Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Tá cur chuige áitiúil láidir de dhíth chun scileanna a fhorbairt i ndáil leis an aistriú glas agus digiteach  

San agallamh seo, freagraíonn Csaba Borboly (RO/PPE) sé cheist faoin gClár Oibre Scileanna don Eoraip don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht . Is é Uachtarán Chomhairle Chontae Harghita rapóirtéir na dréacht-tuairime ina n-iarrtar ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an gcur chuige atá leagtha amach i dteachtaireacht a d’eisigh sé le déanaí tríd an ról tábhachtach atá ag na cathracha agus ag na réigiúin, i bhformhór na mBallstát, a chur san áireamh, agus bonneagar a bhaineann le scileanna á chur chun cinn agus á fhorbairt. Déanfar an dréacht-tuairim sin a chur ar vóta an tseachtain seo le linn an tseisiúin iomlánaigh , an 3-5 Feabhra.

Sa tuairim a dhréachtaigh tú, is léir gur díol sásaimh duit an Comhshocrú do Scileanna a seoladh le déanaí. Is é is aidhm don Chomhshocrú raon éagsúil geallsealbhóirí a bhfuil tionchar acu ar fud an tslabhra luacha a thabhairt le chéile. I ndáil leis sin, cad is féidir leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a dhéanamh chun cuidiú le cur chun feidhme an Chomhshocraithe d'fhonn straitéisí comhchoiteanna agus scéimeanna oiliúna a fhorbairt?

Is iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha úinéirí an bhonneagair áitiúil ábhartha, tairbhíonn siad de chistí de chuid an Aontais agus de thacaíocht náisiúnta agus réigiúnach araon, agus feidhmíonn siad mar bheadh príomhphointe tagartha idir an tAontas agus na pobail áitiúla agus réigiúnacha. Ba cheart don Choimisiún Eorpach aitheantas a thabhairt do na róil thábhachtacha sin atá acu. Tá ról tábhachtach acu freisin maidir le hoideachas a mhaoiniú agus maidir le beartais a bhaineann le scileanna a fhorbairt. Má ghníomhaíonn an Coimisiún Eorpach chun naisc dhíreacha a chothú leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a bhfuil suim acu dlús a chur le leithdháileadh chistí an Aontais, i bhfoirm tionscadail phíolótacha, d’fhéadfaí na gníomhaíochtaí a chur i gcrích ar bhealach i bhfad níos tapa agus níos éifeachtúla. Anuas air sin, i dtaca leis na comhpháirtíochtaí náisiúnta agus réigiúnacha idir na húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha, grúpaí saineolaithe, ionadaithe na bhfostóirí agus soláthraithe oideachais agus oiliúna: is tríothu sin is tapa a fhoghlaimítear conas scileanna atá leabaithe go réigiúnach go héifeachtach a shealbhú. Is féidir athruithe ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach a thiomáint chun cinn a bhuí le comhpháirtíochtaí den sórt sin, trí eolas, tuiscint agus iontaoibh a chothú agus trí pháirt a thabhairt do na geallsealbhóirí uile. 

Ní mór an gairmoideachas agus an t-oideachas teicneolaíoch a fheabhsú tuilleadh. Braitheann an dá chineál oideachais sin i bhfad níos mó ar áiteanna agus ar shaoráidí oideachais ná ar scileanna digiteacha, ar scileanna teanga ná ar scileanna boga eile. Chuige sin, an féidir leat dea-chleachtais a shainaithint i roinnt réigiún ar féidir leo tionscnaimh nua a spreagadh i réigiúin eile?

Is cinnte go bhfuil go leor dea-chleachtas sna réigiúin Eorpacha. I dtús báire, tá scileanna digiteacha agus ábhair ETIM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic) riachtanach sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint agus tá gá le hardscileanna TFC (teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide) agus digiteacha i bhformhór na ngairmeacha, mar shampla chun innealra nó trealamh úrscothach a fheidhmiú. I roinnt Ballstát, úsáidtear réitigh bunaithe ar an samhaltú 3T, réitigh mhalartacha agus réitigh bunaithe ar an réaltacht fhíorúil, rud a chiallaíonn nach rud é atá le tarlú amach anseo digiteáil an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, ach gur rud é atá ar siúl cheana féin i roinnt réigiún san Eoraip, mar shampla sa Ghearmáin, sa Fhrainc agus in Éirinn.

I bhformhór na mBallstát, tá ról tábhachtach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le hoideachas a mhaoiniú agus maidir le beartais a bhaineann le scileanna a fhorbairt. An bhfuil na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha réidh chun dlús a chur le leithdháileadh chistí an Aontais i bhfoirm tionscadail phíolótacha? An bhfuil siad réidh chun straitéisí agus pleananna gníomhaíochta áitiúla agus réigiúnacha a chur ar bun agus chun tuilleadh maoinithe a chur ar fáil le haghaidh tionscnaimh nua?  

Ós rud é go bhfuil ról nach beag ag cistí an Aontais i maoiniú oideachais agus i mbeartais a bhaineann le scileanna a fhorbairt ar an leibhéal áitiúil, creidim go bhfuil na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha réidh chun dlús a chur le leithdháileadh na gcistí sin. I gcás na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i roinnt réigiún de chuid an Aontais, is orthu sin atá an fhreagracht bainistiú díreach a dhéanamh ar institiúidí fo-ordaithe sna réigiúin éagsúla. I mo réigiún féin, Contae Harghita, mar shampla, déanann siad bainistiú ar na hospidéil, ar na lárionaid chultúrtha agus ar sheirbhísí tarrthála sléibhe, i measc institiúidí fo-ordaithe eile. A bhuí lena bhfreagrachtaí poiblí agus polaitiúla agus lena dtaithí i mbainistiú buiséid, beidh sé ar a gcumas freisin bainistiú a dhéanamh ar chistí meara an Aontais chun tionscadail a bhaineann le scileanna a chur chun feidhme. Agus freagrachtaí lárnacha acu ó thaobh beartais oideachais agus oiliúna de, mar aon leis an ról tábhachtach atá acu ó thaobh beartais don óige agus beartais fostaíochta de, tá na cathracha agus na réigiúin in ann cláir, tionscadail phíolótacha agus beartais tacaíochta a sheoladh le haghaidh na réimsí sin a bhaineann le cuspóirí an Chláir Oibre Scileanna.

Le linn ghéarchéim COVID-19, d’éirigh le formhór na gcóras oideachais freagairt go tapa agus go solúbtha do na dúshláin nua agus i roinnt Ballstát, cuireadh dlús mór le digiteáil na gcóras oideachais. Mar sin féin, i roinnt réigiúin bhochta agus i roinnt pobail faoi mhíbhuntáiste, tá fadhbanna maidir le rochtain ar uirlisí digiteacha agus tá limistéir fós ann nach bhfuil aon rochtain cheart idirlín iontu. Conas is féidir leis an Aontas Eorpach agus leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha cur le chéile chun dul i ngleic leis na fadhbanna sin, ar fadhbanna iad atá leabaithe go háitiúil agus nach léirítear, ach ar éigean, sna sonraí réigiúnacha agus náisiúnta ginearálta?  

Ní mór do na hidirghabhálacha beartais sin de chuid an Aontais teacht leis an gcomhthéacs réigiúnach ar leith. Cuirimid é sin i dtreis sa tuairim atá á dréachtú againn faoi láthair agus tugaimid le fios freisin nach n - oibríonn aon “chur chuige uileghabhálach” amháin do na réigiúin ar fad. Sa togra tógtar ar an taithí atá ag roinnt réigiún maidir le rochtain ar uirlisí digiteacha, ar rochtain í a bhí ríthábhachtach le linn phaindéim COVID-19. Tá roinnt bealaí ann trínar féidir leis an Aontas tacú leis na réigiúin uile, rud a chinnteodh nach bhfágfaí aon réigiún ar gcúl. Ar an gcéad dul síos, tá gá le cur chuige comhtháite chun bearta cistiúcháin a mhúnlú: tá níos mó i gceist le soláthar oideachais dhigitigh ná ardán oideachais agus oiliúint i scileanna digiteacha a mhaoiniú óir is cuid de freisin bonneagar amhail rochtain ar leathanbhanda i réigiúin nach bhfuil go maith as agus rochtain ar ríomhairí agus ar ríomhairí glúine. Ar an dara dul síos, ba cheart don Aontas cur leis an gcomhar agus leis an malartú taithí idir córais oideachais agus curaclaim éagsúla de réir riachtanais na ndaoine agus, i gcás daoine atá eisiata go sóisialta nó atá leochaileach, ba cheart dó aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist maidir le rochtain a bheith acu ar oideachas agus oiliúint ar ardchaighdeán. Agus an meall mór ar deireadh, ba cheart don Choimisiún smaoineamh ar ardán Eorpach a chur ar bun do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha lena gcuirfí rogha dea-chleachtas ar fáil, lena dtacófaí le straitéisí agus pleananna gníomhaíochta maidir le hathléimneacht a fhorbairt agus a d’fheidhmeodh mar spreagadh le haghaidh tionscnaimh áitiúla agus réigiúnacha nua. 

Sa tuairim seo uait, cuireann tú i dtreis a thábhachtaí atá an Comhaontú Glas don Eoraip mar aon leis na hiarmhairtí atá aige ar fhostaithe i bhformhór na n - earnálacha. Conas is féidir leas a bhaint as beartais chun cabhrú le fostaithe tuiscint shoiléir a fháil ar an domhan atá i mbun athraithe agus conas is féidir a chur ar a súile dóibh go mba cheart dóibh deiseanna nua a lorg agus athléimneacht a thógáil?  

A bhuí le beartais de chuid an Aontais, ba cheart an deis a bheith ann cláir tacaíochta a sheoladh ina dtabharfar aghaidh ar réimsí eacnamaíocha sonracha agus ar spriocghrúpaí sonracha sna hearnálacha sin a bhfuil tionchar ag an aistriú glas orthu. Faoi chláir den sórt sin, ní mór fostaithe sna hearnálacha dianfhuinnimh a chur ar an eolas faoi na dúshláin atá rompu agus na deiseanna atá ann dóibh mar thoradh ar an aistriú digiteach agus glas. Chun tacú le spriocghrúpaí, ar dtús, ní mór tuiscint níos fearr a chothú ar na riachtanais agus ar na deiseanna i ngach earnáil a bhaineann le scileanna ar an leibhéal réigiúnach, go háirithe na riachtanais agus deiseanna a bhaineann le carranna a mhonarú, an fhoirgníocht, na seirbhísí tógála, na tionscail deartha agus chruthaitheacha, an chógasaíocht agus earnáil an bhia. Anuas air sin, tá gá le deiseanna uas-scilithe agus/nó athscilithe a chruthú do dhaoine fásta ar bheagán cáilíochtaí chun cabhrú leo dul isteach nó fanacht i margadh an tsaothair. Chabhródh sin le rátaí dífhostaíochta arda agus beartais fhéideartha déine a sheachaint. Ó thaobh athléimneachta de, níor cheart an bhéim a bheith ar na fostaithe atá ann cheana féin, agus orthu sin amháin, ach freisin ar na mic léinn ar cheart dóibh scileanna áirithe a fhoghlaim le linn a mblianta scolaíochta.  

Agus an tuairim á hullmhú agat, reáchtáladh roinnt comhairliúchán ar nós an chomhairliúcháin i scríbhinn ar líne leis na geallsealbhóirí agus na gcruinnithe déthaobhacha ar líne idir an Coimisiún Eorpach agus an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (CEDEFOP). Maidir leis an gcomhairliúchán le CEDEFOP, cad iad na príomhábhair imní a tháinig aníos i rith an phlé? Cad iad na gníomhaíochtaí agus na pleananna a mhol CEDEFOP chun cabhrú leis an gCoimisiún díriú ar shaincheisteanna áitiúla agus réigiúnacha agus chun ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a shainiú?  

Sna comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí éagsúla, cuireadh moltaí an-úsáideach faoinár mbráid a chuaigh chun tairbhe dúinn agus an tuairim sin á hullmhú. Chuir CEDEFOP i dtreis go bhfuil sé tábhachtach lámh chúnta a thabhairt do dhaoine ar bheagán scileanna. Ós iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha is mó atá ar an eolas faoina réigiúin féin, is iadsan is fearr chun an lámh chúnta sin a thabhairt do na daoine sin agus chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin áitiúla. Dá bhrí sin, ní mór beartais a idirdhealú ó chéile agus gnéithe áitiúla a chur san áireamh iontu. Ar a mhuin sin, ní mór cineálacha éagsúla comhpháirtíochtaí a chur san áireamh sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint tosaigh (is córais oideachais láraithe iad sin den chuid is mó), mar shampla comhpháirtíochtaí le hinstitiúidí oideachais agus oiliúna, le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus le cuideachtaí, i measc eagraíochtaí eile. Is iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha is fearr atá in ann na naisc sin a eagrú idir comhpháirtithe ar an leibhéal áitiúil.

Tuilleadh eolais

I mí Iúil 2020, thíolaic an Coimisiún Eorpach an Clár Oibre nua Scileanna don Eoraip , a bhfuil sé mar aidhm leis feabhas a chur ar ábharthacht na scileanna atá ar fáil san Aontas d’fhonn iomaíochas inbhuanaithe a neartú, d’fhonn cothroime shóisialta a chinntiú agus d’fhonn athléimneacht na hEorpa a chothú. Faoin gClár Oibre, leagtar spriocanna uaillmhianacha síos le haghaidh uas-sciliú (na scileanna atá ann cheana a fheabhsú) agus le haghaidh athoiliúna (oiliúint i scileanna nua) a bheidh le baint amach sna cúig bliana amach romhainn. Mar shampla, leagtar amach faoin gClár Oibre go mba cheart do 50 % de dhaoine fásta (idir 25 agus 64 bliana d’aois) clárú le haghaidh cúrsaí oiliúna gach bliain agus go mba cheart bunscileanna digiteacha a bheith ag 70 % de dhaoine fásta (idir 16 agus 74 bliana d’aois) faoi 2025.

Samhail den rannpháirtíocht chomhroinnte i ndáil le forbairt scileanna san Aontas is ea an Comhshocrú do Scileanna a sheol an Coimisiún Eorpach i mí na Samhna 2020 agus áirítear an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach ann. Comhaontaíonn sínitheoirí an Chomhshocraithe cloí le príomhphrionsabail na Cairte agus seasamh leo: (1) cultúr na foghlama ar feadh an tsaoil do chách a chur chun cinn, (2) comhpháirtíochtaí láidre scileanna a chothú, (3) faireachán a dhéanamh ar an soláthar/éileamh scileanna agus na riachtanais ó thaobh scileanna a bheidh ag teastáil a thuar agus (4) oibriú i gcoinne an idirdhealaithe agus ar son an chomhionannais inscne agus an chomhionannais deiseanna.

Teagmháil phreasa: pressecdr@cor.europa.eu

Roinn :