Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Chomhroinn rialtais áitiúla an taithí atá acu ar ghéarchéim an Choróinvíris  

Chuir an Coimisiún um Acmhainní Nádúrtha (Coimisiún NAT) i gCoiste Eorpach na Réigiún (an Coiste) tús lena théarma oifige nua le díospóireacht leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte faoin gCoróinvíreas agus faoin tionchar atá aige ar phobail áitiúla. Ag an gcruinniú an 5 Márta, ghlac na comhaltaí tuairim maidir leis an bhforaoiseacht freisin agus phléigh siad an cúram sláinte trasteorann, an turasóireacht inbhuanaithe agus an beartas bia. I measc na bpríomhábhar atá ar chlár oibre Choimisiún NAT don sainordú nua sin tá an fhorbairt tuaithe, an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT), an t-iascach, an fhoraoiseacht, táirgeadh bia agus an tsláinte phoiblí. 

Ós rud é go bhfuil líon na nEorpach atá ionfhabhtaithe ag dul i méid, na daoine sin nach raibh aon teagmháil acu le cúige Wuhan sa tSín san áireamh, tá an Coróinvíreas – COVID-19 – ina ábhar mór imní anois ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha ar fud na hEorpa. Tá méaraí, comhairleoirí agus uachtaráin réigiúnacha sa líne thosaigh sa troid i gcoinne an ghalair, agus iad ag ullmhú bearta teagmhasacha, agus dúshláin le sárú acu i bhfianaise ganntanais trealaimh riachtanaigh agus ábhair imní mhéadaithe an phobail.

Dúirt Ulrika Landergren (SE/Renew Europe) , Comhairleoir i mbardas Sualannach Kungsbacka agus cathaoirleach choimisiún NAT sa Choiste , go bhfuair a lán daoine bás san Eoraip de dheasca víreas COVID-19. Dúirt sí freisin go bhfuil an staid ag athrú go gasta agus go bhfuil fógraí agus bearta nua ag teacht chun cinn go laethúil. Ní mór dúinne, an rialtas áitiúil agus réigiúnach, cúnamh a thabhairt dár saoránaigh, iad a chosaint agus cóireáil a chur orthu, dar léi.

Dúirt Leen Meulenbergs , Ionadaí de na Náisiúin Aontaithe ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) chuig an Aontas Eorpach, gurb é an teachtaireacht atá ann do gach tír agus réigiún gur féidir linn an víreas seo a bhrú siar agus gurb é ról tábhachtach na n-údarás áitiúil oideachas a chur ar dhaoine. Is tromchúiseach an tionchar atá ag an víreas seo ar an tsláinte phoiblí, ar an ngeilleagar agus ar shaincheisteanna sóisialta agus polaitiúla, dar léi. Níl a leithéid de chur chuige ann agus aon réiteach amháin do chách. Tá tíortha éagsúla agus réigiúin éagsúla laistigh den tír chéanna i gcásanna éagsúla.

Maidir le Roberto Ciambetti (IT/Coimeádaigh agus Leasaitheoirí na hEorpa (ECR)) , Uachtarán Chomhairle Réigiúnach Veneto agus Ceann Thoscaireacht na hIodáile sa Choiste a ghlac páirt i ndíospóireacht NAT faoin gcoróinvíreas trí idirghabháil físe a taifeadadh ón Veinéis, chuir sé i bhfios go láidir nach féidir eipidéim a stad. Ina ionad sin, is féidir treocht an ionfhabhtaithe a mhoilliú, dar leis. Ina theannta sin, chuir sé i bhfios go láidir gurb amhlaidh, i gcomhar leis an gcóras sláinte, go bhfuil siad ar thús cadhnaíochta i dtaca le bainistiú a dhéanamh ar an meaisín éigeandála i réigiún Veneto.

Ina theannta sin, ghlac comhaltaí NAT tuairim a dhréachtaigh Roby Biwer (LU/Páirtí na Sóisialaithe Eorpacha (PSE)) , Comhalta de Chomhairle Bardais Bettembourg, Lucsamburg, dar teideal "Dlús a chur le gníomhaíocht an Aontais chun foraoisí an domhain a chosaint agus a athbhunú” . Sa tuairim sin, pléitear conas is féidir an comhar idirnáisiúnta agus an obair le tíortha comhpháirtíochta a neartú chun gníomhaíocht i gcoinne an dífhoraoisithe agus díghrádú foraoisí a chur chun cinn, go háirithe mar thoradh ar an táirgeacht talmhaíochta. Tá ról lárnach ag foraoisí chun an ghéarchéim aeráide a mhaolú a bhuí lena gcumas gáis ceaptha teasa a ionsú. Mar thoradh ar fhás an daonra agus ar an éileamh méadaithe ar bhia, tá talamh talmhaíochta á dhéanamh as foraoisí agus táthar ag díriú níos mó ar an táirgiúlacht talmhaíochta. Tá an glacadh beartaithe sa seisiún iomlánach ar an 13-14 Bealtaine 2020.

Mhaígh Roby Biwer gur scamhóga glasa ár bpláinéid iad foraoisí. Dúirt sé freisin nach mbainfimid ár spriocanna aeráide ná bithéagsúlachta amach gan dlús a chur lenár gcuid iarrachtaí chun foraoisí an domhain a chosaint agus a athbhunú. D’iarr sé ar an gCoimisiún a bheith níos uaillmhianaí. Ní leor spreagadh a thabhairt, dar leis. Mhaígh sé freisin nach mór dúinn tomhaltas táirgí a dheimhniú san Aontas ó shlabhraí soláthair nach mbíonn an dífhoraoisiú mar thoradh orthu ná nach slabhraí de chuid an Aontais iad, ós rud é go bhfuil cuid mhór foraoisí príomhúla suite lasmuigh den Aontas. Dúirt sé go bhféadfadh daoine agus éiceachórais araon cuid mhór tairbhe a bhaint as caillteanas foraoisí a chosc, lena n-áirítear caomhnú na bithéagsúlachta, laghdú astaíochtaí trí ionsú carbóin agus soláthar seirbhísí éiceachóras, rud a d’fhéadfadh an fás inbhuanaithe a spreagadh.

Nocht na comhaltaí a dtuairimí faoi na tuairimí seo a leanas atá ar na bacáin:

“An cúram sláinte trasteorann” , curtha i láthair ag Karsten Uno Petersen (DK/PSE) , Comhairleoir Réigiúnach, Réigiún na Danmhairge Theas. Tá timpeall 150 milliún duine ina gcónaí i réigiúin teorann. I gcás cuid mhór daoine, tá an t-ospidéal nó an gairmí leighis, fiú, is gaire dóibh lonnaithe trasna na teorann. Tá an tuairim sin dírithe go háirithe ar dheimhin a dhéanamh de go bhféadfaidh na saoránaigh rochtain a fháil go héasca ar sheirbhísí sláinte gar don bhaile, agus cosaintí á soláthar do chórais sláinte réigiúnacha agus náisiúnta san am céanna. Is é Frans Timmermans, Leas - Uachtarán Feidhmiúcháin den Choimisiún Eorpach, a d’iarr an tuairim sin ar an gCoiste. Tá an glacadh beartaithe sa seisiún iomlánach ar an 1-2 Iúil 2020. Chuir Karsten Uno Petersen i bhfios go láidir go bhfuil 40   % de chríoch an Aontais ina réigiúin teorann. Do na saoránaigh atá ina gcónaí sna ceantair sin, dar leis, is mór an t-ábhar imní é cóireáil a lorg i dtír chomharsanachta. Cé ndearnadh roinnt dul chun cinn ar an mór-roinn seo againne a bhuí leis an treoir Eorpach atá anois ann, dar leis, chuir sé i bhfios go láidir gur cheart níos mó a dhéanamh chun deimhneacht airgeadais a áirithiú do na saoránaigh a leigheastar trasna na teorann, ach nósanna imeachta riaracháin a shimpliú agus aisíocaíocht éifeachtach a fheabhsú do na hEorpaigh.

“I dtreo na turasóireachta níos inbhuanaithe do chathracha agus réigiúin an Aontais" , dréachtaithe ag Manuel Alejandro Cardenete Flores (ES/Renew Europe) , Leas-Aire na Turasóireachta, na hAthnuachana, an Dlí agus Cirt, agus an Riaracháin Áitiúil i Rialtas Réigiúnach na hAndalúise. Tríd an turasóireacht, cruthaítear poist mar aon leis an rachmas ar fud an Aontais Eorpaigh. Mar sin féin, d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith aici freisin ar an gcomhshaol nó ar an tsochaí mura ndéantar í a bhainistiú i gceart. Sa tuairim sin, breathnaítear ar an rannchuidiú dearfach a rinneadh a bhuí le gníomhaíochtaí turasóireachta ar an leibhéal eacnamaíoch agus sóisialta araon, agus pléitear an chaoi a bhféadfadh ceannairí polaitiúla dul i ngleic leis na dúshláin agus clár oibre an nuachóirithe inbhuanaithe a chur chun cinn. Tá an glacadh beartaithe i seisiún iomlánach an Choiste ar an 12-14 Deireadh Fómhair 2020.

“Ón bhFeirm go dtí an Forc – an ghné áitiúil agus réigiúnach" , curtha i láthair ag Guido Milana (IT/PSE) , Comhalta de Chomhairle Bardais Olevano Romano (an Róimh). Tá an straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” don bhia inbhuanaithe ina cuid lárnach den tionscnamh suaitheanta maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip. Cumhdófar gach céim den bhiashlabhra sa straitéis, ón táirgeadh go dtí an tomhaltas. Tá cáil ar bhia Eorpach de bharr go bhfuil sé slán, cothaitheach agus ar ardchaighdeán. I dteachtaireacht an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an gComhaontú Glas a foilsíodh i mí na Nollag 2019, deimníodh go bhfoilseofar an straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” i ndeireadh mhí Mhárta 2020 .

Sa tuairim sin, leagtar béim ar an gcaoi a bhféadfaidh údaráis áitiúla agus réigiúnacha dul i ngleic leis an athrú aeráide, an comhshaol a chosaint agus an bhithéagsúlacht a chaomhnú le linn tomhaltas bia inbhuanaithe a spreagadh agus bia folláin inacmhainne do chách a chur chun cinn. Chuige sin, beidh ar a lán gníomhaithe, ar leibhéal na n-institiúidí agus lasmuigh díobh oibriú i gcomhar le chéile.

Mheabhraigh an Rapóirtéir go bhféadfadh an tionscnamh “Ón bhFeirm go dtí an Forc” a bheith ina dheis chun ár gcóras bia a athrú i bhfianaise na héigeandála aeráide domhanda. Mheabhraigh sé freisin gur cheart beartais amhail an Comhbheartas Talmhaíochta a athrú chun rannchuidiú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Is príomhghníomhaithe iad na cathracha agus na réigiúin san athrú bia, dar leis, agus d’éiligh sé straitéis uaillmhianach chun tacú lena thábhachtaí atá táirgeoirí agus slabhraí soláthair gairide, chun dáileadh bia feabhsaithe a spreagadh agus chun tomhaltas freagrach criticiúil a chur chun cinn.

Chuir Róża Thun und Hohenstein, Parlaimint na hEorpa, comhalta bunaithe an Fhóraim Bia Eorpaigh, i bhfios go láidir gurb é an uaillmhian atá acu go mbeadh an Fóram Bia Eorpach ina fhóram ardleibhéil le haghaidh díospóireachtaí faoin mbeartas bia. Tá sé ag teastáil uainn uile inniu, a dúirt sí. Ní mór dúinn fáil réidh leis na bacainní idir coistí parlaiminteacha nó institiúidí éagsúla agus an beartas bia a phlé le chéile. Chuir sí i bhfios go láidir, ina theannta sin, nach mór dúinn oibriú le chéile ar tháirgeadh bia, ar chosaint na dtomhaltóirí, ar cháilíocht an bhia agus ar chosaint an chomhshaoil. Ar deireadh, chuir an Feisire lena mbaineann i bhfios go láidir go raibh sé tábhachtach oibriú i gcomhar leis an gCoiste faoi sin trí chuireadh a thabhairt don Choiste dul isteach san Fhóram mar chomhalta speisialta.

Tá an glacadh beartaithe sa seisiún iomlánach ar an 9-10 Nollaig 2020.

Sruthú gréasáin

Doiciméid chruinnithe

Faisnéis chúlra faoin gcoróinvíreas

COVID-19 Teachtaireacht do gach rannpháirtí in imeachtaí ag an gCoiste

Teagmháil:

Wioletta Wojewodzka

Teil. +32 (0)2 282 2289

Fón póca: +32 (0)473 843 986

wioletta.wojewodzka@cor.europa.eu