Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Tá sé ráite ag na ceannairí áitiúla agus réigiúnacha leis an gCoimisinéir Šefčovič go n - oibreoidh siad i gcomhar leis an gCoimisiún chun AE digiteach, cóir, glas agus athléimneach a chruthú  

Beidh comhaltaí CnaR in ann tacú le cur chun feidhme chlár oibre 2021 an Choimisiúin tríd an saineolas atá acu ar an leibhéal áitiúil a roinnt agus aiseolas a chur ar fáil maidir le héifeachtacht bhearta an Aontais

D’iarr ceannairí áitiúla agus réigiúnacha inniu ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Maroš Šefčovič, gach iarracht a dhéanamh chun éifeachtaí na paindéime domhanda a mhaolú agus páirt lárnach a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i gclár oibre an Aontais maidir leis an athléimneacht agus téarnamh. Leag siad béim ar cé chomh toilteanach is atá siad cabhrú go gníomhach le príomhthionscnaimh an Choimisiúin Eorpaigh a cheapadh agus a chur chun feidhme amhail na bearta sláinte i gcoinne COVID-19, an Comhshocrú Aeráide nó an tsaoráid téarnaimh agus athléimneachta.

Bhí an díospóireacht ar siúl le linn sheisiún iomlánach CnaR, áit ar chuir an Leas-Uachtarán Maroš Šefčovič an chéad tuarascáil fadbhreathnaitheachta de chuid an Choimisiúin i láthair, inar díríodh ar an athléimneacht agus ar chlár oibre 2021 an Choimisiúin – lena n-áirítear iarrachtaí an Aontais cabhrú leis an téarnamh ó phaindéim COVID-19. Ghlac CnaR rún freisin ina leagtar béim ar an ngá atá ann na héagothromaíochtaí áitiúla agus réigiúnacha a chur san áireamh mar thoradh ar an ngéarchéim agus leas a bhaint as saineolas na rialtas áitiúil agus réigiúnach agus reachtaíocht Eorpach á ceapadh in 2021. Thug comhaltaí CnaR gealltanas freisin páirt ghníomhach a ghlacadh sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa trí idirphlé buan struchtúrtha a dhéanamh leis na saoránaigh, rud a chuideoidh leis na bearta atá á ndéanamh ag an Aontas a mhúnlú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.

Seo mar a labhair Uachtarán CnaR, Apostolos Tzitzikostas : “Gabhaim buíochas le Leas-Uachtarán Šefčovič as an gcomhar iontach atá aige linn agus as ár gCoiste a chur san áireamh sna hiarrachtaí atá ar bun ag an gCoimisiún Eorpach chun iarmhairtí na paindéime a mhaolú. Táimid ag tnúth le bheith ag obair le foireann iomlán an Choimisiúin Eorpaigh ar thionscadail thábhachtacha in 2021. Beidh Baraiméadar Réigiúnach agus Áitiúil 2021 Choiste Eorpach na Réigiún ina uirlis úsáideach chun an ghné réigiúnach agus áitiúil a chur san áireamh i Staid an Aontais 2021 agus i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh i gcoitinne”.

Seo mar a d’fhreagair Maroš Šefčovič , Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh um Chaidreamh Idirinstitiúideach agus um Fhadbhreathnaitheacht: “Beidh an bhliain atá amach romhainn dian ó thaobh ceapadh beartas de. Tá sé tábhachtach go n-oibreoimis le chéile agus go mbainfí an leas is fearr is féidir as ár n-acmhainní. Tá obair Choiste na Réigiún ríthábhachtach chun a áirithiú go dtugann lucht ceaptha beartas na hEorpa éisteacht cheart do ghlór na n - údarás áitiúil, cathrach agus réigiúnach. Tá sé sin níos tábhachtaí anois ná riamh, de réir mar a fhéachaimid leis an ngéarchéim COVID-19 a shárú, tús ceart a chur leis an téarnamh agus an todhchaí atá uainn don Aontas seo a phleanáil. Ní mór dúinn na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a chur i ngníomh mar is ceart ar an leibhéal áitiúil, rud a chuirfidh borradh faoi thionscadail.”

Maidir le tuarascáil 2021, tá CnaR tiomanta freisin ionchur a bheith aige sa Chlár Oibre um Fhadbhreathnaitheacht Straitéiseach atá ag an gCoimisiún Eorpach. Trí fhaireachán a dhéanamh ar an ngné ghlas, dhigiteach agus shoch-eacnamaíoch a bhaineann leis an athléimneacht ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, aithneofar na leochaileachtaí is mó atá i gcathracha agus i réigiúin na hEorpa de réir mar a tugadh le fios sa chéad Bharaiméadar Bliantúil Áitiúil agus Réigiúnach .

Seo a bhí le rá ag Vasco Alves Cordeiro (PT/PSE), Comhalta de Pharlaimint Réigiúnach na nAsór agus an chéad Leas-Uachtarán ar CnaR: “I ngach aird den Aontas, na réigiúin is forimeallaí san áireamh, bhí tionchar mór ag géarchéim COVID-19 ar na hearnálacha go léir. Ar mhaithe le torthaí agus ar mhaithe leis na daoine dá ndéanaimid seirbhís, tá gá ann, gá nach féidir neamhaird a dhéanamh de, go mbeadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ina gcuid den phróiseas cinnteoireachta agus go mbeadh a n-ionchur le sonrú ar na réitigh”.

Leag uachtaráin na sé ghrúpa pholaitiúla béim ar ghnéithe den chlár oibre a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo dá gcomhaltaí.

Is é a dúirt Olgierd Geblewicz (PL/PPE), Uachtarán Réigiún na Pomaráine Thiar agus Uachtarán Ghrúpa Pháirtí an Phobail Eorpaigh : “Tá géarghá leis an bplean cuimsitheach d’Aontas Sláinte na hEorpa a d’fhógair Uachtarán von der Leyen, plean trína bhféadfaí déileáil leis an ngéarchéim agus cur le hinniúlachtaí agus ullmhacht chórais sláinte na mBallstát. Tá freagrachtaí móra ar a lán réigiún san Aontas, réigiún na Pomaráine Thiar san áireamh, freagrachtaí i réimse na sláinte poiblí, amhail ospidéil agus áiseanna cúraim a bhainistiú agus straitéisí a cheapadh maidir le cúram sláinte coisctheach. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go mbeadh na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla rannpháirteach in ullmhú na mbeart trína dtugann an tAontas aghaidh ar bhagairtí tromchúiseacha sláinte, bagairtí trasteorann san áireamh. Níor cheart neamhaird a dhéanamh den eolas sin atá acu i réimse an chúraim sláinte. Tá na figiúirí ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a léireoidh na difríochtaí agus na héagothromaíochtaí ar bhonn réigiúnach. Ní mór dúinn na seirbhísí a chomhordú le chéile agus inniúlachtaí a fhorbairt le go bhféadfaimid an chosaint chéanna a thabhairt dár saoránaigh go léir fud fad na hEorpa.”

Is é a dúirt Christophe Rouillon (FR/PSE), Méara Coulaines agus Uachtarán Ghrúpa Pháirtithe na Sóisialaithe Eorpacha : “Tá an dúshlán is mó lenár linn le sárú ag ár gcuid réigiún, is é sin an téarnamh is fearr is féidir a dhéanamh as paindéim COVID-19 trí chathracha agus réigiúin níos inbhuanaithe, níos cuimsithí agus níos daonlathaí a chruthú. A bhuí le Grúpa na Sóisialaithe, tá seasamh atá uaillmhianach go sóisialta ag Coiste Eorpach na Réigiún, go háirithe agus urraim á tabhairt do na bunluachanna, mar shampla an comhionannas inscne agus cearta LGBTI, agus maidir le rochtain dhíreach a thabhairt do 100 000 cathair agus réigiún ar mhaoiniú ón Aontas don phlean téarnaimh agus don bheartas imirce.”

Is é a dúirt Ulrika Landergren (SE/Renew Europe), comhalta de Chomhairle Bardais Kungsbaka agus an chéad Leas-Uachtarán ar Ghrúpa Renew Europe : “Tá an fhadbhreathnaitheacht thar a bheith tábhachtach ar gach leibhéal den rialtas. Sa tSualainn Thiar táimid ar thús cadhnaíochta ó thaobh scileanna a fhorbairt don ré dhigiteach. Sa phleanáil straitéiseach fhadtéarmach atá againn, chuireamar béim mhór ar na scileanna cearta a fhorbairt don todhchaí, ní hamháin don aos óg, ach don lucht saothair ar fad, daoine scothaosta nó daoine faoi mhíchumas san áireamh, le go mbeidh siad ullamh don todhchaí agus don aistriú go geilleagar glas. Ní féidir linn dul sa seans go bhfágfaí aon duine ar gcúl nuair a bheidh an tsochaí á digitiú níos mó agus níos mó.”

Is é a dúirt Władysław Ortyl (PL/ECR), Uachtarán Réigiún na Cairpe Íochtaraí agus ceannaire an Ghrúpa do Choimeádaigh agus Leasaitheoirí na hEorpa : “Is am neamchoitianta eisceachtúil an t-am seo ina bhfuilimid ag maireachtáil agus ba cheart don Aontas Eorpach díriú anois ar ár ngeilleagair a chur ar ais ar an mbóthar ceart agus ar shláinte gach saoránaigh. Ba cheart don Choimisiún Eorpach dlús a chur leis na tograí sin den Chlár Oibre a dhéileálann le paindéim COVID-19 agus a thacaíonn leis an téarnamh eacnamaíoch, agus ba cheart dó na tograí nach dtacaíonn leis na cuspóirí sin a chur siar. Ní hé seo an t-am ceart le haghaidh ceanglais nua mhaorlathais. Seo an t-am ar cheart béim a chur ar an ord tosaíochta, ar an tsolúbthacht agus ar an gcomhar”.

Is é a dúirt Kieran McCarthy (IE/EA), comhalta de Chomhairle Contae Chorcaí agus Uachtarán Ghrúpa na Comhghuaillíochta Eorpaí : “Is díol sásaimh dom an comhar idir an Coimisiún Eorpach agus CnaR, comhar lena n - áiritheofar go mbeidh páirt níos mó ag na réigiúin agus na cathracha sa phróiseas trína gceaptar agus trína gcuirtear chun feidhme beartais an Aontais. Ní mór é sin a dhéanamh trí mholtaí an Tascfhórsa um Choimhdeacht a leanúint, prionsabal na coimhdeachta gníomhaí a chur i bhfeidhm agus prionsabail an rialachais il-leibhéil a chur san áireamh i ngach beartas atá ag an Eoraip. Céim sa treo ceart is ea rannpháirtíocht CnaR san ardán Fit for Future (Ullamh don Todhchaí) agus táimid ag brath ar thacaíocht an Choimisiúin Eorpaigh le go mbeidh na réigiúin agus na cathracha lárnach sna tionscnaimh maidir leis an téarnamh i dtreo geilleagar glas agus digiteach”.

Is é a dúirt Bernd Voss (DE/na Glasaigh), comhalta de Pharlaimint Stáit Schleswig-Holstein agus Comh-Uachtarán Ghrúpa na nGlasach : “Táimid ag achainí ar an gCoimisiún Eorpach beartas maidir le mionlaigh a chur chun feidhme, beartas a bheidh i gcomhréir leis an tionscnamh ó na saoránaigh “Minority Safepack”. Léirigh os cionn 1.3 milliún duine san Eoraip tacaíocht don tionscnamh sin agus tá sé in am againn gníomhú”.

Tá ionchur ag CnaR cheana sa phróiseas reachtóireachta Eorpach do 2021 mar chuid den ardán “Fit for Future” (Ullamh don Todhchaí) . Tá triúr cathaoirleach as measc an tseisir cathaoirleach atá ar choimisiúin CnaR ina n - ionadaithe i nGrúpa na nIonadaithe Rialtais ar an ardán sin. Lena chois sin, bhunaigh CnaR Líonra na Mol Réigiúnach (RegHub), foghrúpa a bhailíonn eolas ó na cathracha agus na réigiúin trí chomhairliúcháin spriocdhírithe agus a thiomsaíonn an t-eolas sin i dtuarascálacha ar chur chun feidhme a bhaineann le beartais Eorpacha ar leith. Ar deireadh, an 4 Nollaig, d’eisigh CnaR dearbhú polaitiúil i gcomhar le comhlachais áitiúla agus réigiúnacha uile na hEorpa lena n - iarrtar ar cheannairí an Aontais gníomhú le go bhféadfar téarnamh go práinneach.

Teagmháil:

Marie-Pierre Jouglain

Fón póca: +32 (0)473 52 41 15

mariepierre.jouglain@cor.europa.eu

Gailearaí Flickr CnaR

Roinn :
 
Nuacht ghaolmhar

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/A-MORE-RESILIENT-INCLUSIVE-AND-DEMOCRATIC-EUROPE.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/LOCAL-AND-REGIONAL-LEADERS-TO-SEFCOVIC.ASPX

A more resilient, more inclusive and more democratic Europe at the centre of a debate with Oliver Röpke, President of the European Economic and Social Committee
A more resilient, more inclusive and more democratic Europe at the centre of a debate with Oliver Röpke, President of the European Economic and Social Committee
26.05.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/FOSTERING-DIVERSITY-AND-INCLUSION-ON-THE-GROUND.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/LOCAL-AND-REGIONAL-LEADERS-TO-SEFCOVIC.ASPX

Local and regional leaders welcome Commissioner Dalli's support for their work in fostering diversity and inclusion on the ground
Local and regional leaders welcome Commissioner Dalli's support for their work in fostering diversity and inclusion on the ground
24.05.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/155-PLENARY-ANNOUNCEMENT.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/LOCAL-AND-REGIONAL-LEADERS-TO-SEFCOVIC.ASPX

On cities' and regions' agenda: Ukraine's reconstruction, crises management, EU budget
On cities' and regions' agenda: Ukraine's reconstruction, crises management, EU budget
23.05.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/CP-50-EUROPE-DAY-2023-CELEBRATING-EUROPEAN-UNITY-AND-DIVERSITY.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/LOCAL-AND-REGIONAL-LEADERS-TO-SEFCOVIC.ASPX

Europe Day 2023: celebrating European unity and diversity
Europe Day 2023: celebrating European unity and diversity
27.04.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/LARGER-AND-MORE-RESILIENT-EU.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/LOCAL-AND-REGIONAL-LEADERS-TO-SEFCOVIC.ASPX

A larger and more resilient EU in spotlight at CIVEX meeting
A larger and more resilient EU in spotlight at CIVEX meeting
19.04.2023