Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Tá Cantabria á iarraidh ar an Aontas macrairéigiún an Atlantaigh a chruthú ‎ chun dul i ngleic le Brexit agus COVID-19  

San agallamh seo, labhair Paula Fernández Viaña (ES/Renew Europe) faoi thionchar Brexit agus COVID-19 ar réigiúin an Atlantaigh. Mar fhreagairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair, chuir aire de rialtas Cantabria a bhfuil cúraimí na hUachtaránachta, na nGnóthaí Baile, an Cheartais agus na Gníomhaíochta Seachtraí uirthi sraith tograí chun cinn chun an comhar idir réigiúin an Atlantaigh a neartú. Molann sí, go háirithe, macrairéigiún an Atlantaigh a chruthú, chomh maith le céimeanna nithiúla a ghlacadh chun geilleagar gorm inbhuanaithe athléimneach a bhaint amach i réigiún an Atlantaigh. Tá na moltaí sin leagtha amach i dtuairim atá le cur i láthair ag an aire Cantabrach an 17 Márta ag seisiún iomlánach de Choiste Eorpach na Réigiún.

Cén tionchar a bhí ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (AE) ar réigiúin an Atlantaigh? An dóigh leat gur chuir AE na réigiúin sin san áireamh agus an comhaontú um imeacht á chaibidliú?

Ní hamháin gur mó an tionchar atá ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach ar réigiúin an Atlantaigh, ach is measa fós é de dheasca ghéarchéim COVID-19. Tá rabhadh tugtha ag réigiúin an Atlantaigh le fada an lá gur gá bearta a ghlacadh chun dul i ngleic le tionchair Brexit d’fhonn a áirithiú go leanfar den chomhar láidir idir-réigiúnach agus d’fhonn sásraí airgeadais a bhunú chun an tionchar ar na réigiúin áitiúla is mó atá thíos leis a fhritháireamh.

Maidir le cé acu a chuir an tAontas na réigiúin san áireamh agus an comhaontú um imeacht á chaibidliú, is amhlaidh nár chuir, cé gur labhair an t-idirbheartaí, Michel Barnier, ag seisiún iomlánach de Choiste Eorpach na Réigiún chun na comhaltaí a chur ar an eolas maidir le dul chun cinn na caibidlíochta. Sa Spáinn, choinnigh an rialtas láir na comhphobail fhéinrialaitheacha ar an eolas trí la Conferencia de Asuntos Relacionados con la UE (CARUE ) (an Chomhdháil maidir le cúrsaí a bhaineann leis an Aontas Eorpach). I mo thuairimse, ba bhotún é gan dul i gcomhairle níos mó leis na réigiúin le linn na caibidlíochta faoi Brexit, óir is muidne is mó atá ar an eolas faoin bhfíorshaol agus faoi riachtanais shonracha ár bpobal i ndáil le tionchair Brexit.

In Cantabria, tá súil againn go gcuirfear na riachtanais sin san áireamh agus na cistí á ndáileadh ó Chúlchiste Coigeartaithe Brexit. I ndáil leis sin, caithfidh mé a chur in iúl gur ábhar imní dom dáileadh agus bainistiú láraithe na gcistí sin, rud atá ina ábhar imní do réigiúin eile an Atlantaigh freisin. Ina cheann sin, is mórchúis imní dúinn an chumhacht lánroghnach a thugtar do na Ballstáit i réigiún an Atlantaigh maidir leis na cistí sin. Ní féidir leis an dáileadh sin neamhaird a dhéanamh de phrionsabail an Aontais maidir leis an gcomhpháirtíocht agus an rialachas il-leibhéil.

Bhí na cuótaí iascaireachta ar cheann de na saincheisteanna ba chonspóidí sa chaibidlíocht idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach. Cad é do thuairim i leith na gné sin?

Nílimid ar an eolas go fóill faoi na cuótaí atá le leithdháileadh, ach is eagal le pobal na hiascaireachta in Cantabria go mbeidh ciorruithe suntasacha ann. Faoi láthair, tá tagairt déanta don chabhlach domhainfharraige, rud a bhfuil suim níos mó ag réigiúin eile ann, amhail an Ghailís. Os a choinne sin, tá eagla ar an gcabhlach cósta, arb é an cineál é atá againn in Cantabria, go ndéanfar ciorruithe suntasacha, go háirithe sa chéad séasúr iascaireachta ronnach. Tacaíonn ár roinn iascaigh leis an earnáil sin agus táimid ag fanacht leis an aireacht chun muid a chur ar an eolas faoi thoradh na caibidlíochta.

Cén tionchar a bhí ag COVID-19 ar Cantabria?

Ba é Cantabria an Comhphobal Féinrialaitheach a raibh an leibhéal básmhaireachta ab ísle aige le linn na chéad ráige. Thairis sin, ba é Cantabria an t-aon réigiún ar fud na Spáinne inar tháinig méadú ar an ionchas saoil le linn na tréimhse sin. Tá an ráta minicíochta níos ísle freisin sa réigiún seo againne.

Is é ár gcóras rianaithe dea-bhunaithe is cúis, go pointe, leis na dea-shonraí sin a bheith ag Cantabria. In Cantabria, d’éirigh linn breis agus 90 % de na cásanna a dhiagnóisiú agus, dá bhrí sin, bhí sé ar cheann de na pobail is fearr sa Spáinn ó thaobh COVID-19 a bhrath. Ós rud é nach bhfuil aon chás gan diagnóisiú, is féidir linn an tarchur a laghdú agus, dá thoradh sin, is lú líon na ndaoine a ionfhabhtaítear leis an ngalar. Cuirim i bhfios go láidir freisin gur toradh iad na sonraí sin ar iarracht comhchoiteann.

Cén ról a bheidh ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha san atógáil tar éis an choróinvíris, meas tú?

Is cinnte go bhfoghlaimeoimid neart ceachtanna ón ngéarchéim seo, ach feictear dom go bhfuil an-tábhacht ag baint le ceann amháin díobh: tá tromlach na hoibre déanta ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha. Beidh orainn brath orthu arís eile más gá dúinn aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna nua nach eol a minicíocht ná a gcineál – cé go dtuigimid go bhfuil na géarchéimeanna sin thar a bheith deacair a thuar. Is rud amháin é an t-anord a thuar, ach is rud eile ar fad freagairt dó. Agus aghaidh á tabhairt ar chásanna a bheidh ann amach anseo, feictear dom gurb é an ghné réigiúnach an ghné is iomchuí ó thaobh freagrúlachta, éifeachtúlachta agus gaireachta de, agus é sin ar fad i ndlúthchomhar leis na húdaráis áitiúla. Is iad na rialtais réigiúnacha is fearr atá in ann réitigh atá saincheaptha don cheantar áitiúil agus a fhreastalóidh ar éileamh dlisteanach na saoránach a roghnú, a chinneadh agus a chur chun feidhme.

Is é do thuairim go bhféadfadh an phaindéim agus Brexit a bheith ina ndeiseanna chun an claochlú teicneolaíoch a chur chun cinn. Cad iad na hearnálacha is gá a athrú a thuilleadh, go háirithe mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip? Cén ról ba cheart a bheith ag an Aontas Eorpach sa chlaochlú sin?

Is deis í an atógáil (agus úsáid á baint as cistí arna soláthar faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta) chun ár réigiúin a athchruthú ó bhonn agus chun infheistíocht ghlas agus dhigiteach a spreagadh a sheachnóidh an ghéarchéim thionsclaíoch atá roimh neart réigiún san Eoraip, nó a dhéanfaidh cúiteamh uirthi, ar a laghad.

Bhí na húdaráis riaracháin phoiblí dírithe go mór ar an ngearrthéarma le roinnt míonna anuas, ach anois tá fís mheántéarmach agus fhadtéarmach de dhíth orainn freisin. Ní mór dúinn tosaíochtaí a shocrú agus na hacmhainní Eorpacha a thiocfaidh i mbliana a dhíriú mar is cuí. Tá earnáil na tionsclaíochta ar cheann de na hearnálacha a dteastaíonn an infheistíocht agus an claochlú is mó uaithi i gcomhréir leis an dá phointe fhócasacha den téarnamh san Eoraip: an digiteáil agus an glasú.

Tá ról ríthábhachtach ag an Aontas Eorpach maidir leis an téarnamh agus maidir leis an tsamhail nua a stiúradh ar mhaithe lenár réigiúin a fhorbairt. Ní mór dúinn féachaint ar na cistí arna soláthar faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil nua (CAI) agus faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta mar dheis chun teacht as an ngéarchéim agus an bhunchloch a leagan síos do shamhail nua eacnamaíoch atá níos inbhuanaithe agus níos cuimsithí.

Cuirtear in iúl sa tuairim gur cúis aiféala é nach n-áirítear gníomhaíochtaí amhail spóirt uisce, an turasóireacht agus an t-iascach sa Phlean Gníomhaíochta maidir leis an Atlantach. Cén ról atá ag na gníomhaíochtaí sin maidir leis an aistriú chuig geilleagar gorm atá inbhuanaithe, athléimneach agus iomaíoch sa réigiún?

Is ionann earnáil na turasóireachta agus 10 % de OTI an Aontais agus 12 % de OTI na Spáinne agus Cantabria. Ina theannta sin, is féidir leis an turasóireacht gníomhú mar spreagadh agus cur le hacmhainneacht eacnamaíoch earnálacha amhail an tráchtáil, an t-iompar, an bia agus áiseanna cultúrtha. Is cúis áiféala dúinn nach luaitear an earnáil sin sa Phlean Gníomhaíochta athbreithnithe maidir leis an Atlantach, ós rud é gur gá an straitéis turasóireachta maidir le réigiún an Atlantaigh a bheith bunaithe ar thurasóireacht atá inbhuanaithe agus neamhdhíobhálach don chomhshaol agus gur cheart í a chomhordú ar an leibhéal Eorpach.

Is iad an turasóireacht, an cultúr agus geilleagair shóisialta agus áitiúla na hearnálacha is mó atá buailte ag an ngéarchéim seo. Tá réigiúin an Atlantaigh á iarraidh le fada an lá go mbeadh straitéis iomlánaíoch ann d’earnáil na turasóireachta, arna tacú le líne bhuiséid ar leith. Ar an drochuair, níor cuireadh an méid sin san áireamh sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile de chuid an Aontais. Trí earnáil na turasóireachta a chur san áireamh sa Phlean Gníomhaíochta maidir leis an Atlantach, chuirfí creat ar fáil trínar féidir bearta comhchoiteanna a ullmhú chun cuidiú leis an earnáil teacht chuici féin agus straitéis turasóireachta a chur chun feidhme bunaithe ar an inbhuanaitheacht, an nuálaíocht agus an digiteáil, rud lena bhféadfar cur leis an iomaíochas.

Cén chaoi ar féidir le réigiúin an Atlantaigh cuidiú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach?

Is iad na réigiúin mhuirí ar nós Cantabria is mó atá thíos le héifeachtaí an athraithe aeráide, éifeachtaí atá ag dul i méid agus atá níos tromchúisí ná riamh. I measc samplaí áirithe de sin tá ardú leibhéil na mara, tuilte i limistéir chósta, triomaigh, stoirmeacha agus tinte foraoise, rudaí a mbíonn tionchar níos mó ná riamh acu ar limistéir áitiúla, ar gheilleagair agus ar na saoránaigh.

In Cantabria, tá bearta maolaitheacha agus oiriúnaithe á gcur chun feidhme againn agus tá infheistíochtaí á slógadh againn freisin chun cur i gcoinne thionchar agus bhagairtí an athraithe aeráide. Is tromchúisí atá a thionchar ar na hoileáin agus ar na réigiúin is forimeallaí. Ní hionann an tionchar ar na réigiúin go léir agus, ar an gcúis sin, is den riachtanas aghaidh a thabhairt ar na leochaileachtaí sna réigiúin is mó atá neamhchosanta agus tacaíocht a chur ar fáil dóibh, amhail na hacmhainní arna soláthar faoin gCiste um Aistriú Cóir, i measc nithe eile.

Moltar i do thuairim go gcuirfear macrairéigiún an Atlantaigh ar bun. Rinneadh an moladh sin roinnt uaireanta roimhe seo ach, sa deireadh, dhiúltaigh an Coimisiún dó. An dóigh leat go bhféadfadh an staid reatha (COVID-19 agus Brexit) an seasamh sin a athrú?

Tá an moladh seo á chur chun tosaigh agam toisc go bhfuil réigiúin an Atlantaigh den bharúil gur mithid déanamh amhlaidh, ó tharla go bhfuil imní ann faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag Brexit ar an gcósta Atlantach. A bhuí leis an gcreat sin, beidh sé d’acmhainn againn ár ngné mhuirí a neartú, dlús a chur faoin nuálaíocht agus forbairt na nascachta idir réigiúin an Atlantaigh a chothú. D’fhéadfadh sé feidhmiú freisin mar ardán le haghaidh comhar le réigiúin sa Ríocht Aontaithe ar spéis leo a bheith rannpháirteach.

In 2019, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta go raibh sí toilteanach aird a thabhairt ar aon tionscnaimh láidre atá comhaontaithe go frithpháirteach ag Ballstáit a bhfuil na dúshláin chéanna rompu i limistéar geografach ar leith, arb é is aidhm dóibh straitéis mhacrairéigiúnach nua a bhunú. Is teachtaireacht láidir pholaitiúil é sin lena n - iarrtar ar an gCoimisiún Eorpach machnamh a dhéanamh ar an spéis atá ann macrairéigiún an Atlantaigh a bhunú.

Is cosúil freisin gur mithid é sin a dhéanamh díreach agus tús á chur leis an gclárthréimhse nua (an creat airgeadais ilbhliantúil agus na cláir lena mbaineann don tréimhse 2021-2027) agus ó tharla go bhfuil tuilleadh acmhainní curtha ar fáil tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Ag cruinniú a bhí ag na hairí iomaíochais ar na mallaibh, d’ardaigh Uachtaránacht na Portaingéile ar an gComhairle an cheist maidir le tionscadail ilnáisiúnta a cheapadh nár cuireadh san áireamh sna dréachtphleananna náisiúnta a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh go nuige seo.

Cad iad na réimsí beartais a chumhdófaí le macrairéigiún an Atlantaigh?

Ba mhian linn a shoiléiriú nár cheart do mhacrairéigiúin a bheith teoranta do bhainistiú éifeachtúil acmhainní. Ba cheart a ndlisteanacht a bheith bunaithe ar chomhthoil, ar chur chuige fadtéarmach, ar thionscadal sonrach a shainiú agus ar obair chomhpháirteach. I gcás Cantabria, fearacht réigiúin eile an Atlantaigh, tá roinnt réimsí ann ina bhféadfadh an macrairéigiún breisluach a chur ar fáil. Earnáil amháin den chineál sin is ea an fuinneamh muirí, a bhfuil sé d’acmhainn aige ról lárnach a imirt sa chóras fuinnimh a bheidh ann amach anseo agus, san am céanna, rannchuidiú le hastaíochtaí carbóin a laghdú agus le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach. Le straitéis mhacrairéigiúnach, creidimid go bhféadfaí dreasachtaí sonracha a chur i bhfeidhm chun margadh aonair fuinnimh a chur chun cinn.

I measc na réimsí eile ina bhfuil gníomhaíocht chomhordaithe ag teastáil, tá an t-iascaireacht inbhuanaithe, cosaint an chomhshaoil, an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus an turasóireacht. Maidir le hiompar agus inrochtaineacht, tá deiseanna ann freisin a bhaineann le hilmhódúlacht agus iompar glas a fhorbairt, rud a chuidíonn le poist a chruthú. Is tosaíocht é tionscadail an Ghréasáin Thras-Eorpaigh Iompair (TEN-T) a thabhairt chun críche. Is éard atá i gceist leo sin ná naisc thuaidh-theas ar an gcósta Atlantach agus calafoirt a bhfuil luach straitéiseach acu, amhail Santander, a áireamh sa chroíghréasán.

Is réimse eile é taighde, fhorbairt agus nuálaíocht a d’fhéadfadh tairbhiú de mhacrairéigiún an Atlantaigh, toisc go bhfuil ionaid iomadúla teicneolaíochta agus barr feabhais ar fud Arc an Atlantaigh agus comhpháirtíochtaí tábhachtacha forbartha acu le blianta beaga anuas.

Ar na cúiseanna sin go léir, creidim go daingean go bhféadfadh tiomantas polaitiúil a mhéadú i measc na mBallstát trí leas a bhaint as straitéis mhacrairéigiúnach an Aontais mar chreat comhair do réigiún an Atlantaigh, maille le cur lena hábharthacht agus lena fad saoil.

Faisnéis bhreise:

Is féidir seisiún iomlánach Choiste Eorpach na Réigiún a bheidh ar siúl an 17, an 18 agus an 19 Márta 2021 a leanúint ach cliceáil anseo .

Teagmháil:

PresseCdr@cor.europa.eu