linn chomh maith an cineál Aontais Eorpaigh atá uainn!”

Le linn na díospóireachta, tháinig sé chun solais freisin go bhfuil tosaíochtaí polaitiúla Uachtaránacht na Portaingéile agus tosaíochtaí polaitiúla CnaR comhlántach le chéile. Go háirithe an tosaíocht maidir le "Pobail áitiúla agus réigiúnacha acmhainneacha a chothú" , ar tosaíocht í atá á cur chun cinn ag CnaR don tréimhse 2020-2025 agus atá an-chosúil le tosaíochtaí Uachtaránacht na Portaingéile .

Cuirfear leis an dlúth-chomhpháirtíocht idir CnaR agus Uachtaránacht na Portaingéile a bhuí le rannpháirtíocht Phríomh-Aire na Portaingéile, Antonio Costa, sa díospóireacht a reáchtálfar le linn sheisiún iomlánach CnaR i mí na Bealtaine, a bhuí leis an gcruinniú seachtrach den Bhiúró ar na hAsóir atá beartaithe agus a bhuí leis an idirphlé áitiúil atá á eagrú sa Phortaingéil, i gcomhar le comhaltaí de chuid thoscaireacht na Portaingéile in CnaR.

Eolas cúlra:

Tá Uachtaránacht na Portaingéile ar an Aontas Eorpach dírithe ar thrí phríomhthosaíocht :

  • téarnamh na hEorpa a chur chun cinn trí leas a bhaint as an aistriú aeráide agus as an aistriú digiteach
  • Colún Sóisialta an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme mar phríomhghné chun aeráid chothrom chuimsitheach agus aistriú digiteach a chinntiú
  • neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa a neartú ach í a choimeád oscailte don domhan mór san am céanna.

Is féidir teacht ar thosaíochtaí Choiste Eorpach na Réigiún don tréimhse 2020-2025 anseo .

Teagmháil:

Tobias Kolonko

Teil.: +32 22822003

tobias.kolonko@ext.cor.europa.eu

Andrew Gardner

Teil. +32 473 843 981

andrew.gardner@cor.europa.eu

Roinn :