Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Tá comhpháirtíocht seolta ag CnaR agus ag an gCoimisiún Eorpach chun cuidiú leis na húdaráis áitiúla imircigh a lánpháirtiú sa tsochaí agus an Comhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann a chur chun feidhme  

Thug Uachtarán CnaR, Apostolos Tzitzikostas, agus an Coimisinéir Ylva Johansson fógra faoin gcomhpháirtíocht le linn sheisiún iomlánach CnaR

Tá an Coimisiún Eorpach agus Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) ag dul i bpáirt le chéile chun comhpháirtíocht nua a fhorbairt d’fhonn tuilleadh tacaíochta a thabhairt don obair atá á déanamh ag cathracha agus réigiúin an Aontais i dtaca leis an lánpháirtiú. D’fhógair Uachtarán CnaR, Apostolos Tzitzikostas, agus an Coimisinéir Eorpach um Ghnóthaí Baile, Ylva Johansson, an chomhpháirtíocht ag seisiún iomlánach CnaR inniu.

Tacóidh an chomhpháirtíocht nua maidir leis an lánpháirtiú le cathracha agus réigiúin san Aontas trí thrí phríomhshraith oibre:

Idirphlé oscailte agus rialta a chothú idir institiúidí an Aontais agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir leis an lánpháirtiú;

Cur le hacmhainneacht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach agus malartú taithí a chur chun cinn eatarthu;

Feabhas a chur ar an bhfianaise agus na sonraí atá ar fáil ar an leibhéal áitiúil i dtaca leis an lánpháirtiú.

Cuirfidh an chomhpháirtíocht leis an gcomhar seanbhunaithe atá ann idir an Coimisiún Eorpach agus CnaR faoi thionscnamh na gCathracha agus na Réigiún ar son na Lánpháirtíochta , tionscnamh a sheol CnaR in 2019 chun ardán polaitiúil a thabhairt do mhéaraí agus ceannairí réigiúnacha na hEorpa sa chaoi is gur féidir leo faisnéis a chomhroinnt agus samplaí dearfacha a thaispeáint d’imircigh agus dídeanaithe á lánpháirtiú sa tsochaí.

Dúirt Apostolos Tzitzikostas (EL/PPE), Uachtarán CnaR agus Gobharnóir na Macadóine Láir, an méid seo a leanas: “ Is dúshlán don Aontas Eorpach ina iomláine í saincheist na himirce, agus ní hamháin do roinnt bheag Ballstát. Ní mór don Aontas tacú leis na réigiúin, na cathracha agus na hoileáin – mar shampla Lesbos, Lampedusa agus na hOileáin Chanáracha – atá sa líne thosaigh ionas gur féidir leo seirbhísí tacaíochta, seirbhísí lánpháirtíochta agus seirbhísí eile a chur ar fáil d’imircigh nuathagtha. Cé go bhfuil roinnt mhaith cleachtas rathúil agus nuálach curtha i bhfeidhm ag na húdaráis áitiúla ar mhaithe leis an lánpháirtiú, tá dúshláin fós le sárú acu ó thaobh rochtain a fháil ar mhaoiniú, ar shonraí agus ar eolas, go háirithe i mbailte beaga agus i gceantair thuaithe. Tacóidh an chomhpháirtíocht lena n - iarrachtaí agus cuirfear in iúl go soiléir go bhfuil an tAontas ag seasamh leo agus aghaidh á tabhairt acu ar an iliomad dúshlán atá rompu”.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an gCoimisinéir, Ylva Johansson : “ Is ann don lánpháirtiú i ngach sráidbhaile, cathair agus réigiún ina bhfuil cónaí ar imircigh, ina n-oibríonn siad, ina ndéanann siad staidéar agus ina nglacann siad páirt i ngníomhaíochtaí amhail spórt. Cuireann na húdaráis áitiúla seirbhísí riachtanacha ar fáil, amhail cúram sláinte, tithíocht agus oideachas. Eagraíonn siad gníomhaíochtaí spóirt agus cultúrtha trína mbuaileann nuatheachtaithe le daoine áitiúla agus trína ndéanann siad cairdeas. Tá mé ag tnúth go mór le bheith ag obair níos dlúithe le CnaR chun tacú leis na cathracha agus na réigiúin ina gcuid iarrachtaí lánpháirtíochta.

Tá ról lárnach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir leis an lánpháirtiú sóisialta agus an dlúthpháirtíocht agus, ar an ábhar sin, is cúis áthais dom go n-aithníonn an Coimisiún Eorpach gur príomhghníomhaithe iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus, in ionad a bheith ag obair i gcomhar leo, go bhfuil sé beartaithe aige na bardais agus na réigiúin a chur i gcroílár a chláir ,” arsa Mark Speich (DE/PPE), Státrúnaí um Ghnóthaí Cónaidhme, Eorpacha agus Idirnáisiúnta Réigiún na Réine Thuaidh-Viostfáile agus cathaoirleach ar an g Coimisiún um Shaoránacht, Rialachas, Gnóthaí Institiúideacha agus Seachtracha (CIVEX).

Tiocfaidh CnaR ar chomhaontú faoina mholtaí i dtaca leis an gComhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann ag an seisiún iomlánach a bheidh aige i mí an Mhárta 2021. Dúirt rapóirtéir CnaR, Antje Grotheer (DE/PSE), Leas - Uachtarán Pharlaimint Chathair Bremen, an méid seo a leanas: “ Tá i bhfad níos mó i gceist leis an réiteach ar dhúshlán na himirce ná díreach imircigh agus dídeanaithe a ghlacadh. Is é sin an fáth gur cuid lárnach de chur chuige iomlánaíoch i leith na himirce é an Plean Gníomhaíochta maidir leis an Lánpháirtiú agus leis an gCuimsiú, lena gcuirtear údaráis áitiúla agus réigiúnacha i gcroílár na ngníomhaíochtaí chun an t-idirdhealú a chomhrac, borradh a chur faoin lánpháirtiú agus rochtain chothrom ar earraí agus seirbhísí poiblí a chinntiú d’imircigh. Ní hamháin go mbíonn sochaithe cuimsitheacha níos cothroime, ach is minic a bhíonn rath orthu freisin, agus is ar leibhéal an phobail a thosaíonn an obair seo.”

CÚLRA

Dar le hUachtarán Choiste Eorpach na Réigiún, is díol sásaimh é an togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh Comhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann , ar tionscnamh é a bhfuil gá leis agus a d’fhéadfadh – má fhormheastar é – cuidiú le pobail athléimneacha a chothú, maille leis an imirce a bhainistiú. Chuir sé an méid sin in iúl le linn díospóireacht inar iarr an Coimisinéir Eorpach, Ylva Johansson, ar na réigiúin agus na cathracha leas a bhaint as an maoiniú breise ón Aontas atá ar fáil chun tacú le lánpháirtiú na n-inimirceach.

Is cuid lárnach den Chomhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann – a cuireadh i láthair den chéad uair i mí Mheán Fómhair 2020 – é an Plean Gníomhaíochta maidir leis an Lánpháirtiú agus leis an gCuimsiú, a dréachtaíodh i mí na Samhna. Tá foráil sa chéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais maidir le méid níos mó maoinithe ón Aontas a chur ar fáil le haghaidh tionscadail agus cláir lánpháirtíochta don tréimhse 2021-2027.

I mí an Mhárta 2019, bhunaigh CnaR tionscnamh na gCathracha agus na Réigiún ar son na Lánpháirtíochta – #regions4integration – agus is é is aidhm dó cathracha agus réigiúin a thabhairt le chéile ar mian leo an taithí atá acu ar bheartais lánpháirtíochta a chomhroinnt agus tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi le maoiniú a fháil ón Aontas don obair atá á déanamh acu chun imircigh a lánpháirtiú i bpobail agus geilleagair áitiúla.

Fógraíodh an sciar is déanaí den mhaoiniú atá ar fáil ón Aontas – EUR 37.2 milliún san iomlán – ag deireadh mhí na Samhna agus tacóidh an t-airgead sin le tionscadail a bhfuil sé d’aidhm leo cuidiú a thabhairt do leanaí imirceacha agus d’íospartaigh na gáinneála, rochtain ar sheirbhísí bunúsacha a éascú, imircigh a chur san áireamh agus beartais lánpháirtíochta á gceapadh agus á gcur chun feidhme agus tacú le comhpháirtíochtaí ilgheallsealbhóra a fhorbairt.

Tuilleadh eolais:

Tá na grianghraif ón 141ú seisiún iomlánach de Choiste Eorpach na Réigiún ar fáil i ngailearaí Flickr CnaR .

Teagmháil:

Andrew Gardner

Teil. +32 473 843 981

andrew.gardner@cor.europa.eu

Roinn :