Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Teachtaireacht na n-údarás áitiúil do Charles Michel: ní mór samhail dhaonlathach an Aontais Eorpaigh a neartú agus bunchlocha na hEorpa (na réigiúin, na cathracha agus na sráidbhailte) a threisiú sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa.  

Phléigh Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, todhchaí na hEorpa agus an téarnamh glas tar éis COVID-19 le Coiste Eorpach na Réigiún

Chuir Coiste Eorpach na Réigiún fáilte roimh Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, chuig an seisiún iomlánach (#CoRplenary) a bhí aige an 17 Márta. Chuir Charles Michel an fhís atá aige le haghaidh ról na n - údarás áitiúil agus réigiúnach i dtaca le téarnamh agus daonlathas na hEorpa i láthair. Bhí malartú tuairimí aige freisin le Comhaltaí CnaR maidir le todhchaí na hEorpa (féach an díospóireacht thaifeadta anseo ).

Bhí an méid seo le rá ag Apostolos Tzitzikostas, Uachtarán CnaR , agus é ag cur ionchais na réigiún agus na gcathracha faoi bhráid Charles Michel: “ Tá paindéim COVID-19 ag réabadh tríd an Eoraip le dhá mhí dhéag anuas. Le linn na laethanta an-deacair sin, áfach, níor stad Coiste Eorpach na Réigiún de bheith ag obair agus is amhlaidh sin do na gobharnóirí, na méaraí agus na comhairleoirí áitiúla agus réigiúnacha freisin atá ag déanamh throm na hoibre, lá i ndiaidh lae, sna réigiúin féin ar mhaithe le poist, gnólachtaí áitiúla agus, fiú, beatha daoine a shábháil. De thoradh ghéarchéim COVID-19, tugadh chun solais na teorainneacha atá leis an Eoraip atá ann faoi láthair, is é sin le rá Eoraip nach bhfuil ach dhá shraith inti: na Ballstáit agus an Bhruiséil. A bhuí leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, tá deis uathúil ann Teach Eorpach coiteann seo an Daonlathais a threisiú, ach is beag an mhaitheas sin agus ní athrófar dada i saol na ndaoine mura mbeidh sa Chomhdháil ach “comórtas áilleachta idir na hinstitiúidí Eorpacha agus na príomhchathracha náisiúnta” . Caithfidh go mbeidh sé de chuspóir ag an gComhdháil Eoraip níos fearr, níos oscailte agus níos éifeachtaí a thógáil, Eoraip a bheidh athléimneach, inbhuanaithe agus ar bheagán maorlathais. Ní mór dúinn cur le chéile chun Teach Eorpach seo an Daonlathais a nuachóiriú i dtreo is go bhfeidhmeoidh an tAontas mar dhíon cosantach an Tí, go bhfeidhmeoidh na Ballstáit mar na ballaí láidre agus go mbeidh na réigiúin, na cathracha agus na sráidbhailte ina mbunchlocha daingne”.

Seo mar a labhair Charles Michel , Uachtarán na Comhairle Eorpaí: “ A bhuí leis an tréimhse a chaith mé mar ionadaí tofa sna húdaráis áitiúla sa Vallúin, is maith is eol dom a thábhachtaí is atá ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach agus aghaidh á tabhairt againn ar an ngéarchéim seo a bhfuil an Eoraip agus an domhan mór thíos léi le breis agus bliain anuas. Is maith a léirigh na húdaráis sin an ról mór atá acu sa daonlathas agus iad ar an líne thosaigh ag cur seirbhísí ar fáil do na saoránaigh. Ghlac siad ról an-ghníomhach agus tá gníomhaíochtaí nithiúla curtha i gcrích acu. Léirigh siad go bhfuil dlisteanacht iomlán ag na polaiteoirí áitiúla agus go bhfuil ról ar leith le himirt acu. Maidir le gach dúshlán agus deis atá roimh an Aontas Eorpach, cibé acu a bhaineann sin le cosaint luachanna agus cosaint an daonlathais, leis an téarnamh glas tar éis COVID-19 nó leis an digiteáil, táim lánchinnte de gur comhpháirtithe luachmhara iad na ceannairí áitiúla agus réigiúnacha, ceannairí nach mór do na rialtais oibriú níos dlúithe leo. Is iadsan is gaire do na daoine. Tá siad pragmatach, bíonn siad ag plé go díreach leis na saoránaigh agus is maith atá a fhios acu conas na saoránaigh a shlógadh. Ní mór ról níos mó a thabhairt dóibh sna pleananna téarnaimh ós rud é go ndéanann siad os cionn 30% den infheistíocht phoiblí a bhainistiú. Murach iad ní bheidh rath orainn. Faoi chuimsiú na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, tá lánsaoirse ag na ceannairí cinneadh a dhéanamh faoin sórt páirte ar mhaith leo a ghlacadh sa díospóireacht. Tá sé mar aidhm agam breis earraíochta a bhaint as an bhfuinneamh a léiríonn na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla ina réigiúin féin ar mhaithe le draíocht an Tionscadail Eorpaigh .

Is cinnte go dteipfidh ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, má dhéanaimid iarracht buntáistí an dá thrá a bheith againn ” arsa Vasco Cordeiro, an Chéad Leas-Uachtarán ar CnaR . “Ba cheart go ndíreofaí ar dhá phríomhréimse sa Chomhdháil: an chaoi a n-oibríonn an Eoraip agus na nithe ar cheart di oibriú orthu. Sa dá chás sin, tá tábhacht thar meán ag an ról atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha. Is amhlaidh sin chomh maith do théarnamh na hEorpa. Is mithid Colún na gCeart Sóisialta a chur i gcrích agus a chinntiú freisin go mbeidh feidhm fós ag an gclásal ginearálta éalaithe an bhliain seo chugainn. Sin an chúis a bhfuil ‘riail óir’ le haghaidh infheistíochtaí inbhuanaithe á hiarraidh ag Coiste Eorpach na Réigiún”.

Oibríonn na húdaráis áitiúla i gcomhar leis an Aontas i dtreo is go ndéanfar na limistéir thuaithe a dhigiteáil, rud a dheimhneoidh go mbeidh gach limistéar oileánach nó sléibhtiúil ceangailte (fiú an ceann is iargúlta), ar mhaithe leis na fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus na scoileanna, a thabhairt ar aghaidh chuig an gcéad chéim forbartha eile agus ionas go mbeidh críocha níos athléimní ann. Is glaise í an Eoraip a bhuí leis na réigiúin, na cathracha agus na sráidbhailte óir is iadsan a chuireann 70% de reachtaíocht an Aontais agus de na bearta maidir le maolú ar an athrú aeráide chun feidhme chomh maith le 90% de na beartais maidir le hoiriúnú don athrú aeráide. Tá Grúpa Ardleibhéil um an Daonlathas Eorpach curtha ar bun ag CnaR chun tacú leis an obair a dhéanann sé faoi chuimsiú na Comhdhála.

Teagmháil:

Michele Cercone

Fón póca: +32 (0)498 982 349

michele.cercone@cor.europa.eu

Roinn :